Sa mhullach ar sheoladh SnaG, tá dea-scéal eile ann mar beidh Splanc, clár Gaeilge seachtainiúil Newstalk 106-108fm, ag filleadh ar na aerthonnta Dé hAoine 6 Márta.
Tá Daragh Ó Tuama ar ais sa suíochán te agus tabharfaidh sé léargas fáisnéisach ar ghnéithe de shaol na hÉireann – an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir, bainfidh siad araon taitneamh as Splanc.
Gach seachtain beidh painéal aíonna - polaiteoirí, saineolaithe agus pearsantachtaí móra na Gaeilge - istigh sa stiúdió chun plé a dhéanamh ar mhórscéalta na seachtaine agus ábhar níos éadroma.
Leanfaidh Splanc ag tabhairt ardáin do scoth an cheoil chomh maith agus cuirfear fáilte roimh cheoltóirí ó réimse leathan stíle ar Seisiún Splanc chun a gcuid cheoil a phlé agus a sheinm ar an gclár. Idir snagcheol, trad, ceol tíre agus ceol domhanda, beidh rud ann don uile éisteoir.
Tiúineáil isteach ó 10in gach Aoine.





Seo dea-scéal ar fad. Is ar éigean is féidir liom fanacht go dtí an Aoine 6ú Márta.
Splanc abú, Yippee!!
Is é cinnte, d’éist mé le Splanc nuair a bhí sé ar siúl agus déanfaidh mé iarracht éisteacht leis arís. Is maith an rud é gur cuireadh brú ar Newstalk!
Go hiontach ar fad!