Nuair a bhí mise meánaosta (ní raibh mé riamh óg), bhíodh cotadh éigin orainn faoin ghlacaireacht aonair.
Déanta na fírinne, is léir nach raibh ach buneolas againne ar an ábhar mar níor ghnách linn an aidiacht sin ‘aonair’ a chur leis an ghníomh ar chor ar bith; ach feicim anois ó fuck.all.ie go bhfuil a leithéid de rudaí agus ‘glacaireacht’, ‘glacaireacht aonair’ agus ‘comhghlacaireacht’ ann, cibé cén oibríocht chasta atá sa ‘chomhghlacaireacht’.
B’fhéidir go gcuireann tú scairt ghutháin ar chara leat roimh ré agus go ndeir tú rud éigin cosúil le, “Éist, a mhic, tá adharc ar dóigh orm agus tá mé ag dul go teach an asail le staidéar ceart a dhéanamh uirthi, má thuigeann tú mé. Déan tusa an rud céanna agus malartóidh muid nótaí i ndiaidh cúig bhomaite.”
Ach na laethanta seo, is beag am a chuirim an raidió gan sreang ar siúl nach gcluinim láithreoir éigin – mná cuid acu – ag caint gan aiféala faoi chruachás an wank, nó faoi ghéarchéim wankóirí na tíre.
A leithéid d’oscailteacht neamh-Ghaelach ar chúrsaí leathair níor chuala mé ariamh!
Agus ar aerthonnta beannaithe Raidió Éireann fiú!
Má leantar leis an nós nua seo an fhírinne lom(nocht) a chur os comhair an phobail, beidh ar ár gcuid polaiteoirí post nua a aimsiú go gasta cheal aithne acu ar fhírinne de shórt ar bith.
Ní bheidh sé furasta acu post a aimsiú mar – agus níl mé iomlán cinnte gur thuig mé an argóint seo i gceart ar an raidió – tá baint éigin le deacrachtaí wankóirí na tíre leis an mhéadú a tháinig ar an dífhostaíocht.
Ní fheadar cad chuige seo: nach bhfuil an luach céanna ar jab láimhe is atá ar jab ar bith eile?
Ní uaigneach a bheidh na polaiteoirí sa scuaine dóil cibé ar bith, mar tuigtear dom go bhfuil an chuid is fearr de wankóirí an stáit i ndiaidh éirí as.
Más amhlaidh atá, bheartaigh mé go dtiocfainn (stadaigí…) i gcomharbacht orthu agus go mbainfinn triail ag an am céanna as an inghlacthacht nua phoiblí atá ag an ghlacaireacht.
Sin mé barrtha as caifé sráide eile taobh thiar de Shráid Grafton, ar dheis.
Aimseoidh mé ceann acu ina ndíoltar cupán ceart tae ar an ráta seo.
B’fhéidir nach ndeachaigh mé i dtaithí go fóill ar an nós nua seo caife a ól – fiú an ‘caife gan chaife’ a ordaíonn cuid mhór daoine, nó an é sin an cód le haghaidh cupán tae a fháil sna siopaí sin? – ach cuireann sé iontas orm cé chomh faiseanta is a d’éirigh mo sheanraidió gan sreang, fiú má théann sé deacair orm an ceallra a choinneáil fliuch an t-am ar fad.
Cluinim na boic óga uile ag maíomh i gcónaí as an ghleás seo nó an gléas siúd gan sreang atá díreach faighte acu, agus seo mé ag éisteacht le raidió gan sreang ón lá fónta seilge sin a chaith mé sna Rosaibh sna daichidí.
(Muna dtuigeann sibh an tagairt sin, gabhaigí agus léigí an leabhar as ar éalaigh mé, An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, Dia idir sinn agus an drochrud.)
Anois, ar ábhar ar fad eile, tuigtear dom go bhfuil fadhb mhór airgeadais ag tír seo na naomh is na scoláirí faoi láthair.
Mo nuar, ní amháin go bhfuil an fhadhb seo mór, ach níl sí inréitithe, mar d’éist mé le gach saineolaí ar an ábhar agus theip orthu an fhadhb a mhíniú fiú, gan trácht ar réiteach a fháil uirthi.
Le fadhb chomh mór is chomh casta is atá an ceann seo, níl ach an t-aon chur chuige amháin ann.
Cuir an cheist ar dhéagóir: nach eol don saol go bhfuil fios gach ruda acusan?
Nochtfainn féin an fhuascailt daoibh ach amháin nach raibh mé riamh i mo dhéagóir: gineadh sean mé, agus is mar sin a fhanfaidh mé, is dócha.
Ach éist, tá cead agaibh triail a bhaint as an chomhairle seo.
Deirtear liom go bhfuil drochthionchar ag an easpa caiteachais ar an fhadhb airgeadais atá againn.
Ach an bhfeiceann sibh na bainc sin ar leo na cártaí creidmheasa atá i seilbh achan duine? Níl aon chinnteacht ann go mbeidh siad anseo amárach, agus imeoidh ár gcuid fiachra leo.
Ná bíodh aon staonadh oraibh ón chaiteachas, mar sin.
Agus má leanann an rialtas leis an bheartas atá aige faoi láthair, ba linne na bainc uile roimh i bhfad, agus má tá fiacha agat ort féin, ar ndóigh ní gá iad a ghlanadh.
An Seanduine Liath








