Little Lion Man, as Gaeilge

Tá Mo Hat Mo Gheansaí (aka na deartháireacha ceolmhara sin Tadhg agus Oisín as Cill Mhantáin) ag cruthú ainm dóibh féin ó bhuaigh siad Cath na mBannaí ar Raidió Rí Rá ní ba luaithe i mbliana.

Sheinm siad ag an Chabaret Craiceáilte ó shin agus tá líon na mbuillí ar a suíomh Myspace agus Youtube ag dul in airde i gcónaí.

Mar aon lena gcuid amhrán féin, tá an-tóir ar líne ar na leaganacha Gaeilge a dhéanann siad d’amhráin éagsúla chomhaimseartha agus, i measc na mbuaiceanna atá acu go dtí seo, tá an leagan iontach seo de ‘Little Lion Man’ de chuid Mumford and Sons.

Ceolmhar!

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: ,

2 Freagra ar “Little Lion Man, as Gaeilge”

  1. Ríomhóir
    06.08.2010 ag 18:46 #

    Iontach ar fad! Ba cheart do na leaids leanúint ar aghaidh leis an stuiff seo!

  2. Sinéad B
    09.08.2010 ag 22:07 #

    Chuala mé faoin ngrúpa seo le déanaí agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm… ní mór dóibh CD Gaeilge a chur amach!

Tabhair Freagra