nós* » nós*

Níos mó ná club
Is iomaí tarraingt atá ag príomhchathair na Catalóine – aimsir na Meánmhara, atmaisféar La Rambla, ailtireacht Antoni Gaudí, draíocht an cheantair Ghotaigh – ach tá ceann amháin ann nach féidir éalú uaidh, is cuma cén áit sa chathair ina bhfuil tú: Barça.

Níl mórán rudaí a thugann léargas ar chuisle na gCatalónach mar a thugann cumann sacair Barcelona, atá i lár chroíthe mhuintir na tíre ó bunaíodh é siar sa bhliain 1899.

Le linn an 20ú aois chinntigh foirne Barça áit an chlub i measc na gclubanna sacair ba ráthúla riamh lena ngeansaithe blaugrana (gorm agus dearg) so-aitheanta ag lucht spóirt ar fud an domhain.

Tá Barcelona ag tosnú an tséasúir nua seo agus é de sprioc acu La Liga a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile agus beidh súil acu arís ar Chorn Churaidh na hEorpa a bhuaigh siad anuraidh chomh maith.

Má tá bród as cuimse ar lucht leanúna Barça as a laochra reatha ar nós Messi, Puyol, Iniesta agus an bainisteoir Pep Guardiola, tá bród paiseanta orthu fosta as tábhacht pholaitiúil an chumainn.

Fiú sna laethanta tosaigh bhí ceangal láidir ag an fhoireann leis an mhuinín a bhí á léiriú ag Catalónaigh ina gcultúr agus ina dteanga féin agus níorbh fhada gur thosaigh pobal na Catalóine ag amharc ar Barça mar fhoireann náisiúnta a dtíre.

In 1936 mharaigh fórsaí an deachtóra Spáinnigh Franco, mharaigh siad Uachtarán an chlub, Josep Sunyol, a bhí ina bhall den ghluaiseacht ar son neamhspleáchais, agus daingníodh an deighilt idir Barça agus údaráis na Spáinne dá bharr.

Sa lá atá inniu ann tá an choimhlint idir Barcelona agus Real Madrid ar na samplaí is inbhraite den teannas leanúnach idir an Chatalóin agus an Spáinn, teannas a rachaidh i méid de réir mar a fhásann gluaiseacht neamhspleáchais na gCatalónach.

Gné eile a chinntíonn ról an chlub sa phobal ná gur leis an 144,000 ball é agus ní le fear gnó amháin atá ag iarraidh a phócaí féin a líonadh ar obair na n-imreoirí agus ar airgead an lucht leanúna.

Go deimhin, go dtí i mbliana ní raibh aon urra corparáideach ag Barça mar gur roghnaigh siad airgead a thabhairt don chumann carthanachta páistí Unicef in ionad airgead a fháil isteach ó dhomhan an ghnó.

Is oiriúnach an mana é mar sin ‘Més Que Un Club’ (a chiallaíónn ‘Níos Mó Ná Club’ agus a bhíonn le feiceáil i measc na sluaite i bpáirc na foirne agus an pháirc imeartha is mó san Eoraip, Camp Nou, ag gach cluiche) don chumann sacair atá lonnaithe i gcathair atá, ar bhealach, níos mó ná cathair do na Catalónaigh mar is siombail de bheocht nua-aimseartha a dtíre í.

Bíonn an spiorad sin le mothú sa mheascán den nua agus den aosta atá le fáil sa chathair féin chomh maith, ón cheantar stairiúil cultúrtha lena chuid sráideanna fada casta agus cearnóga gnóthacha go dtí an baile nua-aoiseach ina bhfuil cuid de na foirgnimh nua-dheartha is deise san Eoraip.

Ní nach ionadh go mealltar na milliúin duine go Barcelona bliain i ndiaidh bliana, iad ar fad ag teacht mar gheall ar na clubanna cáiliúla ceoil; na bialanna beaga traidisiúnta; siamsaíocht sráide; margaí beaga; ardeaglaisí; La Sagrada Família; Plaça de Catalunya agus go leor eile.

Cibé cúis atá ag cuairteoirí le blas a fháil ar an chathair áfach, bíonn dathanna, geansaithe agus bratacha Barça le feiceáil go forleathan ar gach sráid agus i ngach cearnóg.

Mar an gcéanna le féiniúlacht an chlub féin, is dlúthchuid den chathair iad a chuireann le beocht bhreise sa bhaile mór agus atá mar lasair bhuan, ní hamháin don chlub Catalónach ach do spiorad an phobail a bhfuil feachtas tréan acu le bheith ar an chéad stát oifigiúil eile san Eoraip.

Visca Barça! Visca la Terra!

Beirlín Bheoga!
Dá mba rud é gur mhian leat cuairt a thabhairt ar chathair a bhfuil a lán staire ag baint léi agus, mar aon leis sin, atá beoga agus corraitheach agus ina bhfuil neart le déanamh go háirithe do dhaoine ar suim leo ragairne agus spraoi, tá Beirlín gan sárú!

Is cathair ollmhór í príomhchathair na Gearmáine agus caithfear ar a laghad seachtain a chaitheamh ann chun na hiontais go léir a fheiceáil agus aithne cheart a chuir uirthi.

Ní fiú dul ann ar feadh lae nó dhó mar ní thig le duine ar dhroim an domhain cuairt cheart a thabhairt ar an gcathair ársa seo sa tréimhse ghar sin.

Iontais

Tá Beirlín ag cur thar maoil le hiontais arbh fhiú a fheiceáil.

Geata Brandenburg, an Reichstag, an Tiergarten, an Balla, Checkpoint Charlie – sin na cinn is mó aithne ach tá i bhfad Éireann, nó i bhfad Beirlín ba chóir a rá, níos mó ná sin ann. Tá siad gan chuimse.

