SPRAOI LÚNASA
28/07/08 12:00 Rannóg: NUACHT
Tá áthas ar
fhoireann nós*
go bhfuil an dea-aimsir
ar ais linn in Éirinn ar feadh tamaill agus súil
againn go bhfuil ár léitheoirí ar fud an domhain ag
baint an oiread craic as an samhradh is atá muidne!
Mar atá a fhios agaibh is ag obair go crua a bhí muid go dtí seo i mbliana chun an iris Ghaeilge is seolta sa chruinne a chur ar fáil agus, mar sin, beidh sos gairid ag an bhfoireann i mí Lúnasa chun tuilleadh smaointeoireachta agus pleanála a dhéanamh ar thogra nós*.
Beidh eagrán 4 ag teacht amach ag tús Mheán Fómhair ach, an ar líne amháin a sheolfar é, nó an mbeidh deis agaibh an iris a chur i bhur lámha agus leathanaigh nós* a thiontú den chéad uair riamh?
Bhuel is fúibh atá sé mar ón lá amárach ar aghaidh beifear in ann síntiús bliana don leagan clóite a cheannach agus, a luaithe is bhaintear an sprioc de 300 síntiús amach, cuirfear an chéad eagrán eile den iris i gcló!
Beidh iomlán na sonraí anseo go luath.

|