nós* » nós*

An Tóraíocht – Coláiste Lurgan

Déan Dinnéar Dom…
Tá an clár teilifíse Come Dine With Me [CDWM] tar éis scáileáin na hÉireann a shroicheadh, ach an bhfuil aon slí ab fhéidir linn an coincheap seo a úsáid sa domhan réalaíoch?

Tá an bhliain nua tar éis tosnú sna coláistí agus tá sórt CDWM tar éis a bheith socraithe ag scoláirí i gcoláiste DCU.

Mar is eol do chách, uaireanta ní bhíonn a lán airgid ag scoláirí (ar fáth éigin), mar sin cad a dhéantar?

An-simplí, roghnaigh do ghrúpa cairde is fearr (cúigear b’fhéidir), roghnaigh biachlár i bhur measc féin le meascán béilí agus voilá, ar aghaidh libh.

Beidh an fhreagracht ort lá amháin den tseachtain agus ní bheidh ort cócaireacht agus an glanadh suas a dhéanamh gach uile lá.

Nach deas an rud é sin?

Scoláire amháin atá tar éis an tionscnamh seo a thógáil ná Mícheál Mac Giolla Chearr, a bhí ina chónaí ar champas DCU an bhliain seo caite.

“Is iontach an rud é” a deir sé, “bíonn duine amháin mar óstach oíche amháin agus oíche eile bíonn an chéad duine eile, ní bhíonn strus ort an t-am ar fad.”

Admhaíonn sé nach mbíonn siad chomh dian cosúil leis an gclár féin, “ní théann gach duine abhaile i dtacsaithe le páipéar agus scór! Is rud níos sóisialta é, neamh-dháiríre. Is saghas club é agus bainimid fíor-thaitneamh as.”

Sár-roghanna na scoláirí ná curaí sicín, lasagne, píotsa, sceallóga, an fajita agus glasraí.

Is bia éasca é seo atá simplí chun cur le chéile, is ionadh mór é nach bhfuil chuile dhuine á dhéanamh seo seachas ‘takeaway’ a cheannach.

Chomh maith leis sin is féidir leat na comhabhair go léir a fháil ar phraghas réasúnta má dhéantar biachlár cliste amach.

Molann Mícheál oícheanta mar seo a eagrú i measc mic léinn.

“Ar a laghad bain trial as uair amháin. Cloistear faoi dhaoine a itheann McDonalds gach uile lá, ach má roinneann tú an chócaireacht tá gach duine sásta agus bia úr ar an mbord.

“Cén fáth nach mbeadh sé ar intinn agat airgead a shábháil?”

Ba ar Channel 4 na Breataine siar sa bhliain 2005 a craoladh Come Dine With Me ar dtús agus ó shin i leith taispeánadh leaganacha den chlár i mbeagnach 30 tír ar fud an domhain. Is ar TV3 a chraoltar an seó anseo in Éirinn.

Úna-Minh Caomhánach

Puipéid na saoirse
Tá beirt phuipéad i ndiaidh theacht ar an saol ó thuaidh agus chuirfeadh siad sna duibheagáin thú bheith ag éisteacht leo.

Clár úr teilifíse ar BBC 2, atá déanta ag an chorparáid féin, dar teideal Belfast Fm atá i gceist (ná measc suas é le FM Belfast, banna leictreonach as an Íoslainn!).

Tá an seó leamh, neamhghreannmhar, lag, bómanta agus gan smaointeoireacht ar bith taobh thiar de.

Buíochas le Dia nach bhfuil sé ar fáil ach amháin sna sé chontae mar dá bhfeicfeadh an domhan mór sin, shílfeadh siad nárbh í seo ‘Tír na Naomh agus na nOllamh’ ar dhóigh ar bith!

Tá an clár suite i mbloc árasáin i mBéal Feirste agus is iad na puipéid ná DJ Steeky agus Pablo, beirt ógánach áitiúla atá i mbun staisiún raidió mídhleathach.

