logo

SÍNTIÚIS

glac-pairtAr mhaith leatsa cabhrú leis an fhorbairt is beoga sna meáin Ghaeilge ó bunaíodh TG4? An gcreideann tú gur chóir go mbeadh foilseachán clóite ardchaighdeáin ag na Gaeil atá in ann seasamh taobh leis na hirisí is fearr in aon teanga ar domhan?

Tá muidne ar aon intinn leat.

Foilsítear eagrán nua de NÓS gach mí agus é lán de cheol, scannáin, teicneolaíocht, taisteal, leabhair, dearadh agus eile.

Mar aon le gach togra i dteanga mhionlaithe, tá ár n-áiseanna teoranta agus ní féidir linn iris den scoth a sholáthar gan chuidiú ón phobal as a dtagann muid, gan tacaíocht ó dhaoine a bhfuil an fhís chéanna acu.

Ceann de na bealaí is éifeachtaí chun cuidiú le NÓS agus chun páirt a ghlacadh in athéirí na Gaeilge ná síntiús bliana a ghlacadh amach.

Le síntius bliana faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí, cabhraíonn tú le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach agus coinnítear tú ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS.

CHUN DO NÓS FÉIN A DHÉANAMH, ROGHNAIGH SÍNTIÚS THÍOS:


 Éire €50

Paypal Subscribe


An Eoraip €80

Paypal Subscribe


An Domhan €90

Paypal Subscribe


IS FÉIDIR ÍOC LE SEIC CHOMH MAITH ACH É A SCRÍOBH DO ‘NÓS’ AGUS A CHUR CHUIG:

NÓS
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH

 

GRMA…!  DÉAN NÓS.   BRIS NÓS.   LÉIGH NÓS.