logo

Comórtas: Bain dhá thicéad do cheolchoirm Gatibu!

Tá an t-inneall á théamh suas againn de réir a chéile anseo in oifigí nós* agus muid ag ullmhú chun an iris a athsheoladh i bhfoirm chlóite ag tús mhí na Bealtaine.

Mar chuid de na hullmhúcháin sin tá muid ag reáchtáil comórtais an tseachtain seo inar féidir le léitheoir amháin dhá thicéad do cheolchoirm speisialta an bhanna rac as Tír na mBascach, Gatibu, a bhuachan.

Beidh an ceathrar as Euskal Herria – a chuireann seónna beoga i láthair i gcónaí atá tar éis iad a chur ag barr liosta na mbannaí Bascaise le 10 mbliana anuas – ag seinm in Whelan’s, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin seo 4 Aibreán agus, le tacaíocht ar an oíche ón cheoltóir tallannach Erik Noon, is geall go mbeidh gig iontach i ndán don lucht éisteachta.

Le bheith san iomaíocht do na ticéid díreach seol freagraí ar an cheist seo thíos chuig eolas@nosmag.com roimh 10in Dé Máirt 3 Aibreán!

CEIST: Is é ‘Bascais’ an focal atá againne ar theanga na mBascach, ach cad é a thugann na Bascaigh féin ar a dteanga?

Aguisín: Beidh muid ar ais gan mhoill leis na sonraí ar fad maidir leis an athsheoladh, stay tuned!



  • Séamas

    Freagra seolta chugaibh. Níl aon chliú agam faoin ngrúpa ach níor mhiste liom dul!

  • spainis

    Rachfainn go gceolchoirm mas bhuafinn an comortas.