dylan gaelach agus eile – IMRAM

IMRAM-logo-2009Tá an fhéile litíochta Gaeilge, IMRAM, faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus tá réimse iontach imeachtaí curtha le chéile arís eile i mbliana.

Dúirt Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, go raibh “clár uaillmhianach curtha le chéile againn i mbliana a shásóidh gach éinne, tá súil againn.

“Beidh léitheoireachtaí ann mar is gnáth, mar aon le díospóireachtaí, ceardlanna, imeachtaí do na scoileanna, scannán, lainseálacha leabhar agus coirmeacha ceoil. Beidh sé go diail!

“I measc na n-imeachtaí móra beidh oíche ómóis do phríomhéigeas na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; mórfhilí Rúiseacha ón Ré Airgid tiontaithe go Gaeilge agus go Béarla agus, ar ndóigh, an Tionscadal Dylan, amhráin de chuid an Bhaird aistrithe go Gaeilge ag cuid de mhórfhilí ár linne agus á gcur i láthair ag réaltóga glioscarnacha, ina measc Liam Ó Maonlaí agus Steve Cooney.”

An oíche anocht, rachaidh IMRAM ar aistear ar leith trí stair neamhinste Bhéal Feirste agus is iomaí gné den chathair sin a nochtfar.

Orthu sin a bheas páirteach san imeacht – a bheas ar siúl ar 7in sa New Theatre ar Shráid Essex Thoir – tá Gearóid Mac Lochlainn, Philip Cummings, Seán Ó Dúrois agus Tina McSherry, agus cuirfidh an ceathrar cumasach seo meascán d’fhocail agus d’fhuaim i láthair an lucht éisteachta.

Tá nós* ag súil go mór fosta leis an Tionscadal thuas luaite ina mbeidh amhráin Bob Dylan féin le cloisteáil i nGaeilge ag Liam Ó Maonlaí, Caoimhín Mac Giolla Catháin agus eile, uilig faoi stiúir Steve Cooney.

Is in Crawdaddy, Sráid Fhearchair, a bheas an cheolchoirm seo ar siúl ar 8in Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair.

Téann IMRAM ar aghaidh go dtí 29 Meán Fómhair agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , , , , , , ,

8 Freagra ar “dylan gaelach agus eile – IMRAM”

  1. Ag Seideadh Sa Ghaoth
    20.09.2009 ag 00:55 #

    Wow, caithfidh me amhrain an Uasail Zimmerman a chlos as Gaeilge – smaoineadh iontach!

  2. Roibéard Ó Dialáin
    21.09.2009 ag 12:45 #

    Ní mór dom mo chuid Gaeilge a chleachtadh ;-)

  3. Siúlóir
    21.09.2009 ag 13:12 #

    Ní thuigim cén fáth a gcuirfeadh éinne Gaeilge ar amhrán de chuid Bob Dylan. Níl ach amaidí ann. Is é Dylan Dylan agus má tá a chuid amhrán scríofa as Béarla, canaigí as Béarla iad. Ní bheadh aon amhrán níos fearr cionn is go mbeadh sé canta as Gaeilge, mura raibh sé scríofa as Gaeilge ó thús. Tá amhráin iontacha go leor atá scríofa as Gaeilge ó thús. Canaigí iad ina n-áit, nó scríobh amhráin nua go díreach as Gaeilge. Bheadh é sin níos ómósaí ar Dylan chomh maith leis an nGaeilge.

    • ¡ máirtín !
      22.09.2009 ag 00:59 #

      Aontaím leat go h-iomlán!

      • mise
        22.09.2009 ag 19:50 #

        Ní aontaím libhse. Chun suim a spreagadh i ndaoine, déanann siad amhráin Bhéarla tríd an nGaeilge. Tá an tune ar eolas ag chuile dhuine ar aon nós, agus ciallaíonn sé sin go aithníonn daoine na hamhráin. Smaoinigh faoi Mundy agus cailín na gaillimhe, des agus léim thart. is iad sin na hamhráin a bhfuil cáil agus clú orthu mar gheall go raibh aistriúchán déanta. Tá sé i bhfad níos fearr!

  4. Fan Ceoil
    21.09.2009 ag 13:28 #

    Aontaím le Siúlóir go bhfuil sé níos sláintiúla amhráin nua a chumadh i nGaeilge seachas cinn eile a aistriú i gcónaí ach ceapaim féin gur píosa spraoi atá i gceist le hamhráin Dylan a chur go Gaeilge. Sin an méid, agus déarfainn go mbeadh sé sultmhar go leor.

    An mbeidh aischur faoin gceolchoirm agaibh anseo a lucht nós*?!

  5. An Corrán
    22.09.2009 ag 09:21 #

    Bhuel…cé go dtuigim go maith an mothú atá á thaispeáint ag Siúlóir, is gnáthfhíric na staire é ná, ó thaobh ceol is amhráin na gnáthdhaoine de, gur tharla malartú foinn is aistriú amhrán go minic idir na teangacha Eorpacha éagsúla – feic Lili Marlene, mar shampla, amhrán a bhí á sheinnt ar fud na hEorpa, fiú is go raibh cogadh mór (DCD) á fhearadh le linn sin.

    Mar sin, ní shílim go bhfuil aon fhadhbh leis an tionscal seo – a mhalairt, im thuairimse, mar shílim gur iontach é go bhfuil a leithéid á dhéanamh le hamhráin Dylan – agus, cá bhfios? B’fhéidir go ngríosfar amhránaithe i nGaeilge, amhráin úr a chumadh faoina hanáil…

    • RG Cuan
      22.09.2009 ag 09:57 #

      Tagaim leis sin!

Tabhair Freagra