nós* » nós*

Déan Dinnéar Dom…
Tá an clár teilifíse Come Dine With Me [CDWM] tar éis scáileáin na hÉireann a shroicheadh, ach an bhfuil aon slí ab fhéidir linn an coincheap seo a úsáid sa domhan réalaíoch?

Tá an bhliain nua tar éis tosnú sna coláistí agus tá sórt CDWM tar éis a bheith socraithe ag scoláirí i gcoláiste DCU.

Mar is eol do chách, uaireanta ní bhíonn a lán airgid ag scoláirí (ar fáth éigin), mar sin cad a dhéantar?

An-simplí, roghnaigh do ghrúpa cairde is fearr (cúigear b’fhéidir), roghnaigh biachlár i bhur measc féin le meascán béilí agus voilá, ar aghaidh libh.

Beidh an fhreagracht ort lá amháin den tseachtain agus ní bheidh ort cócaireacht agus an glanadh suas a dhéanamh gach uile lá.

Nach deas an rud é sin?

Scoláire amháin atá tar éis an tionscnamh seo a thógáil ná Mícheál Mac Giolla Chearr, a bhí ina chónaí ar champas DCU an bhliain seo caite.

“Is iontach an rud é” a deir sé, “bíonn duine amháin mar óstach oíche amháin agus oíche eile bíonn an chéad duine eile, ní bhíonn strus ort an t-am ar fad.”

Admhaíonn sé nach mbíonn siad chomh dian cosúil leis an gclár féin, “ní théann gach duine abhaile i dtacsaithe le páipéar agus scór! Is rud níos sóisialta é, neamh-dháiríre. Is saghas club é agus bainimid fíor-thaitneamh as.”

Sár-roghanna na scoláirí ná curaí sicín, lasagne, píotsa, sceallóga, an fajita agus glasraí.

Is bia éasca é seo atá simplí chun cur le chéile, is ionadh mór é nach bhfuil chuile dhuine á dhéanamh seo seachas ‘takeaway’ a cheannach.

Chomh maith leis sin is féidir leat na comhabhair go léir a fháil ar phraghas réasúnta má dhéantar biachlár cliste amach.

Molann Mícheál oícheanta mar seo a eagrú i measc mic léinn.

“Ar a laghad bain trial as uair amháin. Cloistear faoi dhaoine a itheann McDonalds gach uile lá, ach má roinneann tú an chócaireacht tá gach duine sásta agus bia úr ar an mbord.

“Cén fáth nach mbeadh sé ar intinn agat airgead a shábháil?”

Ba ar Channel 4 na Breataine siar sa bhliain 2005 a craoladh Come Dine With Me ar dtús agus ó shin i leith taispeánadh leaganacha den chlár i mbeagnach 30 tír ar fud an domhain. Is ar TV3 a chraoltar an seó anseo in Éirinn.

Úna-Minh Caomhánach

Puipéid na saoirse
Tá beirt phuipéad i ndiaidh theacht ar an saol ó thuaidh agus chuirfeadh siad sna duibheagáin thú bheith ag éisteacht leo.

Clár úr teilifíse ar BBC 2, atá déanta ag an chorparáid féin, dar teideal Belfast Fm atá i gceist (ná measc suas é le FM Belfast, banna leictreonach as an Íoslainn!).

Tá an seó leamh, neamhghreannmhar, lag, bómanta agus gan smaointeoireacht ar bith taobh thiar de.

Buíochas le Dia nach bhfuil sé ar fáil ach amháin sna sé chontae mar dá bhfeicfeadh an domhan mór sin, shílfeadh siad nárbh í seo ‘Tír na Naomh agus na nOllamh’ ar dhóigh ar bith!

Tá an clár suite i mbloc árasáin i mBéal Feirste agus is iad na puipéid ná DJ Steeky agus Pablo, beirt ógánach áitiúla atá i mbun staisiún raidió mídhleathach.

Ní amháin gur droch-steiréitíopa iad d’ógánaigh lucht oibre Bhéal Feirste, agus ní amháin go mbíonn siad ag spalpadh na mionnaí móra i rith an ama, níl siad greannmhar!

Anois, ní miste liom an F mór, táthar ann a bhfuil gráin acu air, is cuma liom i ndáiríre, a fhad is go bhfuil gá leis sa ghreann, ach ní gach darna focal, agus ní hé an F mór an focal is measa a úsáideann siad nach mbeadh ar focal.ie.

Agus mé ag amharc air, ní thiocfadh liom gan bheith ag smaointiú siar ar na laethanta siúd nach raibh stádas mar is ceart bainte amach ag Raidió Fáilte agus muid ar bharrurlár na Cultúrlainne agus shíl mé liom féin, nach bhfaighfeadh muidne ar shiúl le rudaí mar seo a rá ar an aer.

Ansin, rith sé liom gurbh fhéidir go bhfuil na puipéid ábalta rudaí a rá agus a dhéanamh nach bhfuil daoine daonna in inmhe a dhéanamh.

Miníonn sé sin ar bhealach an dóigh a raibh Dustin an turcaí ábalta cur isteach ar an Eurovision agus blas láidir Bhaile Átha Cliath air, agus gan bheith in ann ceol – cé nach gcuireann sin isteach ar chuid de na hiomaitheoirí daonna ach oiread.

