Chonaic mé réamhbhlaiseadh an scannáin seo agus mé ag féachaint ar Zack and Miri Make a Porno agus d’fhéach sé greannmhar go leor.
Bhí jócanna anseo agus ansiúd a chuir ag gáire mé mar gheall ar an ngairsiúlacht ainspianta a bhain leo agus rith sé liom nach bhféadfá scannán tubaisteach a dhéanamh le Paul Rudd ann ar aon nós.
Ach le bheith féaráilte, ní raibh clú agam cé chomh greannmhar, tarraingteach, rómánsúl ná gníomhach a bheadh an scannán. Tá chuile shórt ann, do chuile dhuine.
In ainneoin na droch-theanga agus na gairsiúlachta, d’fhéadfá do dhéarthair óg agus do mháthair a thógáil chuig an scannán seo.
Is ionadaí margaíochta é Danny (Rudd) a théann ó scoil go scoil ag déanamh fógraíochta don deoch fuinnimh ‘Minotaur’ lena chomhghleacaí díograiseach, Wheeler (Seann William Scott leis an páirt a bhíonn aige i ngach scannán a mbíonn sé ann).
Is fuath le Danny an post agus tá droch-dhearcadh aige ar an saol i gcoitinne.
Lá amháin, i ndiaidh dá chailín briseadh suas leis, éiríonn sé chomh feargach go milleann sé a ghluaisteán oibre i dtimpiste carr (le bheith fírinneach is deacair cur síos éifeachtach a dhéanamh ar an ngreann sa phíosa seo).
Mar phíonós, seachas dul go príosún ar feadh tréimhse 30 lá, bíonn air siúd agus Wheeler aire a thabhairt agus am a chaitheamh le pleidhce do pháiste agus déagóir an-aisteach ar fad.
Tríd síos an scannán, tagann an ceathrar le céile i scéal éadrom, ach amannta a théann do chroí go hiomlán. Ait is atá sé mar scéal, críochnaíonn sé leis an troid claímh is fearr dá bhfaca mé ó bhí Antonio Banderas ag léim timpeall mar Zorro roinnt blianta ó shin.
Ar an iomlán, tá an scannán seo le moladh go hard.
Is fada ó bhí scannán grinn Meiriceánach le haon mhaitheas ag baint leis sa phictiúrlann gan ainm Judd Apatow nó Seth Rogen bheith luaite leis.
Is deas chomh maith scannán de chuid léiritheoirí eile a fheiscint agus tá súil agam go gcloisfear níos mó fós faoi Paul Rudd agus Seann William Scott amach anseo, mar is iontach an jab atá déanta acu beirt anseo.
Roibeárd Ó Conchúir





Táim díreach théis cloisteáil faoin suíomh ar RnaG, agus faoin obair atá ar bun agaibh. Maith sibh!
Faoin scannán seo thuas, cuireadh iontas orm gur bhaineas taitneamh as ach rinne. Seann W S, ana-dheas!
An-ghreannmhar ar fad, ní bheidh mé ag breathnú air arís, ach bhí sé taitneamhach!
Níor thaitin an scannán seo liom ar chor ar bith, bhí sé amaideach ach ní raibh sé sin greannmhar sa scannán seo, cé gur thaitin an greann liom i scannáin cosúil leis seo (superbad srl). Scannán uafásach!!