Rannóg: ceol

SnaG – seoladh sa button factory

 

snag-webSeolfar Seachtain na Gaeilge 2009 sa Button Factory in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill, BÁC, amárach 25 Feabhra.

Blathnaid Ní Chofaigh agus Ian Dempsey a sheolfaidh an fhéile agus in éineacht leo beidh cuid de na ceolróirí a bheas le cloisteáil ar albam SnaG na bliana seo – Ceol ‘09 – Declan O’Rourke, Fiach, Saccade agus Pádraig Ó Sé ina measc.

Táthar ag cur baillchríche ar an albam faoi láthair agus seolfar é i mí Mhárta.

Ar na hamhráin atá san áireamh i mbliana tá Falling Slowly, a bhuaigh Oscar anuraidh don Amhrán Nua is Fearr, agus leagan Gaeilge d’amhrán iontach Mick Flannery, Tomorrow’s Papers.

Tá iontrálacha ann ó bheirt amhránaithe a bhfuil ardchlú bainte amach acu le tamall, mar atá Duke Special agus Cathy Davey agus beidh an Speall é féin, John Spillane, ann chomh maith lena leagan féin de An Poc ar Buille.

Beidh tuilleadh faoi Ceol ‘09 ar eagrán Márta nós* agus tosaíonn an chraic ar fad sa Button Factory ar 6in.

Tosóidh Seachtain na Gaeilge féin ar 2 Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh go 17 Márta.

Scéaltaí Eile:

8 Trácht ar “SnaG – seoladh sa button factory”

  1. Cnaipe says:

    Níl a fhios agam faoi Ian Dempsey ach beidh mé ann amárach ar aon nós*.

    SnaG abú!

  2. An Diúc says:

    Beidh mé ann n8. An bhfeicfidh muid nós* ann?

  3. Niall Ó D says:

    An féidir an albam nua a fháil go fóil??

  4. Séamaí B says:

    Ní go fóill Niall, beidh sé ar fáil ar an mí seo chughainn de réir mar a thuigim.

  5. Niall Ó D says:

    Go raibh maith agat Séamaí

  6. Cú Chonnacht says:

    Bhuel, aon tuairisc ó éinne faoin spraoi sa mButton Factory ?

    Chualas go raibh slua mór ann.

  7. Colm Cróga says:

    Bhí sé iontach ar fad. Thart ar 400 déarfainn, le ceol ó Declan O’Rourke, Fiach agus Saccade. Is áit deas í an Button Factory agus bhí sé thar barr an oiread sin daoine óga srl. a fheiceáil ann.

    Chonaic mé seastán ó nós* ann chomh maith!

  8. Dom says:

    For fans of Duke Special you can watch the Sweet Kisses video and download a free track from the widget below – enjoy!

    http://www.clearspring.com/widgets/48d90d17343c3194?p=48d90d17343c3194


Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here