Ní amháin gur droch-steiréitíopa iad d’ógánaigh lucht oibre Bhéal Feirste, agus ní amháin go mbíonn siad ag spalpadh na mionnaí móra i rith an ama, níl siad greannmhar!

Anois, ní miste liom an F mór, táthar ann a bhfuil gráin acu air, is cuma liom i ndáiríre, a fhad is go bhfuil gá leis sa ghreann, ach ní gach darna focal, agus ní hé an F mór an focal is measa a úsáideann siad nach mbeadh ar focal.ie.

Agus mé ag amharc air, ní thiocfadh liom gan bheith ag smaointiú siar ar na laethanta siúd nach raibh stádas mar is ceart bainte amach ag Raidió Fáilte agus muid ar bharrurlár na Cultúrlainne agus shíl mé liom féin, nach bhfaighfeadh muidne ar shiúl le rudaí mar seo a rá ar an aer.

Ansin, rith sé liom gurbh fhéidir go bhfuil na puipéid ábalta rudaí a rá agus a dhéanamh nach bhfuil daoine daonna in inmhe a dhéanamh.

Miníonn sé sin ar bhealach an dóigh a raibh Dustin an turcaí ábalta cur isteach ar an Eurovision agus blas láidir Bhaile Átha Cliath air, agus gan bheith in ann ceol – cé nach gcuireann sin isteach ar chuid de na hiomaitheoirí daonna ach oiread.

An uair amháin a mbíonn an puipéad bainte de lámh an phuipéadora, ní ann dóibh a thuilleadh agus ní ann do bharúlacha s’acu ach oiread. Seans gur sin an fáth go mbaineann daoine oiread sin sult astu.

In amanna deir siad na rudaí atá ar bhéal na ndaoine, gan teacht aniar agus gan mórán fadhbanna. Míníonn sé sin an dáimh atá ag na hÉireannaigh do na puipéid seo, smaoinigh orthu uilig a tháinig amach thar na blianta.

Is cuimhin linn uilig bheith ag amharc ar Bosco agus muid óg, ag iarraidh fáil amach cad é a bhí taobh thiar den doras draíochta sin, Dustin an turcaí agus muid ag smaointiú ar an dóigh is fearr lena thachtadh, Zig agus Zag, na Morbegs, Podge agus Rodge agus ná déanaimis dearmad ar Muzzy Mór a theagasc an frasa “Is mise Muzzy, Muzzy mór” dóibh siúd a bhí ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sna 6 chontae ar feadh na mblianta, cé nár chuidigh sé leo morán agus iad sa Ghaeltacht.

Cruthaíonn na puipéid bealach amach agus urlabhra do mhuintir na tíre seo, a bhfuil eagla orainn an rud atá ar ár n-intinn a rá amach, ach má chuirtear giota éadaí ar ár lámha agus muid i bhfolach faoi thábla, deirfeadh muid rud ar bith.

Samhlaigh dá mba rud go raibh puipéad ar láimh againn agus muid ag dul chun na faoistinne (aon duine a théann a thuilleadh), tá mé ag déanamh go mbeadh i bhfad níos mó paidreacha ráite ná mar a bhíonn ag an bhomaite, nó ar chéad dáta, cá bhfios cad é a thiocfadh amach.

Na puipéid abú a deirim féin, viva na puipéid, viva la revolución agus amach leis an fhírinne, ach nach féidir linn é a dhéanamh ar dhóigh níos greannmhara ná boic nua an BBC?

Caoimhe Ní Chathail

Níos mó ná club
Is iomaí tarraingt atá ag príomhchathair na Catalóine – aimsir na Meánmhara, atmaisféar La Rambla, ailtireacht Antoni Gaudí, draíocht an cheantair Ghotaigh – ach tá ceann amháin ann nach féidir éalú uaidh, is cuma cén áit sa chathair ina bhfuil tú: Barça.

Níl mórán rudaí a thugann léargas ar chuisle na gCatalónach mar a thugann cumann sacair Barcelona, atá i lár chroíthe mhuintir na tíre ó bunaíodh é siar sa bhliain 1899.

