EAGRÁN 1 AMUIGH

“Níor baineadh geit chomh sultmhar sin asam ó scóráil Ray Houghton i gcoinne na hIodáile i gCorn an Domhain ‘94.”

Ní líne ón leagan Éireannach de
Trainspotting é sin ach cur síos a rinne Gael amháin ar an chéad uair ar íoslódáil sé nós* an mhí seo caite.
Agus is deas an moladh é, dar linn.

Ba í an sprioc a leagadh síos nuair a bheartaigh muid ar
iris bhríomhar nua-aoiseach a chur ar fáil do phobal domhanda ár dteanga ná tionchar dearfach splancúil a imirt ar an saol thart orainn - seirbhís shiamsúil a sholáthar a spreagfadh ár léitheoirí agus a chuirfeadh in iúl go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa 21ú aois.

Agus ón aischothú atá faighte againn go dtí seo, síleann muid go bhfuil tús maith curtha leis an bpróiseas. Cuirfear lenár n-iarrachtaí i rith an ama ar ndóigh agus anois in
eagrán 1 tá rannóg úrnua ar chúrsaí teicneolaíochta agus go leor alt agus léirmheasanna eile chun an lá a chur isteach go sultmhar pléisiúrtha - fiú má deir muid féin é!

Mar aon leis an ghnáthleagan PDF, is féidir
nós* a léamh anois ar an gcóras úr Issuu chomh maith. Breathnóir nuálach é Issuu agus tá áthas orainn an iris a chur ar fáil i bhfoirm shnasta infhillte. Breathnaigh air anseo.

Cibé bealach a roghnaíonn sibh chun an t-eagrán seo a léamh,
bainigí súp as!
|