logo

Comórtas – Live at Leopardstown

Tá NÓS agus Live at Leopardstown 2012 ag tabhairt amach 5 duais den scoth de na mórimeachtaí rásaíochta agus ceoil atá ar siúl ag baile na lobhar an samhradh seo.

Déardaoin 19 Iúil is iad Royseven a bheas ag bualadh amach na dtiúineanna ag an ráschúrsa, tá The Minutes ag ceol 26 Iúil, beidh Ryan Sheridan ar an ardán 9 Lúnasa agus cuirfidh The Saw Doctors féin deireadh leis an tsraith cheolchoirmeacha Déardaoin 16 Lúnasa.

Tá 4 péire ticéad le haghaidh do rogha gig agus oíche rásaíochta le buachan againn an mhí seo, mar aon le duais speisialta amháin de ‘Beartán na Féile / Festival Bundle’ a thugann cead isteach don bhuaiteoir móide 3 cara chomh maith le dearbhán béile don Festival Foodcourt agus buidéal Bud do gach aoi. An leor sin duit?!

Le bheith san iomaíocht do na duaiseanna iontacha seo ní gá ach freagra na ceiste simplí seo thíos, mar aon le d’ainm agus sonraí teagmhála, a sheoladh chuig eolas@nosmag.com roimh 6in Dé Céadaoin 18 Iúil.

Cén sórt rásaíochta a bhíonn ar siúl ag Baile na Lobhar?
A. Rásaíocht ioraí rua
B. Rásaíocht chapall
C. Rásaíocht Bhéarlóirí



  • Niamh nI bhroin

    B… Go raibh mile!

  • Úna B

    An-duaiseanna go deo!

  • ThatTopIrishLad

    roinnt feeker