20%...

Cúpla seachtain istigh san fheachtas don leagan clóite agus tá na síntiúis ag teacht isteach de réir a chéile, ach tá tuilleadh cabhrach uainn go fóill!

Faoi láthair tá 20% den 300 síntiús bainte amach (ár mbuíochas le gach síntiúsóir go dtí seo!) agus tá súil againn cur go mór leis an líon sin sna seachtainí beaga amach romhainn.

Ach, ar ndóigh, is
foilseachán deonach é nós* agus ní féidir linn an fhorbairt iontach seo a dhéanamh gan sibhse, ár léitheoirí!

Mar sin, má cheapann tú gur fiú iris stílmhar nua-aoiseach bheith ag pobal na Gaeilge - gur fiú
nós* bheith i do lámha agat - glac síntiús amach agus scaip an scéal i measc do lucht aitheantais.

Is fúinne atá sé - cainteoirí Gaeilge an domhain - ár saol agus
scene féin a chruthú agus creidimid ag nós* go bhfuil an spiorad againn ar fad sin a dhéanamh.

Cabhraigí linn an fhís seo a chur i gcrích. Cabhraigí linn an iris Ghaeilge is fearr riamh a chur ar fáil.

Breis eolais
anseo.
|