CCTV – cé atá ag faire ort?

Cártaí aitheantais, CCTV agus faireachas leictreonach; is iomaí dóigh atá ag an rialtas súil a choinneáil orainn go léir, ach an bhfuil barraíocht cumhachta ag ‘Deartháir Mór’ sa lá atá inniu ann?

Creidtear, i gcathair cosúil le Baile Átha Cliath, go mbeirtear ar an ghnáthdhuine 300 uair ag CCTV (nó TCI, Teilifís Chiorcaid Iata) in aghaidh an lae amháin. 

Samhlaigh mar sin, ar an bhealach chun na hoibre, ag siopadóireacht sa chathair, nó ar dháta le do ghrá geal, beidh tú i gcónaí faoi scáth an fhaireachais.

Deir na cumhachtaí móra go ndéanann ceamaraí TCI cosaint in éadan gadaíochta, coir fhoréigneach agus bruscar – i gcathracha áirithe san Eoraip tá ceamaraí a thugann íde béil do chiontóirí fiú!

cctv-camera

Ach caidé faoi chearta s’againn? Nach bhfuil príobháideachas níos tábhachtaí? 

Dar le criticeoirí, is féidir leis an rialtas tuairisc a choinneáil orainn ar fad, ag taifeadadh ár gcuid gluaiseachtaí trí TCI nó, níos measa arís, ár gcuid cártaí creidmheasa.

Déantar taifead gach uair a íocann muid le plaisteach,  agus sa domhan seo ina dhiaidh 9/11, ní bhíonn stró ar bith ag na póilíní na taifid siúd a fheiceáil.

Ciallaíonn seo gur féidir a rá go furasta cén áit a raibh tú go díreach ag cén t-am; i bhfocail George Orwell ón úrscéal iontach ‘1984’, “Tá Deartháir Mór ag faire ort.”

Is mar gheall ar sceimhlitheoireacht, dar leis an rialtas, go bhfuil an oiread sin socruithe cosanta de dhíth san aois seo.

Leoga, buíochas le ‘Acht an Tírghráthóra’ (nó ‘Patriot Act’), is féidir le seirbhís rúnda SAM éisteacht le scairteanna guthán, ríomhphost a léamh agus uimhreacha cártaí creidmheasa a bhailiú “leis an náisiún a aontú agus a neartú”.

B’ábhar conspóideach é cártaí aitheantais sa Bhreatain nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag páirtí an lucht oibre ceann bheith ag gach aon saoránach.

Cárta ar a mbeadh méarloirg, grianghraf agus scan súile sábháilte air a bhí i gceist, ach theip ar na pleananna nuair a labhair grúpaí cearta sibhialta ar nós ‘Liberty’ amach faoi. Níor cuireadh chun báis ar fad iad áfach, tá sé tagtha chun tosaigh go mbeidh ar imircigh cárta bheith acu má tá siad ag iarraidh fanacht sa tír.

Ach ní hé an stát amháin a bhíonn ag amharc orainn.

Fágtar fianáin (cookies) ar ár ríomhairí achan uair a thugann muid cuairt ar shuíomh idirlín a dhéanann taifead de caidé atá á cheannach againn, ag lorg agus ag amharc air.

Úsáideann comhlachtaí an t-eolas seo le fáil amach fúinn, a gcuid custaiméirí, i ngan fhios dúinn féin. 

Ach níor cheart dúinn gearán ar chor ar bith, dar le go leor daoine, nuair atá roinnt mhaith againn sásta ár saol pearsanta a fhoilsiú ar shuímh líonraithe cosúil le Bebo agus MySpace.

Bíonn gach rud ó áit chónaithe go haois agus grianghrafanna pearsanta ar fáil do dhuine ar bith muna mbíonn an próifíl príobháideach; in amanna ní chaithfidh tú ach ainm an duine a ghoogláil agus preabfaidh sé aníos.

Mar sin, caidé is féidir linn a dhéanamh má tá muid buartha faoin stát póilíneach?

Bhuel, chan mórán, a dearfaidh go leor, mar is í an fhírinne ná go gcaithfidh muid glacadh le cuid mhaith de na socruithe seo ós rud é gur dlí na tíre é.

Ach deirtear linn gan barraíocht eolais a thabhairt amach ar an idirlíon más féidir, agus le bheith airdeallach faoi ghrúpa ar bith a bhíonn ag lorg sonraí pearsanta uait.

Cá bhfios cén cineál modhanna faireachais eile atá romhainn sa todhchaí, ach cheana féin tá teicneolaíocht á forbairt ag ‘Deartháir Mór’ a aithneoidh aghaidh Thadhg an mhargaidh go díreach ó íomhánna TCI agus ag súil síos an tsráid… coinnigh súil ar an spás seo.  

Cillian de Búrca

Scéaltaí Eile:

  • Níl Scéaltaí Ábhartha Ann.

Clibeanna: ,

5 Freagra ar “CCTV – cé atá ag faire ort?”

  1. Normanach Eile
    23.02.2009 ag 14:15 #

    Níl’s'am cé atá ag faire ormsa ach táim féin ag faire ar an site nua iontach seo!
    Dála an scéil, an é seo an Búrcach atá bainteach leis an gCumann Gaelach in QUB?

  2. Dinky
    23.02.2009 ag 16:36 #

    Roinnt blianta ó shin bhí cara liom as Ard Mhacha Theas ag inse scéil dom faoi uair amháin agus é ag siúl ar ais abhaile. Bhí ceamara de chuid fórsaí slándála na Breataine ag bun an bhóthair agus ar chúis éigin luaigh sé an ceamara sa gcomhrá a bhí aige leis an duine a bhí in éineacht leis ag an am. Díreach tar éis dó an ceamara a lua, thionnaigh an ceamara thart agus lean sé iad ag siúl an bhóthair!
    Táim cinnte go bhfuil fórsaí agus peas ar fud an domhain ag faire orainn bealach amháin nó eile…

  3. Cú Chonnacht
    24.02.2009 ag 12:25 #

    Caithfidh mé a rá nach bhfuil fadhb dá laghad agamsa le TCI timpeall Baile Átha Cliath nó aon chathair eile ina bhfuilim. Tá a leithéid de fhaireachas ríthábhachtach chun coireacht in aghaidh daoine agus maoine a laghdú.
    De ghnáth is ionann TCI agus Garda ar chúinne sráide.

  4. Diarmuid Ó Muirgheasa
    24.02.2009 ag 15:05 #

    Níl aon fhadhb agam le ceamaraí, ach cheisteoinn an bhfuil ceamaraí dá leithead aon phioc chomh maith le Garda ar chúinne sráide. Léigh mé le déanaí go bhfuil rud éigin ar nós 90% de cheamaraí sa Bhreatain ar chaighdeán ró-íseal chun daoine a aithint sna pictiúir a ghlacann siad. Seans go mothaíonn sé rud beag níos sábháilte le ceamaraí ann, ach sa chás go dtarlaíonn coir n’fheadar cén maitheas a dhéanann siad.

    Diarmuid

  5. Gghrafadóir
    24.02.2009 ag 15:16 #

    Níl fadhb rómhór agam féin leis na ceamaraí, fhad is go mbaintear úsáid astu le haghaidh coir a stopadh.
    Ach is cinnte go bhfuil roinnt ceamaraí in ann daoine a aithint na mílte ar shiúl. Gabh chuig an suíomh seo http://gigapan.org/index.php go bhfeicfidh sibh!

Tabhair Freagra