CEOL AGAT?
03/05/08 19:00 Rannóg: NUACHT
Tá dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile maidir le nuacheol Gaeilge a spreagadh agus a chothú agus ní gá ach amharc ar an rath a bhí ar an albam is déanaí de chuid Seachtain na Gaeilge - Ceol '08 - le feiceáil go bhfuil an-tóir air i measc an phobail.
Chun dlús a chur leis an bhfás agus leis an ardú spéise seo, tá nós* ag iarraidh cloisteáil ó bhannaí agus ceoltóirí a cheolann - nó a bhfuil sé i gceist acu ceol - as Gaeilge.
Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoil a chruthaíonn tú, má mheasann tú go bhfuil sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmháil linn ar eolas@nosmag.com
Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós* ach is féidir linn a chinntiú go mbeidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh maith.
Bígí ag ceol, bígí i dteagmháil!
|
