logo
TAISTEAL
San Fran

Ar Strae i San Fran

Bhí eispéireas ar leith ag fear na Ceathrún Rua, Eoghan Ó Loideáin, i gCathair Naomh Proinsias. Seo a scéal... Tá sé chomh deacair Éireannach a aithneachtáil i measc slua thar lear is atá sé cás bréagaitheanta a dhéanamh idir Clint Eastwood agus Georgia Salpa s’againne, agus í suite ar do ghlúin ag ...

cuba

Codarsnacht i Lár na Cairibe

Tar éis dó coicís a chaitheamh i mbun taistil i gCúba, déanann Séamas Ó Meachair cur síos ar oileán atá lán de chodarsnachtaí. Deirtear gur tír í Cúba atá ar thairseach na staire ach más fíor sin is cosúil nach miste le tromlach na gCúbach. Tar éis dom aghaidh a thabhairt ar an oileán álainn i lár ...

Meicsiceo

Meicsiceo Molfach

Thaisteal  Seanán  Ó  Coistín  mórthimpeall  Mheicsiceo  i rith an tsamhraidh agus is  iomaí  seoid   a  d'aimsigh  sé  ar  a  thuras.  Seo  a  chur  síos  ar  an  tír  fhairsing... Is tír mhór dhraíochta é Meicsiceo atá ag cur thar maoil le stair agus seanchas, le hiontais ársa, ...

deia-mallorca

Bia, Áilleacht agus Cultúr Fíréanta Catalónach

Is oileán é Mallorca a bhfuil turasóirí ag tarraingt air le blianta. Taobh amuigh de na hionaid mhóra saoire áfach tá áilleacht agus cultúr fíréanta Catalónach le fáil. Thug Hugh Corcoran cuairt ar an chreig seo i lár na farraige... Tá ceangal agam leis an Chatalóin ar chúis éigin. Níl a fhois agam ...

fion-wine

Scéalta Gringo – Ar Meisce in Mendoza

Caoimhín Ó Fearáin ar thuras ar fud Mheiriceá Theas Deireadh mhí Iúil a bhí ann, lár an gheimhrimh sa leathsféar theas agus mé ar mo bhealach go ceantar Mendoza san Airgintín chun lá a chaitheamh ar fhánaí na nAindéas san ionad sciála Los Penitentes. Ach ar dtús, rachainn ar thuras fíonlainne nó ...

Potos---Neil-Liddle

Scéalta Gringo- Ar thóir an Airgid

Caoimhín Ó Fearáin ar turas ar fud Mheiriceá Theas Ag seasamh 4090m ó leibhéal na farraige, tá an baile mianaigh Potosí, an chathair is airde ar domhan. Ach níos mó ná seo is cathair álainn í atá ar liosta oidhreachta UNESCO agus tábhacht stairiúil ar leith léi. I lár na 15ú aois aithníodh Potosí ...

Níos mó ná club

Is iomaí tarraingt atá ag príomhchathair na Catalóine – aimsir na Meánmhara, atmaisféar La Rambla, ailtireacht Antoni Gaudí, draíocht an cheantair Ghotaigh – ach tá ceann amháin ann nach féidir éalú uaidh, is cuma cén áit sa chathair ina bhfuil tú: Barça. Níl mórán rudaí a thugann léargas ar ...