Adventureland

Is iomaí scannán amuigh ansin leis an fhoirmle sheanchaite sin de chúpla déagóir Meiriceánach ag titim i ngrá le chéile le linn an tsamhraidh is fearr dá saolta.

Tá cuid acu greannmhar, cuid acu maoithneach agus téann cuid acu thar fóir ar fad.

Ach níl an mhórchuid acu leath chomh maith le Adventureland.

Bunaithe ar an taithí a bhí ag an stiúrthóir/scríbhneoir Greg Mottola an bhliain sula ndeachaigh sé ar ollscoil, leanann an scéal James (Jesse Eisenberg) atá ag iarraidh airgead a shábháil le dul ar choláiste iarchéime.

Níl mórán de rogha aige agus sa deireadh glacann sé post ag sean-pháirc siamsaíochta, nach bhfuil ar an tarraingt is stílmhara sa bhaile, d’fhéadfá a rá.

De réir a chéile áfach cuireann sé aithne ar a chomhoibrí Emily (Kristen Stewart) agus ag deireadh lá amháin oibre – 4 Iúil le bheith beacht – tosaíonn na tinte ealaíne agus, más mian leat, an cheimic eatarthu.

In ainneoin go bhfuil cuma an chlísé air sin ar fad, tá an scannán úr: éadrom agus greanmhar ar thaobh amháin ach téann sé i bhfeidhm ort ar an taobh eile.

Oibríonn na haisteoirí go maith le chéile agus is é an toradh ar a dtaispeántais ná saothar an-phearsanta agus sultmhar.

Cé go bhfuil sé suite sna 80í, tá an plota an-oiriúnach don lá atá inniu ann, go háirithe agus cúrsaí airgid níos teannta ná mar a bhí le roinnt blianta anuas, ach briseann an solas agus an dóchas tríd i gcónaí.

Is fiú go mór amharc ar an scannán iontach, as an ghnáth seo, faoi bheirt ag teacht in aibíocht.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , , ,

2 Freagra ar “Adventureland”

  1. Brasaíleach Bán Bán
    12.07.2009 ag 14:17 #

    Táime tar éis Adventureland a fháil amach ar DVD agus molaim go mór é.
    Mar a deirtear thuas, tá muid cleachta leis an bhforimle ach shíl mé féin go raibh an ceann seo sách úr, agus taiteamhach le breathú air.

  2. Cuairteoir
    14.07.2009 ag 11:17 #

    Chonaic mé seo le déanaí agus bhí sé ok.
    Ní an gnáthscannán Meiriceánach é ach ní raibh sé chomh difiriúíl sin domsa go ndéarfainn gur an-saothar é.

Tabhair Freagra