Tá an beochan an-atmaisféarach seo le feiceáil ar an scáileán beag anois, ach ní hé sin le rá go bhfuil sé oiriúnach do pháistí!
Suite i ndomhan scriosta ina bhfuil deireadh tar éis theacht leis an chine daonna, leanann 9 scéal an phríomhcharachtair den ainm céanna, ar cineál bábóige é agus ar chruthaigh eolaí é i móimintí deiridh a shaoil.
Agus 9 ag taisteal trí thírdhreach iar-apacailipteach, faightear amach gurbh iad róbait ar chruthaigh an cine daonna iad a rinne ionsaí ar an chine céanna agus go gcaithfidh 9 – agus ocht gcara bábóige eile – bun mhistéir an uafáis a aimsiú.
Ar an turas seo castar na droch-róbait orthu ar ndóigh agus ní mór dóibh bheith an-chruthaitheach le héalú uathu agus a sprioc a bhaint amach.
Cé nach bhfuil siad le feiceáil ar an scáileán féin, tá foireann an-aitheanta curtha le chéile ag Shane Ackner don bheochan – atá bunaithe ar ghearrscannán buach dá chuid féin – agus is é Elijah Wood a dhéanann guth 9, le Christopher Plummer, Jennifer Connelly agus Martin Landau i measc na nglórtha eile.
Éiríonn leis an stiúrthóir atmaisféar diamhair a chruthú le radhairc dhorcha agus is furasta lámh Tim Burton a aithint i léiriú an tsaothair chomh maith.
Is iad na grafaicí, a bhfuil an-obair déanta orthu, buaic an scannáin agus is iad, seachas nósanna na gcarachtar féin, a chuireann beocht sna pearsana éagsúla.
Is é an locht is mó ar 9 ná nach dtagann caighdeán an scéil le caighdeán na beochana, agus is cinnte go bhféadfadh an scannán bheith píosa beag níos faide chun plota níos iomláine a chur i láthair an bhreathnóra.
Mar sin féin, ardaíonn cás 9 agus a chairde roinnt ceisteanna faoi thodhchaí an chine dhaonna agus na teicneolaíochta, agus taitneoidh an t-eispéireas go mór leo sin a bhfuil dúil acu i scannáin a bhfuil atmaisféar alltarach, agus beochan den chéad scoth, ag baint leo.





Chonaic mé féin an scannán seo sa phictiúlann agus cé go bhfuil atmaisféar saghas ‘spooky’ ann, thaitin sé liom freisin. Is laoch é Tim Burton!