Le linn an 20ú aois chinntigh foirne Barça áit an chlub i measc na gclubanna sacair ba ráthúla riamh lena ngeansaithe blaugrana (gorm agus dearg) so-aitheanta ag lucht spóirt ar fud an domhain.

Tá Barcelona ag tosnú an tséasúir nua seo agus é de sprioc acu La Liga a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile agus beidh súil acu arís ar Chorn Churaidh na hEorpa a bhuaigh siad anuraidh chomh maith.

Má tá bród as cuimse ar lucht leanúna Barça as a laochra reatha ar nós Messi, Puyol, Iniesta agus an bainisteoir Pep Guardiola, tá bród paiseanta orthu fosta as tábhacht pholaitiúil an chumainn.

Fiú sna laethanta tosaigh bhí ceangal láidir ag an fhoireann leis an mhuinín a bhí á léiriú ag Catalónaigh ina gcultúr agus ina dteanga féin agus níorbh fhada gur thosaigh pobal na Catalóine ag amharc ar Barça mar fhoireann náisiúnta a dtíre.

In 1936 mharaigh fórsaí an deachtóra Spáinnigh Franco, mharaigh siad Uachtarán an chlub, Josep Sunyol, a bhí ina bhall den ghluaiseacht ar son neamhspleáchais, agus daingníodh an deighilt idir Barça agus údaráis na Spáinne dá bharr.

Sa lá atá inniu ann tá an choimhlint idir Barcelona agus Real Madrid ar na samplaí is inbhraite den teannas leanúnach idir an Chatalóin agus an Spáinn, teannas a rachaidh i méid de réir mar a fhásann gluaiseacht neamhspleáchais na gCatalónach.

Gné eile a chinntíonn ról an chlub sa phobal ná gur leis an 144,000 ball é agus ní le fear gnó amháin atá ag iarraidh a phócaí féin a líonadh ar obair na n-imreoirí agus ar airgead an lucht leanúna.

Go deimhin, go dtí i mbliana ní raibh aon urra corparáideach ag Barça mar gur roghnaigh siad airgead a thabhairt don chumann carthanachta páistí Unicef in ionad airgead a fháil isteach ó dhomhan an ghnó.

Is oiriúnach an mana é mar sin ‘Més Que Un Club’ (a chiallaíónn ‘Níos Mó Ná Club’ agus a bhíonn le feiceáil i measc na sluaite i bpáirc na foirne agus an pháirc imeartha is mó san Eoraip, Camp Nou, ag gach cluiche) don chumann sacair atá lonnaithe i gcathair atá, ar bhealach, níos mó ná cathair do na Catalónaigh mar is siombail de bheocht nua-aimseartha a dtíre í.

Bíonn an spiorad sin le mothú sa mheascán den nua agus den aosta atá le fáil sa chathair féin chomh maith, ón cheantar stairiúil cultúrtha lena chuid sráideanna fada casta agus cearnóga gnóthacha go dtí an baile nua-aoiseach ina bhfuil cuid de na foirgnimh nua-dheartha is deise san Eoraip.

Ní nach ionadh go mealltar na milliúin duine go Barcelona bliain i ndiaidh bliana, iad ar fad ag teacht mar gheall ar na clubanna cáiliúla ceoil; na bialanna beaga traidisiúnta; siamsaíocht sráide; margaí beaga; ardeaglaisí; La Sagrada Família; Plaça de Catalunya agus go leor eile.

Cibé cúis atá ag cuairteoirí le blas a fháil ar an chathair áfach, bíonn dathanna, geansaithe agus bratacha Barça le feiceáil go forleathan ar gach sráid agus i ngach cearnóg.

Mar an gcéanna le féiniúlacht an chlub féin, is dlúthchuid den chathair iad a chuireann le beocht bhreise sa bhaile mór agus atá mar lasair bhuan, ní hamháin don chlub Catalónach ach do spiorad an phobail a bhfuil feachtas tréan acu le bheith ar an chéad stát oifigiúil eile san Eoraip.

