VIRGIN nós*

Agus foireann nós* ag plé na bhféidearthachtaí ar fad don chéad eagrán eile, tháinig an scéal chugainn go raibh ceannaire Virgin, an billiúnaí Richard Branson, ag iarraidh an iris Ghaeilge is snasta ar domhan a cheannach ar shuim 6 figiúr.

Dar leis an ionadaí ó rannóg éadála Virgin a labhair le nós* go bhfuil an tUasal Branson den bharúil go bhfuil fás agus feabhas mór i ndán do shaol na Gaeilge sna blianta amach romhainn agus gur mhaith leis bheith mar chuid den fhorbairt chorraitheach seo.

“Tá an-spéis ag Richard ní hamháin sa togra seo ach sa Ghaeilge trí chéile,” arsa an t-ionadaí. “Chuaigh stíl na nGael i bhfeidhm go mór air - tá an t-léine 'Is Maith Liom Cáca Milis' ceannaithe aige cheana féin - agus ba mhaith leis gné Ghaelach a chur lena bhranda rathúil féin.”

Tuigtear go bhfuil dúil sa Ghaeilge ag an Uasal Branson mar gheall ar an
teoiric, a chum sé féin, gur de shliocht chú Fhionn Mhic Chumhaill é agus go bhfuil cumhachtaí speisialta aige dá bharr.

Luaigh an t-ionadaí gur thaitin ábhar
nós* go mór leis an fhear gnó ach, dá mbeadh an iris faoi smacht Virgin, nach mbeadh spás ann do cholún an Chailín sa Chathair.

Tá cainteanna oifigiúla idir an dá pháirtí le tosú go luath. Coinneoidh muid ar an eolas sibh.
|