Is dóigh gurb é Geata Brandenburg an t-iontas is mó aithne sa chathair. Is comhartha na cathrach é agus is áille an geata é. I bhfochair an gheata, tá an Reichstag (Arás an Bundestag).

Bíonn sluaite móra i gcónaí ag triall ar an Reichstag chun siúl timpeall an chruinneacháhn ghloine agus na feisirí a fheiceáil ann. Bí ag súil le bheith ag feitheamh tamaill chun cead isteach a fháil, mar sin, ach is fiú é.

Sa cheantar céanna tá an Denkmal für die ermordeten Juden Europas (Cuimhneachán do na Giúdaigh Eorpacha a Dúnmharaíodh). Seo machaire ar a bhfuil breis agus 2,700 leacán tógtha air chun na milliúin Giúdach ar dhúnmharaigh na Naitsithe iad i rith an Dara Cogadh Domhanda a chomóradh.

Tá roinnt de na leacáin íseal ach éiríonn roinnt eile acu chomh hard le ceithre mhéadar. Tá na leacáin leagtha amach i dtreasa agus is féidir siúl eatarthu.

Shílfeá gur ait an bealach é chun na daoine a dúnmharaíodh a chomóradh mar go bhfuil cuma ghruama dhuairc ar na leacáin agus téann an duairceas sin i bhfeidhm ort agus tú ag siúl tríd.

Tá ionad eolais faoi thalamh ar an suíomh agus ba chóir cuairt a thabhairt air chun tuilleadh eolais a fháil ar cad a tharla san Uileloscadh. Níl Checkpoint Charlie rófhada ón séadchomhartha sin.

Buail trasna chuig an taobh thoir den chathair chuig an Fernsehtrum atá lonnaithe gar do Alexanderplatz a fheiceáil.

Thóg rialtais an DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine) sna 1960í é chun a léiriú cá mhéad dul chun cinn a bhí déanta acu agus freisin chun a gcumhacht a thaispeáint d’iarthar Bheirlín mar ba é, agus is é fós, an foirgneamh is airde sa chathair.

Is éard is brí le Fernsehtrum ná túr cianamharcaíochta. Cianamharcaíocht an chéad fhocal a bhí ann i nGaeilge ar theilifís agus is crann an-ard tarchurtha teilifíse é seo maille le hionad inar féidir Beirlín ar fad a fheiceáil ó ard san aer.

Is féidir dul suas chuig ardán breis agus 200m ar airde chun amharc ar an gcathair agus ar lá geal is féidir rudaí i gcéin agus i gcóngar a fheiceáil. Dá bhrí sin is oiriúnach an cur síos é túr cianamharcaíochta mar feidhmíonn sé mar chrann tarchurtha teilifíse agus mar ionad faire ag an am céanna.

Tabhair faoi deara gurb é an Fernsehtrum ceann de na hionaid is mó éileamh i mBeirlín. Tugann breis agus milliún daoine cuairt air gach bliain mar sin, arís, bí ag súil le feitheamh i scuaine fhada chun dul isteach ann.

Agus tú i bhfochair an Fernsehtrum, siúl chuig Alexanderplatz agus féach ar an gclog spéisiúil atá ann. Glaoitear Weltzeituhr air agus is aisteach agus iontach an clog é! Is cineál dealbh é ar a bhfuil aimneacha cathracha éagsúla ar fud na cruinne scríofa.

Taispeántar an t-am sna háiteanna sin ar an gclog neamhghnách seo agus ar mhullach na deilbhe tá cnuasach de chruinneáin atá mar léiriú de na plainéid agus iad ina bhfithis. Is nós do mhuintir na cathrach coinní a dhéanamh bualadh ag an gclog.

I measc na n-iontas eile ar chóir cuairt a thabhairt orthu ná an Tiergarten.

Is fearann ollmhór é seo i lár na cathrach ina bhfuil garraí na n-ainmhithe agus an Siegessäule (Colún an Bhua). Sin an séadchomhartha ar a bhfuil aingeal órga ar a mhullach a bhí le feiceáil sa bhfíseán don amhrán ‘Stay’ de chuid U2.

Is fiú go mór dul chuig Schloss Charlottenburg in iarthar na cathrach freisin, bruíon nó pálás gleoite í seo le seomraí agus garraí galánta ann.

Iarsmalanna

Is deacair é a shamhlú ach tá 180 iarsmalann éagsúla i mBeirlín – Conas a thig le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu uile riamh?

Tá oileán acu darbh ainm Museumsinsel (Oileán na nIarsmalann) ar a bhfuil cúig iarsmalann agus dánlann bailithe le chéile in aon cheantar amháin. Is iad na hiarsmalann is tábhachtaí agus is mó i mBeirlín.

Tá na hiarsmalanna seo ag cur thar maoil le hiarsmaí ársa ó shuíomhanna éagsúla ar fud na cruinne.

B’fhéidir gurb é Pergamonmuseum an ceann is iomráití de bharr an altóir ghalánta ón Tuirc ann agus an Geata Ishtar ón Bhablóin.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Iarsmalann an DDR atá suite in oirthear na cathrach (ar ndóigh). Is iarsmalann nua-aimseartha é seo chun tuiscint a fháil ar conas mar a bhí an saol ag daoine i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine sular theip uirthi in 1989.

Tá sí lán le léaráidí, mionsamhlacha agus taispeántais idirghníomhacha chun an phoblacht seo, a shíl go leor bheith urchóideach, a léiriú.

Tá lán cead ag daoine a láimhe a leagadh ar na taispeántas agus nithe a bhraith. Taitneoidh sé go mór le cách.

Bia

Má tá tú chun seal a chaitheamh i mBeirlín, is fiú béile ceart Gearmánach a chaitheamh.

Moltar go mór duit bualadh isteach sa bhialann Nante-Eck ar an tsráid mhór Unter den Linden i gceartlár na cathrach.

Caitheann na freastalaithe feistis dhúchasacha agus is bia Gearmánach amháin a dháiltear. Tá an bia breá folláin agus líonfaidh sé go draid thú!