Visca Barça! Visca la Terra!

BÁC ag canadh ar son Sam
Níl ach dornán laethanta fágtha roimh bhuaicphointe peile na bliana nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann, cluiche a bhfuil macallaí choimhlintí cailiúla na 70í le sonrú ann.

Tá 16 bliain imithe anois ó bhuaigh fir na príomhchathrach Sam go deireanach agus tá an contae ar fad ar bís le hathsheilbh a fháil ar an chorn is clúití sa spórt Gaelach.

Beidh dúshlán roimh imreoirí Pat Gilroy má tá an lá le bheith leo – tá foireann na Ríochta ag dul dá séú teideal sa 21ú aois – ach níl easpa dóchais ar bhruacha na Life, agus i measc lucht ceoil na cathrach ach go háirithe.

Tá roinnt amhrán Béarla cumtha go speisialta don chluiche ceannais – an ceann greannmhar seo ó na Merry Ploughboys san áireamh – ach tá na Gaeil istigh ar an aicsean chomh maith agus is é an Duibhlinneach bródúil Enda Reilly atá ag léiriú an bhealaigh lena amhrán úrnua An Bua Ag Bleá Cliath.

Cormac Ó hEadhra agus a fhoireann ag An Glór Anoir ar RTÉ RnaG a spreag an chumadóireacht an-deas seo ón Uasal Ó Raghallaigh agus is tógáil croí é dúinn go bhfuil ceol nua Gaeilge ag teacht ar an saol i rith an ama. Yee haa!

Ceol Bascaise, Teanga Chomharthaíochta!
Tá muidne anseo ag nós* ag baint an-taitnimh go deo as an amhrán iontach Bascaise seo le tamall anuas, agus as an bhfíseán áirithe seo de ach go háirithe.

‘Negua Joan Da Ta’, nó Tá An Geimhreadh Ag Imeacht, is teideal don traic agus is é an banna Bascach Zea Mays (a chiallaíonn Grán Buí sa Laidin!) atá á cheol ach an rud iontach faoin fhíseán seo ná go bhfuil cailín Ainhoa Moiua ag cur teanga chomharthaíochta na Bascaise leis chomh maith!

Tugann a léiriú fisiciúil an-bheocht don amhrán, atá cheana féin greamúil go leor, agus chuir sé ag smaoineamh muid – an bhfuil aon cheoltóir Gaelach amuigh ansin a bheadh in ann físeán ar leith a chur lena cheol féin nó fiú léiriú teanga chomharthaíochta a dhéanamh?!

Just The Way You Are, as Gaeilge

La Piel Que Habito
Tá aithne idirnáisiúnta ar an stiúrthóir Spáinneach Pedro Almódovar as scannáin atá cineál éagsúil agus ar an imeall a dhéanamh agus níl aon amhras ann go bhfuil an saothar is déanaí seo uaidh ag cloí leis an nós sin.

Mar an gcéanna le cuid mhór eisiúintí eile dá chuid, tá sé deacair La Piel Que Habito (An Craiceann ina bhFuilim) – a bheas le taispeáint anseo in Éirinn ón lá inniu faoin teideal The Skin I Live In – a mhíniú gan mórán eolais atá riachtanach don scéal a thabhairt ar shiúl ag an am céanna.

Seo an chéad iarracht ag Almódovar dul isteach i réimse an uafáis agus cé nach mbeidh an lucht féachana ag screadaíl os ard go minic mothóidh siad an-mhíchompordach lena linn tríd.

Díríonn an plota ar iar-mháinlia plaisteach (Antonio Banderas) a d’éirigh as a phost chun dul i mbun taighde tar éis gur dódh a bhean chéile go holc i dtimpiste gluaisteáin.

Ba mhian leis craiceann sintéiseach a chruthú atá in ann cur suas le droch-thaismí agus is í a mhuc ghuine don obair seo ná bean óg álainn Vera (Elena Anaya) a gcoinníonn sé faoi ghlas í ina theach mór iargúlta.

