Rannóg: ceol

White Denim – fits

“Rock ‘n’ roll is a fixation, that bom bom bom bom bom – mama’s heartbeat. I don’t like hypnotics. I’m doing a non-hypnotic music to break up the catatonic state.” Captain Beefheart

Tá tuairim is caoga bliain ann ó bunaíodh an rud a dtugaimid rac-cheol air (le heisiúint ‘The Fat Man Blues’ Fats Domino in 1950, meastar).
Cá bhfuil ár dtriall anois?

In ainneoin na bhforbairtí do-áirithe atá tarlaithe sa cheol san achar sin ama, is deacair diúltiú don dtuairim gur féin-scigaithris náireach é rac-cheol na linne seo (ach go háirithe agus buachaillí críonna mar Jagger agus Bono fós ag stabháil thart ar stáitsí na cruinne).

Is féidir cás a dhéanamh d’amhráin mhóra epiciúla leithéidí Arcade Fire agus Doves, b’fhéidir, ach is mothúcháin éadóchais, aiféala, agus imní bunús le formhór a gcuid amhrán, in ionad na dúile dainséaraí sponcaí a bhí mar bhun-thré rac-cheoil ar an gcéad lá.

Is cuma na hiarrachtaí déanta ag grúpaí art-rock mar Deerhoof, Animal Collective agus Battles chun rac-cheol a stiúradh go huiscí nua, is annamh a gcuid ceoil chomh tarraingteach leis na smaointí ardnósacha atá mar bhunús leis.

Is fearr é an rac-cheol agus é a chleachtadh ag ceoltóirí faoi bhun triocha bliain d’aois, a bhfuil smacht éigin ar a n-úirlisí ceol acu (mo leathscéal leis an dream punk!), agus, thar aon rud eile, a bhfuil teaspach te agus fonn racáil orthu – an Jerry Lee Lewis óg, Black Sabbath in ’70, Led Zeppelin in ’71, Guns N’Roses in ‘87 ,The Pixies in ’89 agus White Denim in 2009.

white-denim-fitsAgus ambaiste ach go bhfuil fonn racála ar an dtríreád seo as Austin, Texas, ar a ndara halbam, Fits (Full Time Hobby). Fonn chomh láidir sin go n-éiriónn leo dhá nó trí phasáistí ceoil a bhrú isteach i bhformhór na rianta ar an albam.

Más fíor é nach bhfuil aon rud ‘nua’ le clos anseo, tá fiúntas ar leith ag baint leis an tslí a n-éiríonn le White Denim aon-chorp a dheanamh d’eilimintí hard-rock na seachtóidí, art-rock Can agus Captain Beefheart, ceol tropicalia na Braisíle agus indie-rock na linne seo.

Is buíochas mór le drumadóireacht chruinn, spleodrach, ilmhianach Josh Block go n-éiríonn leis an ngrúpa amlaidh a dhéanamh ar bhealach chomh slachtmhar.

Tuairgneáil mhearlámhach atá sa cheád chúig amhrán, ach is ionsaí é a bhfuil ciall leis mar shraith cheoil agus i gcómhthéacs an tsaothair ina iomlán.

As sin amach tagann miolliú ar chursaí, White Denim ag díriú níos mó ar ghnáth-amhráin seachas diúracáin cheoil, iad ag deanamh mórtheaspántais dá n-aclaíocht agus dá ngliceas mar rockers óga, ar nós coileach péacóige faoi éastras.

Tá an ceart ar fad acu.

Sibhse atá réidh chun racáil, seo dhaoibh White Denim!

Ben Ó Faoláin

Scéaltaí Eile:

Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here