Ba chóir freisin buidéal de Zille’s Fassbrause a cheannach agus a ól.

Is deoch neamhmheisciúil é agus is deacair an blas a mhíniú ach beidh fonn ort é a ól arís agus arís eile!

Siamsaíocht Oíche

Más mian leat dul ag damhsa istoíche tá neart roghanna agat. Glac leis an gcomhairle seo: Is club iontach é Matrix.

Tá sé suite in oirthear na cathrach agus tá seacht seomra ann le ceol éagsúil i ngach ceann acu. Bainfidh cách sult as.

Más fearr leat ceol damhsa, ba chóir dul chuig Waterfront atá tógtha cois abhann. Agus ionas nach mbeidh díomá ort, ná téigh in aice leis an gclub Tresor – is áit uafásach í.

Is cuma má mholann daoine go spéir é nó má mholtar é i bhfoilseacháin eile, ná téigh ann. Fanann na clubanna ar oscailt go dtí moch ar maidin.

Iompar

Tá córas iompair den scoth ar fáil i mBeirlín, mar a bheifeá ag súil leis.

Is iomaí cineál iarnróid atá ar fáil – S-Bahn, U-Bahn, riancharranna mar aon le busanna agus báid!

Tá iarnród timpeall lár na cathrach ar a dtugtar an Ringbahn (an Fáinne) agus is féidir taisteal anonn is anall air.

Moltar go mór duit Berlin WelcomeCard a cheannach nuair a shroicheann tú an chathair iontach seo mar bheidh tú in ann taisteal ar na córais éagsúla ar fad gan ticéid a cheannach i dtólamh.

Cathain le cuairt a thabhairt

An tráth ceart den bhliain chun cuairt a thabhairt ná anois, mí Aibreáin nó Bealtaine, sula mbíonn sé róthe nó i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair sula mbíonn sé rófhuar.

Seanán Ó Coistín

An Ceanada Ilchineálach
Is cuma cén sort laethanta saoire is fearr leat – grian agus gaineamh, bheith ag dreapadóireacht ar shléibhte sneachta, bia blasta den chéad scóth nó imeachtaí eachtraíochta – mar tá gach aon rud le fáil in Vancouver Cheanada, agus bhí an t-ádh dearg orm cúpla lá a chaitheamh ansin roimh an samhradh.

Is cathair iltíreach amach is amach í Vancouver lena lán cultúr domhanda le feiceáil sna bialanna, margaí spéisialta, siopaí agus comharsanachtaí difriúla, agus i ndiaidh San Franciso agus Nua Eabhrac is é Chinatown Vancouver an tríú ceantar Síneach is mó i Meiriceá Thuaidh.

Nuair a leigh mé sin i mo threoirleabhar, bhí sé ar m’intinn gan bheith ag caitheamh mo chuid ama sa chathair seo sna siopaí éadaí dearthóra céanna atá le fáil i gcathair ar bith ar domhan.

Mar sin de, ghlac mé turas timpeall Chinatown leis an chócaire clúiteach agus scríbhneoir ar chúrsaí bia, Stephanie Yuen.

Bia agus beatha

Ag siúl thart na sráideanna le Stephanie, bhí sé deas teangacha ar nós Cantainise agus Mandairínise a chloisteáil agus sráid-ainmneacha dátheangacha a fheiceáil chomh maith.

Chaith muid an t-am ag dul isteach agus amach ó shiopaí beaga ildaite ag blaiseadh stíl chócaireachta na Síne – ón bheith ag ól tae luibhe agus ag ithe cistí beaga traidisiúnta agus Dim Sum ón bhacús go dtí lacha faoi anlann pluma a ithe díreach ón bhúistéir, ní thiocfadh le siopadóireacht an lámh is fearr a fháil air in am ar bith!

Bhuel, sin an rud a shíl mé go dtí go ndeachaigh muid isteach chuig an phoitigéir agus chonaic mé afraidíseach déanta de choirp ainmhithe agus rudaí aisteacha mar sin… níorbh éigean dom iad a bhlaiseadh, buíochas le Dia!

Agus ag leanúint le téama an bhia, do mo chéad turas eile ghlac mé an Aquabus (bád farantóireachta beag gasta) go hOileán Granville le bualadh le Eric Pateman, stiúrthóir Edible British Columbia.

Bhunaigh sé an comhlacht turais chun eolas ar leith a thabhairt do chuairteoirí agus chun an chathair a chur ar an léarscáil mar áit a bhfuil ardchaighdeán bia agus bialanna le fáil inti. Bhí margadh poiblí Granville plódaithe ar an lá a bhuail mé leis, cé gur gnáthlá seachtaine a bhí ann.

Bhí gach sort bia le bolú, le blaiseadh agus, ar ndóigh, le ceannach ann ó bhia mara go cáiseanna, aráin agus pónairí caife, agus bhí sé deas scaifte chomh mór sin a fheiceáil ag cur suime i mbia úr agus nádúrtha.

Ní raibh mé féin ábalta triail a bhaint as mórán a bhí ar fáil áfach mar go raibh tábla ag fanacht orm ag Raincity Grill sa West End, atá suite ar English Bay.

Cúpla bliain ó shin chruthaigh foireann na bialainne seo biachlar úrnua darb ainm ‘100 Mile Tasting Menu’ a dhéanann ceiliúradh ar an bhia áitiuil orgánaic atá le fáil taobh istigh den 100 míle thart ar an phroinnteach.

Faoi láthair, tá siad ag baint úsáide as na glasraí is fearr ó fheirmeacha inbhuanaithe orgánacha an cheantair agus tá tuigbheáil acu ar cé chomh tábhachtach is atá an talamh agus slí bheatha na bhfeirmeoirí áitiúla.