Cuirfidh an scéal, a bhfuil mothúchán láidir gnéis le brath ann, isteach ar dhaoine ach cuirfidh sé go leor ceisteanna orthu fosta.

Is scannán aisteach é gan aon agó ach tá draíocht an stiúrthóra le feiceáil ann agus tá sé dodhéanta na himeachtaí a thuar, rud a choinneoidh greim ar bhreathnóirí go dtí an deireadh.

Má tá rud éigin uait a spreagann smaointeoireacht agus a thugann éalú ó mór-scannáin Hollywood an tsamhraidh, seo duit.

Cabaret ag Ceiliúradh
Is ócáid mhór i gcónaí í oíche an cheabairé is spleodraí agus is Gaelaí ar domhan, An Cabaret Craiceáilte, ach beidh cúis cheiliúrtha sa bhreis ag an slua a bheas i láthair amárach (Dé Sathairn 27 Lúnasa) le haghaidh chóisir na míosa seo mar beidh an Cabaret trí bliana d’aois.

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an spraoi craiceáilte atosaithe arís ó bhí Lúnasa 2008 ann agus is iomaí imeacht den scoth atá curtha ar fáil ag muintir an Chabaret ó shin i leith, ní amháin i nGaoth Dobhair ach ar fud na tíre chomh maith, le cuid de na himeachtaí chomh maith sin nach féidir cuimhniú orthu!

Tógra iomlan deonach é an Cabaret a bhíonn á eagrú ag an réalta raidió Rónán Mac Aodha Bhuí agus a bunaíodh chun ardán a thabhairt do cheoltóirí áitiúla agus eile a bhíonn i mbun ceoil as Gaeilge agus chun saol siamsa sóisialta sa teanga a spreagadh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon.

Míníonn Rónán gur siar sa bhliain 1993 a cuireadh síolta Chabaret an lae inniu.

“Tháinig An Ciorcal Craiceáilte ar an saol in 1993 ar mhaithe le saol sóisialta lán-Ghaelach a chruthú, chomh maith le tionscal ceoil chomhaimseartha trí Ghaeilge a spreagadh agus a chothú,” arsa sé.

“Tá an meon sin go fóill beo inniu, tá sé ag neartú arís, agus tá lúchair orm go bhfuil ag éirí linn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, go deonach agus ar bheagán achmhainní.

“De réir a chéile, tá an soiscéal ag spréadh go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, go bhfuil an chraic sa cheol agus go bhfuil muid bródúil. Tá an taobh sóisialta den Ghaeilge iontach tábhachtach mar tugann sé deis do dhaoine bualadh le chéile agus cuireann sé in iúl go bhfuil beocht ar leith i saol na teanga.”

Luann Rónán go bhfuil sé fíor-bhuíoch do na ceoltóirí uilig a bhíonn páirteach sa Chabaret, chomh maith leis an lucht gnó áitiúil a thugann tacaíocht dóibh.

“Bíonn imeachtaí den chineál seo ag tarlú mar go bhfuil daoine sásta cuidiú a thabhairt ar bhonn rialta agus tá Réabhlóid An Cheoil (RAC) go mór faoi chomaoin acu,” ar seisean.

“Ní fhéadfaí an Cabaret a choinneáil beo, mar shampla, gan an cuidiú a thugann leithéidí Ealaín na Gaeltachta, obair dheartha Chaomháin Uí Scolaí, Teach Hiúdaí Beag, Teach Sheáin Óig, Ollmhargadh Uí Ghallchóir, Teach Chambell, Siopa Mhatt, Busanna McGinley agus Feda agus araile.

“Ar a bharr sin meallann an Cabaret cuid mhór cuairteoirí go Gaoth Dobhair achan mhí, rud atá maith don cheantar agus a léiríonn arís eile an borradh atá faoi chúrsaí Gaeilge i láthair na huaire.”

