Ba é Slumdog Millionaire a thóg leis rogha na nduaiseanna ag ócáid bhronnta na ngradam Oscar in Hollywood aréir, ocht ngradam buaite aige as 10 ainmniúchán. Seo thíos liosta iomlán de bhuaiteoirí 2009:
SCANNÁN IS FEARR: “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
PRÍOMHAISTEOIR IS FEARR: Sean Penn in “Milk” (Focus Features)
PRÍOMH-BHANAISTEOIR IS FEARR: Kate Winslet in “The Reader” (The Weinstein Company)
STIÚRTHÓIR IS FEARR: Danny Boyle as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
SCANNÁN I dTEANGA EACHTRANNACH: “Departures” – An tSeapáin (Regent Releasing)
AISTEOIR TACA IS FEARR: Heath Ledger in “The Dark Knight” (Warner Bros)
BANAISTEOIR TACA IS FEARR: Penelope Cruz in “Vicky Cristina Barcelona” (The Weinstein Company)
BUNSCRIPT SCANNÁIN: Dustin Lance Black as “Milk” (Focus Features)
SCRIPT OIRIÚNAITHE SCANNÁIN: Simon Beaufoy as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
PRÍOMHSCANNÁN BEOCHANA: Andrew Stanton as “WALL-E” (Walt Disney)
GEARRSCANNÁN BEOCHANA: Kunio Kato as “La Maison en Petits Cubes” (A Robot Communications Production)
STÍURADH EALAÍNE: Donald Graham Burt agus Victor J. Zolfo as “The Curious Case of Benjamin Button” (Paramount agus Warner Bros)
DEARADH FEISTIS: Michael O’Connor as “The Duchess” (Paramount Vantage, Pathe agus BBC Films)
SMIDEADH: Greg Cannom as “The Curious Case of Benjamin Button” (Paramount agus Warner Bros)
CINEAMATAGRAFAÍOCHT: Anthony Dod Mantle as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
GEARRSCANNÁN BEOGHNÍMH: Jochen Alexander Freydank as “Spielzeugland (Toyland)”
GNÉCHLÁR FAISNÉISE: James Marsh agus Simon Chinn as “Man on Wire” (Magnolia Pictures)
GEARRSCANNÁN FAISNÉISE: Megan Mylan as “Smile Pinki”
ÉIFEACHTAÍ FÍSE: Eric Barba, Steve Preeg, Burt Dalton agus Craig Barron as “The Curious Case of Benjamin Button” (Paramount agus Warner Bros)
EAGARTHÓIREACHT FUAIME: Richard King as “The Dark Knight” (Warner Bros)
MEASCADH FUAIME: Ian Tapp, Richard Pryke agus Resul Pookutty as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
EAGARTHÓIREACHT SCANNÁIN: Chris Dickens as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
BUNSCÓR: A.R. Rahman as “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight)
BUNAMHRÁN: “Jai Ho” ó “Slumdog Millionaire” (Fox Searchlight), ceol le A.R. Rahman, focail le Gulzar





Nach gceapfá go raibh duais éigin tuillte ag Hunger?
drochchaighdeán ar aon bhealach, sílim..
Ní dóigh liom gur droch-chaighdeán is cúis le heaspa Hunger sna hOscars, bhain sé duaiseanna ag féilte eile scannán. Seans gur cúis pholaitiúil a bhí taobh thiar dó.
Cad a bhí i gceist agam ná nach raibh caighdeán ard le feiceáil sna Oscars i mbliana. Bhí Hunger i bhfad ró chomhaimseartha agus ealaíontacht chun an Oscars. Is comórtas na cáile é an Oscars ní comórtas na scannánaíochta, sílim.