Agus má tá dúil agat i dtrátaí blasta den scoth, is é teideal a dtarraingthe is deanaí ná ‘Tomato Tasting Menu’ a bhfuil trátaí mar Roasted Stoney Paradise Sungolds curtha ar fáil le muiríní úra ann… mmmm!

Nósanna na gCeiliúrán

Ach má tá tú ag iarraidh daoine le clú agus cáil a fheiceáil sa chathair seo, tá siad uilig thall in Yaletown sa Blue Water Café and Raw Bar.

Seo áit a ndeachaigh aisteoirí cosúil le Jennifer Aniston agus Halle Berry chun sushi nó sashimi a ithe agus iad ag scannánaíocht sa in Vancouver ar na mallaibh.

Ba shean-trádstóras é a ndearnadh athchóiriú air agus tá cistin oscailte ann anois mar aon le seomra spéisialta príobháideach lán le fíon den chéad scoth a chuireann na VIPs in áirithe.

Nuair a thug mé cuairt ar an bhialann, bhí trosc dubh ar an biachlár le hanlann soy agus sake, Artic Char agus liosta fada hoisrí, agus bhí an freastalaí an-eolach faoin reimse maith fíonta a bhí acu fosta.

Agus ag caint dom faoi Halle Berry, d’fhan sí sa díonteach ag an Metropolitan Hotel – an t-óstán ceanna ina raibh mé féin ag stopadh – nuair a bhí sí ag glacadh páirte sa scannán Catwoman tamall de bhlianta ó shin.

Cé nach raibh mise ag déanamh aon rud speisialta mar sin, is óstán ar fheabhas é a thagann leis an eispéireas iomlán ar an chathair iontach seo.

Tá an Metropolitan Vancouver cóngarach go leor do Pháirc Stanley, atá níos mó na Central Park i Nua Eabharc, le sléibhte sneachta North Shore le feiceáil ar chúl an óstáin. Bhí mo sheomra leapa te agus glan le leathanbhanda, troscán darach agus marmar sa seomra folctha.

Bhí linn snámha, seomra gaile agus cúirt scuaise ansin fosta agus, dá mbeadh tuirse ort, bhí síob saor in aisce le fáil in Jaguar ar maidin!

Spraoi Sléibhe

Ach níor ghlac mise an déis áirithe sin mar bhí mé ag dúil go mór leis an turas traenach a chuir mé in áirithe chuig Whistler, Sciáil Alpach Blackcomb.

Áit chlúiteach í seo maidir le spórt faoin spéir, go mór mór sciáil trastíre agus clársciáil, agus is anseo a bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh ag tús na bliana.

Ghlac an traein trí uair a chloig agus i rith an aistir bhí mé in ann mo chathaoir theolaí a fhágáil agus dul amach chuig an charráiste breathnóireachta le grianghraif a thógáil de radharcanna galánta Shannon Falls, Cheakamus Canyon agus Mount Garibaldi, nó Nch’kay i dteanga dhúchais na háite, Squamish.

Bhí sneachta ar bharr na sléibhte – bíonn le linn na bliana tríd – agus bhí codanna eile den tírdhreach chomh glas le cnoic s’againn féin anseo in Eirinn!

Nuair a bhain mé Whistler amach, mo chéad uair ar ski resort, bhí mé sásta dul faoi choinne siúlóid bheag leis an atmaisféar réchúiseach a mhothú.

Bhí daoine óga ag ól seacláid the sna caifí nó ag roinnt crúiscíní beorach sna tithe tábhairne. Sna siopaí bhí éadaí dearthóra sciála agus iad an-daor ach choinnigh mé an t-airgead a bhí fágtha agam le haghaidh turas gondola agus cupán seacláid the sular fhill mé ar an óstán ar an bhus.

Cé go raibh mé scriosta, bhí áthas an domhain orm go raibh mé ag teacht ar ais chuig mo sheomra sócúlach féin ag an Metropolitan… críoch fhoirfe le turas thar barr ar chathair thar barr.

Gráinne Nic Fhearaigh

An India Iontach
Agus í ag amharc ar mhórscannán Oscar na bliana seo, Slumdog Millionaire, smaoinigh an grianghrafadóir Kiri Barker siar go ceanúil ar an tréimhse a chaith sí féin i dtuaisceart na hIndia. Ní ionann agus roinnt léirmheastóirí eile, dar léi go dtugann an scannán léiriú sách fírinneach ar shaol na tíre. Ag cloí le stíl Slumdog, seo a cuntas ar conas a chuir an scannán eispéireas na hIndia i gcuimhne di.

Ceist 1 – Cad is ainm don riocht ina mbíonn na céadfaí faoi bhrú agus ina mbíonn sé deacair díriú ar aon rud faoi leith dá bharr?

a) Sensory Integration Dysfunction

b) Sensory Adaptation

c) Sensory Overload

d) Sensory Deprivation

Tá sráideanna na hIndia lán le bolaithe spíosraí, cnónna cócó, astuithe cairr, caca agus urlacain.

Bíonn na cluasa faoi ionsaí leanúnach ag bonnáin, popcheol ardairde Hiondúch a scaoiltear amach ó steiréónna gluaisteán agus caitheamh leanúnach seile, a bhíonn ard agus scornúil.

Bíonn dathanna iontacha le feiceáil ar fud na sráideanna ach bíonn siad i gcónaí róphlódaithe, de lá agus d’oíche, agus is minic a bhíonn bó bheannaithe ag siúl i measc na ndaoine.

I marbh-theas 37°C, ní leor a rá gur ‘cóisir chéadfaí’ í an India.

Freagra: Sensory Overload

Ceist 2 – Cad is ainm don staidéar ar an chumarsáid neamhbhriathartha idir daoine agus a gcaidrimh spásúla?

a) Personal Space Study

b) Proxemics

c) Ethnology

d) Social Science

Tá breis agus 17 milliún duine ina gcónaí in Delhi – cuir sin i gcomparáid leis an 21 milliún atá i mo thír féin, An Astráil, agus tuigfidh tú an dlús daonra atá i gceist.

