comórtas scoil samhraidh!

nidhomnaillBuíochas le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bheas ar siúl i mBéal Feirste idir 27 Iúil & 2 Lúnasa, tá péire ticéad le haghaidh gig le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le buachan againn an mhí seo.

Beidh an cheolchoirm iontach seo, le beirt de na hamhránaithe is fearr sa domhan Gaelach, ar siúl Dé Céadaoin 29 Iúil agus chun seans bheith agat do lámha a fháil ar na ticéid, níl le déanamh agat ach freagra na ceiste simplí seo thíos a sheoladh chuig duais@nosmag.com roimh 26 Iúil.

Cárb as do Mhaighréad agus Tríona?

Breis eolais faoin Scoil Samhraidh le fáil ag www.ccmr156.com

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , ,

3 Freagra ar “comórtas scoil samhraidh!”

  1. Ceannairceach
    16.07.2009 ag 23:51 #

    Freagra seolta isteach…. tá cónaí orm i gCorcaigh ach má bhíonn an bua agam seans go bhféadainn taisteal suas!

  2. Dóchas :-)
    24.07.2009 ag 12:14 #

    Mise chomh maith!

  3. nós*
    28.07.2009 ag 13:52 #

    Ár mbuíochas le gach duine a chuir isteach ar an chomórtas.

    Is de bhunadh Ghaoth Dobhair Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, agus d’fhás siad aníos i gcontae na Mí.

    Bríd O’Loan a bhuaigh na ticéid – comhghairdeas léi!

Tabhair Freagra