Rí Rá ar FM

Cuireadh tús le craoladh FM Raidió Rí Rá an lá inniu nuair a thosaigh an cnagstáisiún ag dul amach beo i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach.

Tá sceideal cuimsitheach curtha le chéile acu idir seo agus 22 Márta le scoth an cheoil nua agus rogha na cainte spleodraí ag bualadh na n-aerthonn ó 7.30rn ar aghaidh.

I measc na gcraoltóirí a bheas ag láithriú le linn na míosa tá Clíona Ní Mhuirí, Eoghan Mac Diarmada, Scott de Buitléir, Síne Nic An Ailí, Cillian de Búrca agus Miriam Maher, agus beidh aíonna speisialta éagsúla ina gcuideachta gach lá.

Tá an fhorbairt seo ar an chéim is mó atá glactha ag Raidió Rí Rá ó seoladh an stáisiún ar líne an tráth seo anuraidh agus táthar ag súil go gcuirfidh an craoladh sealadach seo tús leis an bpróiseas chun ceadúnas níos buaine a fháil amach anseo.

Bí cinnte go dtiúineálann isteach ar www.raidiorira.ie nó ar FM ag:

  • BAILE ÁTHA CLIATH 100.3
  • CORCAIGH 106.7
  • GAILLIMH 99.1
  • LUIMNEACH 105.5

Tá tuilleadh eolais faoi Raidió Rí Rá le fáil in eagrán 8 de nós*.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna:

4 Freagra ar “Rí Rá ar FM”

  1. Éisteoir Nua
    02.03.2009 ag 20:31 #

    D’éist mé le roinnt cláracha ar maidin agus bhí siad an-mhaith. Iontach Ghaeil óga fuinniúla a chloisteáil ar an aer.

    ‘Raibh aon duine eile ag tiúineáil isteach?

  2. Úna Nic
    02.03.2009 ag 23:02 #

    Ohh ahh Rí-Rá! Maith iad. Is breá liom an t-ainm.

  3. Niall 7
    03.03.2009 ag 18:35 #

    Táim tar éis cliceáil ar an nasc chuig an suíomh seo ó Raidió Rí-Rá agus táim sásta gur dhein! Dea-scéal é go bhfuil an iris agus an raidió faoi lán seoil anois!

  4. gavin greene
    04.03.2009 ag 21:44 #

    D’eist me leis ar feath 30 noimead agus me ag filleadh abhaile agus caithfidh me a admhail i gcomparaid le RnaG is e an taon rabhadh do dhaoine oga. ceol comhaimseartha briomhar agus bhi an laithreoir Miriam Maher iontach deas fuiniul. maith iad.

Tabhair Freagra