Nuair a bhí leithéidí Aphex Twin agus Autechre ag déanamh ath-shreangaithe ar a dtrealamh ceoil ag tús na nóchaidí chun ceol éisteachta na todhchaí a sholáthar don nglúin rave, bhí léiritheoirí mar Global Communications agus Simeon Bowring (Pentatonik) ag baint úsáide as a n-oiliúint chlasaiceach chun droichead a thógaint idir an ceol clasaiceach agus cultúr rince na gclubanna.
De réir a chéile d’fhág Bowring an t-urlár rince ina dhiaidh agus é ag druidim níos faide an t-am ar fad i dtreo stíl aimbiach siansach leithéidí Brian Eno, Ryuchi Sakamota agus Vangelis.
Dearbhaíonn A Thousand Paper Cranes go bhfuil an mheiteamorfóis curtha ag Bowring.
Ba scéal Sadako Sasaki príomh-inspioráid Bowring agus A Thousand Paper Cranes á chumadh aige.
Ba chailín dhá bhliain déag d’aois í a fuair bás de dheasca H-bhuama.
Do chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh.
Níor éirigh léi an méid sin a chur i gcrích, ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: “I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world”.
Sea, is albam frith-chogaidh Paper Cranes, saothar lán de shiansaí searbh-milis a insíonn an dá thaobh den saol in aimsir chogaidh; scéin agus úafás, gan dabht, ach crógacht agus lándícheall in aghaidh an anfa chomh maith.
“Chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh. Níor éirigh léi ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: ‘I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world’.”
Ceol a spreagan na mothúcháin agus a chruthaíonn íomhánna láidre físiúla. Is ó na haer-ruathair ar Londain sna daichidí a fuair Bowring a chuid inspioráide do Night Raids On London, mar shampla, agus, chun an ceart a thabhairt dó, tá atmaisféar agus íomhá shonraíoch a bhaineann leis na heachtraí úd le brath sa phíosa ceoil.
Tá sé deacair i gcás By The Sword gan comparáid a dhéanamh le téama cáiliúil Ryuchi Sakamoto don scannán Merry Christmas Mr. Lawrence, ach nach í an aithris an plámás is milse?
Ní gá do Bowring a thuilleadh ama a chur amú ar aithrisí, le Paper Cranes tá a áit taobh leis na máistrí gnóthaithe go maith aige.
Má thaithin sé seo leat bain triall as… Ryuchi Sakamoto – Merry Christmas Mr. Lawrence (Virgin) nó Brian Eno – Apollo – Atmospheres and Soundtracks (EG)
Ben Ó Faoláin





Táim tar éis é seo a chloisteáil ar líne, tá sé go haoibhinn…. is breá liom é – GRMA a Ben.
Aontaím… deas réidhchúiseach. Fuair mé é ar spotify