Uair amháin agus mé i scuaine in aerfort na príomhchathrach, mhothaigh mé duine ar mo chúl mar sin bhog mé chun tosaigh le spás a thabhairt don bheirt againn.

Nuair a bhog mé áfach bhog an duine eile chomh maith go dtí go raibh a mbolg ag gobadh isteach i mbun mo dhroma. Thiontaigh mé thart, ag smaoineamh go raibh na céadta ag brú isteach ar ár gcúl, ach ní raibh ann ach bean amháin!

Ní raibh mé sa tír ach cúpla nóiméad ach fuair mé taithí láithreach ar conas atá sé bheith i do chónaí in áit le dlúthdhaonra.

Freagra: Proxemics

Ceist 3 – Cé a chum an ráiteas “survival of the fittest”?

a) Greg Mendel

b) Herbert Spencer

c) Charles Darwin,

d) Andrew Carnegie

Dúradh liom roimh ré nach raibh na hIndiaigh ionraic, ach fuair mé amach go luath go raibh siad díreach níos seiftiúla.

Sampla amháin de seo nuair a d’fhág cara liom a chuid éadaí salacha ag neachtlann sráide.

Dúirt sé leis an fhear ciúin ach gáireach a bhí ag an stalla go bhfillfeadh sé ní ba mhoille sa lá.

Ach nuair a chuaigh sé ar ais ní hamháin go raibh na héadaí ar shiúl, ach bhí an fear chomh maith.

Níor oibrigh an fear beag gáireach ag an stalla in aon chor ar ndóigh, bhí sé díreach san áit cheart ag an am ceart chun ‘bronntanas’ a fháil.

Freagra: Herbert Spencer

Ceist 4 – Tarlaíonn 8% de bhásanna áirithe an Domhain san India. Ach cén cineál báis?

a) Básanna míleata

b) Básanna bóithre

c) Básanna gunnaí

d) Básanna tionsclaíocha

Mórchuid an ama a chaith mé ar an ‘chóras’ iompair Indiach, bhí mo chroí i mo bhéal le heagla, mé an-bhuíoch as an árachas a bhí agam agus ag smaoineamh go mbeinn ag dul ar ais chun an bhaile i mála coirp.

Tiománadh na busanna go contúirteach agus róchongarach d’imeall na mbóithre, chomh congarach sin go dtiocfadh leat creatlaí scriosta busanna eile a fheiceáil ag bun na ngleannta.

Thug an t-eispéireas sin léargas éigin ar fhealsúnacht na gcomharthaí bóithre:

‘Be mild on my curves’

‘After whiskey driving risky’

‘Go slow my friend on my bend’

‘Someone is waiting for you, drive slowly’

‘Drive slow live long’

Agus, dála an scéil, is ionann ‘aerchóiriú’ san India agus an fhuinneog a oscailt.

Freagra: Básanna bóithre

Ceist 5 – Le Delhi a thiontiú ina ‘cathair den scoth’ roimh na Cluichí Comhlathais in 2010, tá na péas ag ruaigeadh na mbacach de na sráideanna. Faoi choinne cá mhéad bliain ar féidir bacach a chur i bpríosún?

a) 2 bhliain

b) 5 bliana

c) 7 mbliana

d) 10 mbliana

Is cuid de ghnáthshaol na hIndia iad bacaigh sráide.

Bailíonn dílleachtaí bochta thart ort i rith an ama, a súile móra ag impí ort airgead a thabhairt dóibh agus a lámha amach réidh lena thógáil.

Is féidir neamhaird a dhéanamh díobh, iad a dhiúltú nó rud éigin a thabhairt dóibh, ach gach seans nach rachadh an t-airgead chun tairbhe dóibh.

Níor thug mé féin airgead dóibh mar go raibh a fhios agam go mbeadh ‘a dtuilleamh’ ag dul i dtreo na gceannasaithe a bhíonn ag stiúradh ghrúpaí na mbacach.

Fiú bia, rachadh sé ar ais chuig na ceannasaithe cé go dtiocfadh leat paicéad a oscailt ar dtús agus ansin é a thabhairt do na páistí.

Ach níl sé sin foirfe ach an oiread mar is minic a thugtar amach do na bacaigh as gan a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart nuair a tharlaíonn sé sin.

Freagra: 10 mbliana

Ceist 6 – Cá mhéad turasóirí eachtrannacha a thugann cuairt ar an India gach bliain?

a) 1 mhilliún

b) 2 mhilliún

c) 3 mhilliún

d) 4 mhilliún

Bíonn muintir na hIndia iontach fiosrach faoi eachtrannaigh, chomh fiosrach sin go gcruinníonn siad le chéile i ngrúpaí chun stánadh ort, rud nár éirigh mé cleachta leis ariamh.

Mar sin féin tá siad an-chairdiúil agus baineann siad an-sult as bheith ag cleachtadh a gcuid Béarla, a mbíonn blas coilíneach Sasanach air an chuid is mó den am.

Léiríonn na ceisteanna a cuireadh orm go minic cé chomh dírithe atá siad ar stádas sóisialta:

‘Are you married?’

‘What does your husband do?’

‘What does your father do?’

‘What do you do?’

Bhí díoma orthu go minic nuair a luaigh mé gur ag obair le nuachtán a bhí mé ag an am, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu gur oibrí sóisialta í mo chara, ‘gairm an-uasal’ a dúirt siad.

Mar sin féin thaitin sé leo nuair a fuair siad amach gur Astrálach a bhí ionam agus gurbh as mo bhaile dúchais féin do chaptaen fhoireann cuicéid na hAstráile, Ricky Ponting – is breá leo a gcuid cruicéid san India.

