In Bruges

Seo an chéad mhórscannán ón scríbhneoir/stiúrthóir Martin McDonagh cé go bhfuil duaiseanna buaite aige dá dhrámaí The Lieutenant of Inishmore agus The Pillowman.

Sa scéal seo, tagann beirt hitmen Éireannacha (Colin Farrell agus Brendan Gleeson) go Bruges – sa Bheilg! – chun éalú óna dtír dhúchais tar éis dóibh sagart a mharú, Agus iad sa chathair tagann a saoiste Sasanach orthu agus ní mó ná sásta atá sé leis an bheirt a theith.

Déanann na hÉireannaigh sáriarracht fanacht faoi cheilt sa bhaile mór Beilgeach, iad ag cur i gcéill gur turasóirí iad, ach is beag an difear a dhéanann sé agus tosaíonn an spraoi ar fad go luath ina dhiaidh sin.

Oibríonn Gleeson agus Farrell go hiontach lena chéile, an-chaidreamh eatarthu ar an scáileán, agus cothaíonn siad an greann go héasca. Is plota sultmhar é seo gan aon agó atá lán den ghnáthchraic Éireannach, nó Bleá Cliathach go fiú, agus moltar dul agus breathnú air seo chomh luath agus is féidir.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , ,

Freagra amháin ar “In Bruges”

  1. Sam
    23.02.2009 ag 00:13 #

    Scannán den chéad scoth atá ann… molfainn do gach éinne é a fheiceáil! Bhaineas an-taitneamh as. Tá Ralph Fiennes thar a bheith greannmhar ann.

Tabhair Freagra