LIOSTA IMEACHTAÍ

nós* dírithe ar sheirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge - in Éirinn agus go hidirnáisiúnta - agus mar chuid de sin tá ár liosta imeachtaí a fhógraíonn na hócáidí is fearr a bhíonn ar siúl sa saol Gaelach.

Tá sé saor in aisce imeacht a chur sa liosta nó dá mba mhaith leat fógra níos mó a chur ar an iris, ní chosnóidh sé ach €20 ort, nó €50 ar feadh 3 mhí.

Seol rphost chuig
liosta@nosmag.com chun imeacht a chlárú.

Agus ag caint ar imeachtaí, i measc na mbuaic-ócáidí a bheidh ag titim amach an mhí seo chugainn tá Club Daon-Phoblacht Chorcaí, atá ar ais tar éis bhriseadh an tsamhraidh.

Tá a fhios mhaith ag na
Rebels conas cóisir cheart a reáchtáil mar chun tús a chur leis an séasúr nua beidh an Colin McLean Latin Trio, Na Ceapairí Grá agus DJ Liathróidí Móra ag cur na nGael ag bogadh Dé Céadaoin 3 Meán Fómhair. Mar is gnáth is sa Roundy a bheidh an chraic ar fad mar sin, más i gceantar Chorcaí atá tú, tá a fhios agat cad atá le déanamh!

|