Rud nach raibh dúil mhór agamsa ann áfach ná na dreamanna fear ag stánadh ort, ná na teaghlaigh éagsúla a d’iarr ort theacht chun an bhaile leo le grianghraf a ghlacadh díot in éineacht lena mac (bhí an pictiúr le crochadh ar an bhalla de réir cosúlachta).

Bhí teaghlach amháin ann a bhí ag iarraidh mé a scannánú go fiú, fianaise go raibh duine ón iarthar ina dteach féin.

Freagra: 4 mhilliún

Praha Maorga
Cad is féidir a rá faoi chathair chomh clúiteach le Prág?

Tá áilleacht agus saibhreas cultúrtha na hÓrchathrach seo clóiste ag cách, agus tá bunús maith leis an iomrá céanna.

Suite ar Abhainn an Vltava i lár Phoblacht na Seice, tá Praha mar chroí polaitiúil, cultúrtha agus eacnamaíochta an mhórcheantair thart uirthi le breis agus 1000 bliain agus tá oidhreacht luachmhar le fáil inti dá bharr.

Treibheanna Gearmánacha agus Slavacha, Impirí Naofa Rómhánacha, Giúdaigh, Clann Habsburg, Naitsithe agus Cumannaigh – d’fhág siad ar fad a rian ar an chathair agus tá an éagsúlacht le feiceáil ar dhromchlá na háite féin, ó na spuaiceanna Gotacha agus cruinneacháin Bharócacha go cuannacht Art Nouveau agus foirgnimh chearnógacha an 20ú Céad.

RADHAIRC INSPÉISE

Tá cúpla lá, ar a laghad, de dhíth le Prág a fheiceáil mar is ceart.

Is é an SeanBhaile an ceannscríbe ag cuid mhór turasóirí agus is é is minic a fheictear ar chártaí poist, le ailtireacht speisialta ar gach sráidín agus ábhar suime ar gach taobh den phríomhchearnóg, Staromestske Namesti.

Ina measc seo tá an chlog réalteolaíoch ar SheanHalla na Cathrach agus Eaglais ard Tynsky Chrám.

Ag ceangal an tSeanBhaile leis an Mala Strana gleoite ar bhruach eile an Vltava, tá Karluv Most (Droichead Shéarlais) ón 14ú Céad, ar tarraingt mhór turasóirí é, agus ag amharc anuas ar an chathair uilig tá Caisleán Phrág, an caisleán Meánaoiseach is mó san Eoraip agus áit ar fiú cuairt a thabhairt uirthi ar mhaithe leis an radharc iontach amháin.

Ó thaobh na n-ionad eile inspéise, tá ceathrú stairiúil na nGiúdach an-pictiúrtha ar fad agus tá Cearnóg Wenceslas, ar an taobh ó dheas den SeanBhaile, breá bríomhar aon am den lá nó oíche le bialanna, tithe tábhairne agus tramanna Praha ag gluaiseacht tríd.

Rud eile a bhíonn le feiceáil minic go leor na laethantha seo sa Chearnóg ná cuairteoirí ar dheireadh seachtaine na muc agus na gcearc ach ní ar thóir Mozart, Dvorák ná Kafka a bhíonn siad de ghnáth, mar sin, is féidir iad a sheachaint más mian leat.

SIAMSA

Maidir leis an saol oíche, tá club mór ar Wenceslas darb ainm Duplex a mbíonn idir lucht Praha agus lucht turasóireachta ag tarraingt air agus, gar dó, ar Vodickova, tá club eile, Lucerna, a bhfuil dream óg idirnáisiúnta aige.

Tá lear mór beáranna agus bialanna deasa sa SeanBhaile a chuireann bia traidisiúnta ar fáil agus, taobh le Droichead Shéarlais, is féidir gréim agus deoch a fháil in Lavka le linn na hoíche ar fad.

Más duine thú a chronaíonn an baile agus tú thar sáile, tá do rogha pubanna Éireannacha ann chomh maith mar sin ní gá dul gan friochadh!

Is é cultúr s’acu féin an rud is tarraingtí faoi Phrág áfach agus ní bheidh obair agat imeachtaí a aimsiú in am ar bith den bhliain.

Snagcheol go ceolchoirmeacha clasaiceacha, ceol sráide go healaíon fhoirmiúil, tá gach gné cludaithe acu.

SAOL NUA

Is cathair nua-aoiseach í fosta ar ndóigh agus feictear na sreangshiopaí céanna is a fheictear i mBaile Átha Cliath, Londain nó Nua-Eabhrach.

Tá Béarla ag beagnach gach oibrí ann agus, cé go mb’fhéidir go ndéarfaí nach bhfuil cuid de na daoine áitiúla chomh hoscailte le daoine i dtíortha eile san Eoraip, cuirtear fáilte roimh thurasóirí i gcónaí.

Agus is iomaí turasóir atá ann. Dá bharr sin, tá siad ann a deir go bhfuil cuid den tsean-draíocht caillte ag Prág – mar atá is dócha ag nach mór gach mórchathair san Eoraip – ach athraíonn cúrsaí le himeacht aimsire agus is fíor go bhfuil a sáith tarraingtí fágtha ag príomhchathair na Seiceach go fóill.

Má tá sé i gceist agat, mar sin, am a chaitheamh sa chathair aoibhinn seo agus a buaiceanna speisialta a bhaliseadh duit féin, ní loicfidh Praha ort.

Tomaí Ó Conghaile

An Pótaire Ceart – bar lidamo
Bar Lidamo, La Spezia, An Iodáil

Mar a fuair muid amach an mhí seo caite, a chairde, ní in Inis Fáil ná in Alba amháin a bhíonn na Gaeil ag ól* ach is nós coitianta san Iodáil é chomh maith, tír inar chaith an Pótaire seo agaibh roinnt ama i mbun taighde… muise obair mhaslach a bhí ann a deir sibh féin.

Anois, chaith mé an chuid is mó den am i mo bheár áitiúil, Bar Lidamo, agus gnáthbheár Iodálach den atá ann.

