Beidh SONAS an tSamhraidh ar súil amárach, Dé Céadaoin 10 Meitheamh, sa Button Factory (Temple Bar Music Centre) BÁC ag 8in.
Beidh ceol, amhránaíocht agus damhsa den scoth ann ón ngrúpa Slide, réalta mhór an All-Ireland Talent Show Dáithí Ó Drónaí agus a fhidil leictreonach agus ar ndóigh Grúpa Tí Sonas.
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na haíonna chomh maith le fís ón uair dheireanach a raibh siad ag seinm le feiceáil ar clubsonas.com
€15 an costas ag an doras ar an oíche ach tá ticéidí ar fáil ar €10, (€7 mic léinn) ó Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Ná caill amach ar chóisir mhór na nGael i mBaile Átha Cliath an tsamhraidh seo!





Bhí sé iontach, an-oíche ar fad. Is breá liom Dáithí Ó D!