EAGRÁN 0 AR FÁIL ANOIS

An tEarrach. Beocht úr le mothú san aer, loinnir i súile an domhain mhóir, rudaí nua ag teacht ar an saol. Is leis an splanc corraitheach sin a chuirtear fáilte romhaibh chuig an chéad eagrán seo de nós*, an iris Ghaeilge don nua-aois.

Agus nach iontach an nua-aois chéanna ina bhfuil muid beo?
Scannáin Ghaeilge ar taispeáint ar an scáileán mór, pop-amhráin Ghaeilge le cloisteáil ar na haerthonnta, bannaí ag ceol i nGaeilge ar an teilifís, na mílte ag freastal ar imeachtaí Gaeilge fud fad na cruinne. Tá nós* ag cur leis an liosta, agus ag an am céanna, ag tabhairt na ngnéithe éagsúla sin ar fad le chéile.

fócas de dhíth ar aon phobal bríomhar, áis a thugann deis do dhaoine léamh faoi, amharc ar agus sult a bhaint a bhfuil ag tarlú, ní hamháin i saol s’acu féin, ach sa saol mór chomh maith. Mar sin tá súil againn go dtaitneoidh an chéad ofráil seo libh - ó léirmheas CEOL ‘08 go dtí na t-léinte Gaeilge is fearr ar an bpláinéad, ón léargas ar phunc na Gàidhlig is na Breatnaise go nósanna leapa an Chailín sa Chathair - tá rud ann do chách.

Is libhse an iris seo. Bígí linn ar an turas.

ÍOSLÓDÁIL EAGRÁN 0
|