logo

Salach, Gnéasach, Gaelach – The Dirty 9s

Electric Picnic, Canadian Music Week, Arthur’s Day, Hard Working Class Heroes, An Cabaret Craiceáilte… tá bealach fada siúlta ag na Dirty 9s ó thóg siad leo an comórtas ceoil Deis Roc siar i 2008 ach níl siad réidh leis an luas a mhoilliú go fóill, ná baol air.

Tá na buachaillí óga as an ardchathair – a bhaist a mbanna in ómós an leasainm atá ag a mbus áitiúil i mBaile Átha Cliath, an uimhir 39 salach – tar éis cúpla bliain a chaitheamh i mbun gigeanna in Éirinn agus thar lear agus tá lucht dílis éisteachta cruthaithe acu dá bharr.

Le cuidiú an e10,000 a bhuaigh siad ar chlár ceannródaíoch TG4, d’eisigh na leaids a gcéad albam, Stop Screaming, Start Dreaming, i 2010 agus thuill traiceanna ar nós ‘Lucy Opus’ agus ‘Corridors’ ardmholadh i measc na gcriticeoirí.

Ar na buaicphointí a d’eascair as eisiúint an albaim bhí an turas a thug an banna go Toronto Cheanada anuraidh le páirt a ghlacadh i Seachtain Cheoil na tíre, onóir mhór d’aon ghrúpa ceoltóirí.

“Bhí áthas an domhain orainn nuair a tugadh an deis dúinn seinm ann,” arsa Cian Mac Cárthaigh, príomh-ghiotaraí an ghrúpa.

“Is iomaí gig ar bhain muid sult mór as ó thosaigh muid ach is dócha go seasann an cheolchoirm sa Horseshoe Tavern i dToronto amach dúinn. Bhí muid tar éis seachtain a chaitheamh sa chathair faoin am sin, agus bhí rudaí ag dul go maith, ach fós féin bhí muid imníoch go leor mar ba showcase mór dúinn é.

“Tá an-chuid staire ag baint leis an Horseshoe, sheinm leithéidí na Rolling Stones ar an ardán céanna thar na blianta, ach d’éirigh go maith linn agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar an atmaisféar iontach a bhí ann ar an oíche.”

Tá Cian agus na baill eile, Fergal Moloney, Keith Brett agus Paul Rice, ar ais sa bhaile anois agus ag ullmhú le haghaidh an dara halbam, a bheas píosa beag éagsúil ón chéad cheann agus ón tsingil ghreamúil ‘Hey!’ a d’eisigh siad ní ba luaithe i mbliana.

“Tá muid ag scríobh agus ag taifeadadh i Stiúideonna Camelot in iarthuaisceart Chontae Átha Cliath agus tá an suaimhneas ansin ag tabhairt seans dúinn ár gceol féin a fhiosrú agus a aimsiú i gceart,” arsa Cian.

“Tá spreagadh á fháil againn ó áiteanna difriúla, tá muid ag éisteacht faoi láthair le leithéidí Foals, Bombay Bicycle Club, Arctic Monkeys, The National agus Lisa Hannigan, agus beidh an chéad albam eile seo ag dul i dtreo nua.

“Beidh níos mó uirlisí le cloisteáil air, synths agus veidhlín mar shampla, agus tá muid ag baint taitnimh as an bpróiseas.” Le leid a fháil ar an fhuaim úr seo ní gá ach éisteacht leis an amhrán ‘Stranded’ a thaifead siad do Hotpress le déanaí agus a bhfuil meascán deas ann de mhéaldráma agus d’fhuinneamh leithleach an bhanna, glór Fergal á thionlacan go séimh ag guth taibhsiúil baineann.

Fiú más ag dul i dtreo nua atá siad, tá Cian cinnte go mbeidh an grúpa go fóill ag cloí leis an nós atá acu amhráin Ghaeilge a chumadh agus a sheinm.

Chuaigh an leagan de ‘Hey!’ a rinne siad go speisialta faoi choinne albam Rí-Rá / SnaG i mbliana go mór i bhfeidhm ar chluasa Gaelacha, ach cad a shíleann Cian d’earnáil an nuacheoil Ghaeilge i gcoitinne?

“Tá feabhas ag teacht air i rith an ama agus is maith an rud é mar tá sé an-tábhachtach go mbíonn liricí Gaeilge le cloisteáil i ngach stíl ceoil,” ar sé.

“Tá sé deas a fheiceáil freisin go bhfuil bannaí ceoil amuigh ansin gan Gaeilge ar bith atá sásta iarracht a dhéanamh amhrán inár dteanga féin a chasadh le linn Sheachtain na Gaeilge nó nuair atá siad istigh i Raidió na Life i mbun seisiúin. Má leanann muid ar fad leis beidh caighdeán níos airde ag an nuacheol Gaeilge i gceann cúpla bliain. Caithfidh mé a rá chomh maith go bhfuil an-chuid déanta ag Rónán Mac Aodha Bhuí leis an gCabaret Craiceáilte chun an earnáil a spreagadh.”

Cé nach dóigh le Cian go bhfuil an margadh do cheol chomhaimseartha Gaeilge mór go leor go fóill go ligfeadh sé do bhannaí theacht i dtír ar liricí Gaeilge amháin, síleann sé go bhfuil nideog ann, nideog a bhfuil an-éagsúlacht ag baint léi.

“Ceann de na rudaí is fearr faoin cheol Gaeilge i láthair na huaire ná go bhfuil réimse leathan ann ó taobh stíleanna de, agus is rud iontach sláintiúil é sin. Tá Mo Hat Mo Gheansaí an-difriúil ó leithéidí MC Muipéad mar shampla agus cabhróidh an réimse seo le méadú an mhargaidh sa todhchaí.”

Tá na Dirty 9s ag cur leis an réimse sin i gcónaí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus beidh a lucht leanúna dátheangach ag súil go mbeidh siad ag déanamh amhlaidh go ceann i bhfad eile.

Tomaí Ó Conghaile