Splanc ar ais!

Sa mhullach ar sheoladh SnaG, tá dea-scéal eile ann mar beidh Splanc, clár Gaeilge seachtainiúil Newstalk 106-108fm, ag filleadh ar na aerthonnta Dé hAoine 6 Márta.

Tá Daragh Ó Tuama ar ais sa suíochán te agus tabharfaidh sé léargas fáisnéisach ar ghnéithe de shaol na hÉireann – an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir, bainfidh siad araon taitneamh as Splanc. 

Gach seachtain beidh painéal aíonna - polaiteoirí, saineolaithe agus pearsantachtaí móra na Gaeilge - istigh sa stiúdió chun plé a dhéanamh ar mhórscéalta na seachtaine agus ábhar níos éadroma. 

Leanfaidh Splanc ag tabhairt ardáin do scoth an cheoil chomh maith agus cuirfear fáilte roimh cheoltóirí ó réimse leathan stíle ar Seisiún Splanc chun a gcuid cheoil a phlé agus a sheinm ar an gclár. Idir snagcheol, trad, ceol tíre agus ceol domhanda, beidh rud ann don uile éisteoir.

Tiúineáil isteach ó 10in gach Aoine.


Scéaltaí Eile:

Clibeanna: ,

3 Freagra ar “Splanc ar ais!”

  1. Asarlaí Sam
    01.03.2009 ag 11:41 #

    Seo dea-scéal ar fad. Is ar éigean is féidir liom fanacht go dtí an Aoine 6ú Márta.
    Splanc abú, Yippee!!

    • Splancóir
      01.03.2009 ag 14:08 #

      Is é cinnte, d’éist mé le Splanc nuair a bhí sé ar siúl agus déanfaidh mé iarracht éisteacht leis arís. Is maith an rud é gur cuireadh brú ar Newstalk!

  2. Seán Ó Briain
    16.03.2009 ag 16:33 #

    Go hiontach ar fad!

Tabhair Freagra