Buíochas le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bheas ar siúl i mBéal Feirste idir 27 Iúil & 2 Lúnasa, tá péire ticéad le haghaidh gig le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le buachan againn an mhí seo.
Beidh an cheolchoirm iontach seo, le beirt de na hamhránaithe is fearr sa domhan Gaelach, ar siúl Dé Céadaoin 29 Iúil agus chun seans bheith agat do lámha a fháil ar na ticéid, níl le déanamh agat ach freagra na ceiste simplí seo thíos a sheoladh chuig duais@nosmag.com roimh 26 Iúil.
Cárb as do Mhaighréad agus Tríona?
Breis eolais faoin Scoil Samhraidh le fáil ag www.ccmr156.com









Freagra seolta isteach…. tá cónaí orm i gCorcaigh ach má bhíonn an bua agam seans go bhféadainn taisteal suas!
Mise chomh maith!
Ár mbuíochas le gach duine a chuir isteach ar an chomórtas.
Is de bhunadh Ghaoth Dobhair Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, agus d’fhás siad aníos i gcontae na Mí.
Bríd O’Loan a bhuaigh na ticéid – comhghairdeas léi!