Cé gurb í Gaeltacht Thír Chonaill baile an Chabaret bíonn sé ar cuairt go minic in áiteanna eile sa tír agus le trí bliana anuas bhí ócáidí craiceáilte ar siúl sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic, ag Fleadh Feirste i mBéal Feirste, ceiliúradh na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oirialla i Muineachán, Pléaráca Chonamara, Oileán Thoraí agus eile.

Ar an mhí seo chugainn beidh sé ar ais i mBéal Feirste faoi choinne cheiliúradh mór 20 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nuair a osclóidh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa síneadh úr an fhoirgnimh agus a cheolfaidh grúpa iontach John McSherry, The Soma Band.

Bíonn cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr, na bannaí Gaeilge is nuálaí agus na damhsóirí sean-nóis is gnéasúla in Éirinn le cloisteáil agus le feiceáil ag an Chabaret ar bhonn rialta agus is amhlaidh an scéal chomh maith don tríú breithlá oíche amárach i dTí Hiúdaí.

Beidh an t-amhránaí cumhachtach Feirsteach, Gráinne Holland, a bhfuil a céad albam Teanga na nGael díreach eisithe aici, ar an ardán in éineacht le Feilimí O’Connor, Rohan Young, Mark Kane agus Conor Caldwell.

Cuirfidh na deartháireacha ceolmhara as Cill Mhantáin, Mo Hat Mo Gheansaí, a n-amhráin nuachumtha i láthair agus beidh Na Muca Mire, Na Scoodelys agus ceoltóirí eile i mbun aicsin chomh maith.

Is léir mar sin go ndéanfar ceiliúradh mór maith ar na trí bliana atá curtha isteach ag an Chabaret go dtí seo, agus bí cinnte go mbeidh go leor ábhar eile ceiliúrtha ag Gaeil chraiceáilte amach anseo.

Mar a deir an tUasal Mac Aodha Bhuí é féin; “Cuirigí críoch ceart leis an samhradh agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte!”

Tomaí Ó Conghaile

Teanga Bheoga na nGael
Is amhránaí í Gráinne Holland atá i ndiaidh clú nach beag a bhaint amach le tamall de bhlianta anuas de bharr áilleacht chumhachtach a gutha agus de bharr an bhlais nua a thugann sí do réimse leathan d’amhráin Ghaelacha.

Aitheanta agus molta go hard ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta ina cathair dhúchais féin, Béal Feirste, beidh deis ag an domhan ar fad anois aithne a chur ar a glór sainiúil mar go bhfuil a céad albam le heisiúint aici láithreach.

Teanga na nGael is teideal dó agus tugann sé léiriú uirbeach nua-aimseartha d’amhráin thraidisiúnta ar nós An tSeanbhean Bhocht, A Mhuire ‘s a Rí, An Seanduine Dóite agus Dónal na Gréine.

12 traic san iomlán atá ar an albam a bhfuil roinnt aoicheoltóirí iomráiteacha – Neil Martin, John McSherry agus Dónal O’Connor ina measc – le cloisteáil air agus a bhfuil paisean don cheird agus grá don dúchas le mothú go soiléir uaidh.

Ag Féile an Phobail anuraidh, a thiteann amach i mBéal Feirste gach samhradh agus atá ar na féilte pobail is mó san Eoraip, ba í Gráinne an ceoltóir tacaíochta ag gig mhór Damien Dempsey agus anois, 12 mí ar aghaidh, ag Féile na bliana seo beidh ceolchoirm speisialta aici Dé Máirt 2 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa Cheathrú Ghaeltachta chun a halbam féin a sheoladh.

Tógadh Gráinne go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla sa chathair, áit ar fhreastail sí ar an chéad bhunscoil Ghaeilge ann, Bunscoil Phobal Feirste, agus meastar go mbeidh Gaeil na cathrach agus a lucht tacaíochta ó níos faide i gcéin uilig bailithe le chéile don oíche mhór.

Moltar do dhaoine ticéad a chur in áirithe go luath agus tá tuilleadh eolais faoin gig agus albam ar grainneholland.com