An scannán leantach ar Batman Begins, tá Christian Bale ar ais sa chulaith dhubh agus é ag éirí go measartha maith in éadan choirpigh an domhain, le cuidiú na bpéas Jim Gordon (Gary Oldman) agus Harvey ‘Two-Face’ Dent (Aaron Eckhart).
Tá scáth dorcha de shaghas éigin eile ar an Dark Knight áfach mar gurb é seo an scannán deiridh a rinne Heath Ledger sula bhfuair sé bás.
Is mór an t-éacht atá déanta ag an aisteoir Astrálach i bpáirt an Joker, príomhnamhaid Batman uair amháin eile, agus tugann a thaispeántas cumhacht sa bhreis don íomhá ar fad. Leantar an choimhlint idir an bheirt go deireadh an tsaothair le buaic mhór a mbeifeá ag súil leis i scannán ollmhór aicsin den chineál seo.
Is díol suntais chomh maith í an fhoireann an-cháiliúil a cuireadh le chéile dó, le Michael Caine, Morgan Freeman, Maggie Gyllenhaal agus an tÉireannach Cillian Murphy uilig páirteach ann.




