Tháinig beirt de mhórcheoltóirí Gaeilge na linne seo le chéile sa Black Box, Béal Feirste, Déardaoin 5 Márta, chun ceolchoirm speisialta a chur ar fáil do thús Sheachtain na Gaeilge, agus nach speisialta an cheolchoirm a bhí ann.
Ba chomhócáid í de chuid na n-ionad Gaeilge, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus An Droichead, agus ní raibh suíochán follamh sa Bhosca Dubh nuair a cuireadh John Spillane agus Liam Ó Maonlaí i láthair an tslua.
An Speall é féin a chuir tús leis an oíche agus, mar is gnáth, bhí scéaltaí agus greann go leor idir na hamhráin aige.
Ó liricí pearsanta Ag an gCóisir go dtí na tiúineanna aitheanta óna albam is déanaí Irish Songs We Learned At School, thug an Corcaíoch ceannairceach taispeántas sultmhar uaidh a spreag an lucht éisteacht agus a bhain gáire astu ag an céanna.
I ndiaidh an tsosa, ba sheal phríomhamhránaí na Hothouse Flowers é dul ar an ardán agus chruthaigh a ghlór, na heochracha agus olldord Martin Brunsdon atmaisféar draíochta ón tús.
Ní raibh fuaim ar bith eile le cluinstin nuair a bhí Ó Maonlaí i mbun ceoil, daoine á gcur faoi gheasa ag leithéidí Amhrán Na Féidireachta agus ag an éagsúltacht tionchar a bhíonn le mothú ina stór amhrán.
Roimh dheireadh na hoíche tháinig John ar ais ar an ardán le ceol in éineacht le Liam – rinne siad Don’t Go i measc amhrán eile – rud a chuir críoch iontach le hoíche den scoth.
Tá roinnt gigeanna ag John Spillane le linn SnaG, an chéad cheann eile ar ais ina chathair féin, Corcaigh, san Old Bar, 11 Márta. Is amhlaidh an scéal le Liam Ó Maonlaí a bheas ag seinm i Halla an Bhaile, Gaillimh, 25 Márta.










Cuma mhaith ar an oíche sin. Beidh mé ag dul chuig Ó Maonlaí go luath mé féin.
Bhí an cheolchoirm sin ar fheabhas ar fad!! An bheirt acu ar dóigh ach caithfidh mé a rá nár chuala mé a léithid de ghuth Liam Ó Maonlaí a riamh – draíochta! Maith sibh an Chultúrlann agus an Droichead.
Do bhíos ann agus bhí go hiontach! Bhí fear ‘nós*’ Tomaí é féin ar an ardán agus é go breá rua!
Maith sibh ar fad!!
Maith sibh uilig
Mar is gnáth, bhí an Speall go hán-mhath. Bhí saghas díoma orm nár chan Ó Maonlaí go leor amhrán as Gaeilge. Bhí an chuma air go raibh sé ag teastáil uaig an t-albam úr a phlugáil. Do dhein sé dearúd gur Sheachtain na Gaeilge a bhí ann. Mar sin féin, do bhaineas sult as an gceolchoirm.