Ar ndóigh, is féidir deoch a fháil in Bar Lidamo mar a bheadh duine ag súil leis – fíon, beoir, uisce beatha cibé rud atá uait seachas ceirtlis, nach dtaitníonn leo – ach ólann an chuid is mó de na daoine a thagann isteach caifé, nó espresso mar a thugann muid air i nGaeilge.

Is féidir pionta a fháil, bhál ‘media’ déanta na fírinne, atá beagnach mar an gcéanna ach nach mbíonn an gloine lán go scornach.

Is áil liom beoir Iodálach, tá sé briosc agus glan ach ag an am ceánna bíonn sé rud beag ró-ghásáilte dom agus b’fhéidir go mbeadh do bholg rud beag tinn an lá dar gceann, má thuigeann sibh mé.

Ní leann dubh é, ag deireadh an lae: níl sé oiriúnach don seisiún trom.

Chomh maith leis sin, is féidir ithe san áit. Is é a chomráidí s’agam a dhíbríonn an tart le sú eorna, níl ort dul abhaile ar chór ar bith, leoga tá leithreas ann fosta! Dá mbeadh leapa ann bheinn ansin fós.

Thig leat paste (cineál croissants nó Danishes le hábhar milis istigh ann), panino (ceapaire), uachtar reoite, pizza, salad, milseáin, brioscáin, gach sórt a fháil ann.

Tá rud éigin eile ann freisin, mar atá aperitivo, an rud is fearr liom faoin Iodáil ar fad.

Cineál manglaim a óltar roimh an dinnéar leis an chorp a ullmhú atá i gceist go bunúsach ach is féidir beoir a fháil más fearr leat agus is féidir cinn neamh-mheisciúla a fháil do na bambini.

Tagann an aperitivo le giotaí beaga bia, potaí beaga le bia éagsúil a bhíonn ann de ghnáth. Piseanna talún, ológa, cilíthe, brioscáin, oinniúin charamailiste, gircíní, píotsa, ispíní, paté agus neart eile. Tá siad rud beag cosúil le tapas na Spáinne ach níos fearr, cad chuige? Mar bíonn siad saor in aisce i gcónaí.

Is féidir leat an lotto a dhéanamh ann fosta nó cúpla punt a chur ar chapall, púl a imirt, cártaí a imirt, bheith ag súgradh ar na meaisíní agus mar sin de – ní nach ionradh nach mbíonn go leor ama acu díriú isteach ar an ól mar is ceart, fiú agus mise ag iarraidh an pléisiúr simplí sin a theagaisc dóibh.

Ar ais chuig an bheár, is é an difear eadar beár áitiúil den chineál seo agus na tábhairní atá againn i bhFódhla ná gur rud pobail atá ann, tá sé níos sóisialta ná mar a bhíonn tithe tábhairne s’againne, tá sé geal oscailte agus glan.

Cha bhíonn sé lán déagóirí ólta ag éisteacht le Bon Jovi agus ag ligean orthu féin go bhfuil siad crua ag ól vodca, chan é idir: rud sibhialta atá ann, tá cultúr thar ólachán trom fágtha ann ach is cinnte cé go gcronaíonn Gael fánach thall rud beag ruaille buaille agus callán.

Má bheas duine ar bith thall san Iodáil, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar na beáranna áitiúla, b’fhearr i bhfad sin ná dul thart ag iarraidh beár flatpack Éireannach a aimsiú ina bhfuil droch-leann dubh agus bréag-Éireannachas gallda á bhrú i rith an ama.

Sin ráite tá pubanna ‘Éireannacha’ ann atá fíormhaith thall ach is cineál stíl atá i gceist acu sin seachas bheith ag ligean orthu go bhfuil siad in Éirinn.

Saluté!

* Ar ndóigh, tá measarthacht ar gach rud agus ní bhíonn an Pótaire ag moladh in am ar bith gur cheart bheith ag ól barraíocht, bíonn blas ar an bheagán chomh maith

Kool København
Tagann an logainm København ó Købemændshavn – Cuan na gCeannaitheoirí – agus ba é sin go díreach céard a bhí i gceist leis an gcathair álainn seo – margadh iontach d’éinne ag iarraidh roinnt rudaí a cheannach ar saoire!

Agus is álainn an chathair í gan amhras, suite ar an gcósta le meascán deas de stair spéisiúil agus de shaol nua-aoiseach Chríoch Lochlann.

ROGHA LEATHAN

Nuair a thagann tú amach ón aerfort, is fearr traein a fháil go Hovedbanegården (go liteartha, an phríomhstaisiún iarnróid) chun a bheith i gcroílár na cathrach. Ó shin, is féidir dul chuig do rogha áite, bíodh sin siopadóireacht a dhéanamh nó béile a fháil ar Strøget (an phríomhshráid siopadóireachta) nó ceann de na hóstáin fhaiseanta agus saor i lár na cathrach.

Ar na hóstlanna is fearr sa chathair tá DanHostel (45 Hans Christian Andersen Blvd.), an leagan Danmhairgeach de An Óige. Má tá cárta ballraíochta An Óige agat, is féidir rátaí a fháil ar phraghasanna níos lú ná an gnáthchostas, ach fós ní chosnaíonn gnáthsheomra ach 70 Kroner Danmhairgeach (¤25) an duine an oíche.

Seo an áit inár fhan mise don tsaoire, agus bhí an áit iontach gléasta suas agus glan, ach caithfidh mé a admháil nach raibh an rogha bia ann sármhaith, go háirithe do véigeatóirí.

Níorbh fhadhb mhór í áfach mar tá ná bialanna sa chathair dochreidte amach is amach.

FÁILTE MHÓR LOCHLANNACH

Agus ní bheidh tú san fhaopach muna bhfuil an teanga áitiúil agat ach an oiread mar tá Béarla iontach ag na Danmhargaigh – tá orthu é a fhoghlaim ar scoil ó 4 bliain d’aois agus tá paisean acu chun fáilte ollmhór a chur roimh thurasóirí.

