AN tUACHTAR REOITE IS TEO

Maith go leor, ar dtús, tuigeann muid nach uachtar reoite atá le feiceáil sa phictiúr sin go díreach ach thaitin sé linn agus chuir muid isteach é!

Anois go bhfuil sé sin as an mbealach, seans maith gur thug sibh faoi deara sa chéad eagrán go bhfuil
nós* sa tóir ar na siopaí is fearr sa tír a chuireann an bia blasta milis sin, uachtar reoite, ar fáil.

Is cuma cé chomh sean is atá tú - nó cé chomh maith is atá tú ag cloí leis an aiste is úire bia! - bíonn spás ag gach duine do chnap deas uachtair reoite agus, anois go bhfuil an aimsir ag éirí níos fearr ;-), tá muidne anseo ag
nós* ag iarraidh teacht ar na siopaí uachtair reoite is teo dá bhfuil ann.

Ní féidir linn tabhairt faoin obair seo linn féin áfach - d'fhéadfadh muid is dócha ach d'fhágfadh sé sin nach mbeadh an dara heagrán amuigh in am! - mar sin tá cabhair á lorg againn ónár léitheoirí iontacha.

Cad é an t-uachtar reoite is fearr leat féin?
Cén siopa nó seastán a dhéanann an cón is fearr?
Cén áit ag a bhfuil an t-oideas uachtair reoite is blasta in Éirinn?

Cibé moladh atá agat faoin ábhar fionnuar tábhachtach seo, fág trácht anseo nó cuir in iúl dúinn ag eolas@nosmag.com
|