SÍNTIÚIS AR FÁIL!
29/07/08 22:00 Rannóg: NUACHT
Tá an lá mór tágtha
faoi dheireadh.
Tar éis an túis iontach atá curtha le nós* ar líne tá an-ghliondar orainn a fhógairt gur féidir síntiús bliana do leagan clóite na hirise a cheannach anseo ón lá inniu ar aghaidh.
Mar is eol daoibh is foilseachán deonach é nós* mar sin tá cabhair ónár bpobal léitheoireachta ag teastáil chun an fhorbairt shuntasach seo a chur i gcrích agus chun an iris a chur ar fáil do shaol na Gaeilge.
Beidh nós* le ceannach in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear ach roimhe sin - agus chun an leagan clóite a chinntiú - ní mór dúinn 300 síntiús a fháil chun na príomhchostais a chlúdach.
Mar shíntiúsóir, sábhálfaidh tú airgead ar phraghas clúdaigh nós* agus seolfar an iris díreach chugat sa phost gach mí, rud a thosófar a luaithe is a bhaintear an 300 síntiúsóir sin amach.
Mar sin dá mba mhian leat an iris Ghaeilge is fearr ar domhan bheith i do lámha agat, glac síntiús bliana agus scaip an scéal!
Is féidir síntiús a cheannach le seic nó ar líne le cárta creidmheasa - breis eolais anseo.

|