Is breá leo chomh maith cúis ar bith bheith acu chun cóisir a chaitheamh, agus tá na clubanna is fearr na Lochlannach suite i lár København.

Tá Pan CPH suite cúpla nóiméad ó Strøget agus seinntear gach uile sórt ceoil ó pop go damhsa go latino, ag brath ar an oíche. De ghnáth, cosnaíonn sé timpeall 15DKK (¤10) chun dul isteach, ach is fiú go mór é.

GRIANGHRAFANNA GO LEOR

Don té a théann thar lear díreach chun na mílte griangrafanna a thógáil, is fiú siúl go dtí deireadh Strøget mar tagann tú go Nyhavn, áit a dtógtar gach pic chárta poist de København.

Lán de chaiféanna, siopaí beaga agus pub nó dhó, tá na céanna seo foirfe do thurasóirí atá ag éirí tuirseach tar éis lá mór siopadóireachta nó dul timpeall na háite.

Gearr do Nyhavn, táthar in ann Amelienborg Slot (Caisleán Amelienborg), áit chónaithe Chlann Ríoga na Danmhairge, a fheiceáil. Ní féidir turais lastigh a thógáil seachas ar laethanta náisiúnta speisialta, ach is pálás iontach atá ann, mar sin is fiú go mór griangraf nó dhó a thógáil de.

Má leantar ar aghaidh ón Slot baineann tú amach Kongens Nytorv, páirc álainn chathrach atá ar nós Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath Cliath.

Ó shin, is féidir siúl tríd go dtí go bhfeiceann tú Statens Musæm for Kunst – An Músaem Stáit d’Ealaíon – agus ní féidir Cóbanhávan a fhágáil gan cuairt a thabhairt ar an áit dochreidte seo.

Níl mórán sa mhúsaem atá ar thaispeáint go buan, mar sin bheifeá cinnte nach mbeadh an dara cuairt cosúil leis an gcéad cheann ar chor ar bith.

Chomh maith leis sin, tá sé saor isteach, muna bhfuil aon ócáid speisialta ar siúl.

Tá go leor eile le déanamh san áit – músaem na long Lochlannach agus Gairdíní Tivoli san áireamh – ach mar atá a fhios ag éinne, ní féidir cuairt a thabhairt ar København gan Den Lille Havefrue – An Mhaighdean Mhara Bheag – a fheiceáil. Is fearr tacsaí, ‘taxa’, a thógáil amach chuici mar tá an dealbh suite i lár na docklands, beagáinín amach ó lár na cathrach.

Ach, tóg faoi ndeara go bhfuil sí chomh beag mar atá luaite ina hainm – ní Big Ben Londan nó Túr Eiffel í an Lille Havefrue!

Fós, an rud is annamh is iontach.

Scott de Buitléir

Breizh Go Deo – cuairt ar an bhriotáin
Is minic a thiomáineann daoine trí chúinne iarthuaisceartach na Fraince agus iad ar a mbealach chuig ionaid mhóra saoire an deiscirt. Ní gá taisteal chomh fada sin áfach chun ceantar saoire, atá chomh tarraingteach céanna le háit ar bith sa République, a bhaint amach.

Suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin.

TEANGA

Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt ag mórchuid phobal na Briotáine – Breizh ina dteanga féin – a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin.

Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Paris nach mbeadh ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus – cosúil leis an Bhascais, an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis agus eile – níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh.

In ainneoin go ndeirtear go bhfuil ceathrú milliúin cainteoirí laethúla sa lá atá inniu ann, mionlaíodh an teanga an oiread sin thar na blianta gur deacair anois don chuairteoir teacht ar áiteanna ina bhfuil Brezhoneg in úsáid mar phríomh-mhodh cumarsáide.

Ní hé sin le rá áfach nach bhfuil sciar den phobal gníomhach in athchruthú shaol na teanga agus páirteach i gcur chun cinn chultúr dúchasach na Briotáine trí chéile. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm, cuirfidh an turasóir Gaelach suim i gcónaí sna logainmneacha áitiúla agus is iomaí ionad nó scoil dhátheangach, Diwan, atá le fáil ar fud na tíre chomh maith.

ÁILLEACHT

Má tháinig meath ollmhór ar theanga dhúchais na Briotáine, níl aon mheath – ná baol air – ar bhia, ar dheoch nó ar áilleacht na háite.

Is í Rennes – Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach – an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud na domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is baile bríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Ste-Anne atá na bialanna agus pubanna is spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an mheascán eagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha.

Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar Breizh ná Nantes/Naoned. Cé go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí an Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Briotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc agus, i lár an bhaile, tá cúpla pub deas Ceilteach ann ina mbíonn ceol Briotánach, agus Éireannach, le fáil go minic.

Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus beann galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlán a chaitheamh sa chuid seo den tír.

Ó chuannacht Vannes/Gwened agus Quimper/Kemper go galláin ársa Carnac – atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip – téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca.

Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí-rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra – nó anseo in Éirinn b’fhéidir – bíonn craic go leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa.

Gach bliain tugann na mílte cuairt ar Lorient/An Oriant le haghaidh Le Festival Interceltique, féile ollmhór cheoil ag a mbíonn na ceoltóirí agus bannaí is fearr ón diaspóra Ceilteach ag seinm agus a chruthaíonn atmaisféar leictreach sa bhaile cósta. Bíonn an áit lán go béal le linn na féile agus is buaicphointe suntasach í ar fhéilire imeachtaí na bliana.

Buaicphointe eile ar aon turas chuig Breizh ná an bia. Tá gach cineál bia mara sa dúiche, é uilig úr blasta, agus ar ndóigh ní féidir cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo gan blaiseadh den crêpe milis.

Bon appetit! Kalon digor!

Tomaí Ó Conghaile