Rannóg: cló

Gael-ghreannán chugainn!

rira-morTá cainéal teilifíse, stáisiúin raidió, iris nua-aimseartha agus suíomhanna idirlín againn.

Anois tá coimic againn.

Rí Rá is teideal don chéad sraith ó Coimicí Gael, togra de chuid an chartúnaí as an Chlár, Aidan Courtney.

“Bhí an smaoineamh agam ó bhí mé ar choláiste go mbeadh sé iontach dá mbeadh greannán Gaeilge ar nós an Beano nó Dandy ann, agus fiú rud éigin do léitheoirí fásta chomh maith,” arsa sé.

“Ní raibh aon rud sa mhargadh mar sin tar éis tréimhse a chaitheamh i gCeanada ag staidéar greannán Fraincise chuaigh mé i dteagmháil le Foras na Gaeilge leis an choincheap a bhí agam.”

Thug an Foras go leor airgid dó chun eagrán samplach a chur le chéile, a dháil sé amach chuig Gaelscoileanna na tíre, agus tá sé féin ag obair anois go deonach ar an togra.

“Tá daoine as gach cearn den tír páirteach ann, dhearaigh Bob Byrne ó Camnut Comics an clúdach mar shampla agus rinne Muireann Lalor an leagan amach.

“I mí na Samhna iarradh orm bheith ar phainéal cainte ag an Dublin Comic Convention in éineacht le daoine ó Marvel Comics mar sin tá an focal á scaipeadh de réir a chéile.”

Dírithe ar dhaoine idir 8-14, tá caighdeán an-ard léaráidí agus teanga ag Rí Rá, agus tá súil ag Aidan leanúint leis agus leathnú amach sa todhchaí le díolamaí i stíl Asterix and Tintin, déanta ar fad ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí Éireannacha.

Gach rath air!

Breis eolais le fáil ag www.aidancourtney.blogspot.com


Scéaltaí Eile:

  • Níl Scéaltaí Ábhartha Ann.

5 Trácht ar “Gael-ghreannán chugainn!”

  1. Rí Rá & Ruaille Buaille says:

    An-chuma ar an ghreannán sin. Is maith go bhfuil sé ann do léithreoirí óga ach nach mbeadh ceann do dhaoine fásta iontach freisin?! Fair plé do Aidan.

    • Aidan Courtney says:

      Beidh urscéal grafacha ann níos déanaí agus beidh iris ann freisin do dhaoine fásta ach anois níl an airgead ann chun é a dhéanamh fós. Ba mhaith liom scéalta rómánsach, uafásach, cóirach agus mar sin a dhéanamh do dhaoine fásta. Is breá liom Dark Knight Returns le Frank Miller, Walking Dead le Robert Kirkman, Loveless le Brian K Vaughan agus go leor scéalta eile do dhaoine fásta agus ba mhaith liom a dhéanamh rud mar sin níos déanaí. Gabh mo leithscéal ar mo ghaeilge ach táim ag foghlaim gaeilge arís. Níl sé ró-mhaith.

  2. nós* says:

    Fíormhaith Aidan, go raibh maith agat as an eolas breise!

  3. Aidan Courtney says:

    Má tá suim ag aon duine tá an siopa déanta againn ar http://www.coimicigael.ie


Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here