An uair amháin a mbíonn an puipéad bainte de lámh an phuipéadora, ní ann dóibh a thuilleadh agus ní ann do bharúlacha s’acu ach oiread. Seans gur sin an fáth go mbaineann daoine oiread sin sult astu.

In amanna deir siad na rudaí atá ar bhéal na ndaoine, gan teacht aniar agus gan mórán fadhbanna. Míníonn sé sin an dáimh atá ag na hÉireannaigh do na puipéid seo, smaoinigh orthu uilig a tháinig amach thar na blianta.

Is cuimhin linn uilig bheith ag amharc ar Bosco agus muid óg, ag iarraidh fáil amach cad é a bhí taobh thiar den doras draíochta sin, Dustin an turcaí agus muid ag smaointiú ar an dóigh is fearr lena thachtadh, Zig agus Zag, na Morbegs, Podge agus Rodge agus ná déanaimis dearmad ar Muzzy Mór a theagasc an frasa “Is mise Muzzy, Muzzy mór” dóibh siúd a bhí ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sna 6 chontae ar feadh na mblianta, cé nár chuidigh sé leo morán agus iad sa Ghaeltacht.

Cruthaíonn na puipéid bealach amach agus urlabhra do mhuintir na tíre seo, a bhfuil eagla orainn an rud atá ar ár n-intinn a rá amach, ach má chuirtear giota éadaí ar ár lámha agus muid i bhfolach faoi thábla, deirfeadh muid rud ar bith.

Samhlaigh dá mba rud go raibh puipéad ar láimh againn agus muid ag dul chun na faoistinne (aon duine a théann a thuilleadh), tá mé ag déanamh go mbeadh i bhfad níos mó paidreacha ráite ná mar a bhíonn ag an bhomaite, nó ar chéad dáta, cá bhfios cad é a thiocfadh amach.

Na puipéid abú a deirim féin, viva na puipéid, viva la revolución agus amach leis an fhírinne, ach nach féidir linn é a dhéanamh ar dhóigh níos greannmhara ná boic nua an BBC?

Caoimhe Ní Chathail

La Piel Que Habito
Tá aithne idirnáisiúnta ar an stiúrthóir Spáinneach Pedro Almódovar as scannáin atá cineál éagsúil agus ar an imeall a dhéanamh agus níl aon amhras ann go bhfuil an saothar is déanaí seo uaidh ag cloí leis an nós sin.

Mar an gcéanna le cuid mhór eisiúintí eile dá chuid, tá sé deacair La Piel Que Habito (An Craiceann ina bhFuilim) – a bheas le taispeáint anseo in Éirinn ón lá inniu faoin teideal The Skin I Live In – a mhíniú gan mórán eolais atá riachtanach don scéal a thabhairt ar shiúl ag an am céanna.

Seo an chéad iarracht ag Almódovar dul isteach i réimse an uafáis agus cé nach mbeidh an lucht féachana ag screadaíl os ard go minic mothóidh siad an-mhíchompordach lena linn tríd.

Díríonn an plota ar iar-mháinlia plaisteach (Antonio Banderas) a d’éirigh as a phost chun dul i mbun taighde tar éis gur dódh a bhean chéile go holc i dtimpiste gluaisteáin.

Ba mhian leis craiceann sintéiseach a chruthú atá in ann cur suas le droch-thaismí agus is í a mhuc ghuine don obair seo ná bean óg álainn Vera (Elena Anaya) a gcoinníonn sé faoi ghlas í ina theach mór iargúlta.

Cuirfidh an scéal, a bhfuil mothúchán láidir gnéis le brath ann, isteach ar dhaoine ach cuirfidh sé go leor ceisteanna orthu fosta.

Is scannán aisteach é gan aon agó ach tá draíocht an stiúrthóra le feiceáil ann agus tá sé dodhéanta na himeachtaí a thuar, rud a choinneoidh greim ar bhreathnóirí go dtí an deireadh.

Má tá rud éigin uait a spreagann smaointeoireacht agus a thugann éalú ó mór-scannáin Hollywood an tsamhraidh, seo duit.

13 Assassins
Tá an Seapánach Takeshi Miike ar na scannánóirí is bísiúla dá bhfuil ann – tá breis agus 80 scannán déanta aige le 10 bliain anuas.

Is cinnte gur faoi dheifir a dhéanann sé an mhórchuid dóibh, scannáin uafáis a chuireann an lucht féachana ag preabadh ina suíocháin ó thús deireadh, ach dealraíonn sé gur ghlac sé a chuid ama leis an eisiúint is déanaí uaidh, Jûsan-nin no shikaku, nó 13 Assassins mar is fearr aithne air sa tír seo.

Suite i lár an 19ú Céad, leanann an plóta scéal dhá ghrúpa Samúraí, ceann amháin acu a chosnaíonn an tiarna olc Naritsugu agus ceann eile a dhéanann iarracht é a bhriseadh as cumhacht.

Tá tréimhse shíochánta i réim i náisiún feodach na Seapáine ach is marfóir síceapatach sádach é Naritsugu a bhfuil cead a chinn aige ar an ábhar gur deartháir an tSeogain é.

Agus imní ar go leor daoine go scriosfaidh an droch-thiarna seo cibé síochána atá fágtha sa tír, mar aon leis an chumhacht atá ag an Seogan, cinneann oifigigh shinsearacha go gcaithfear é a fheallmharú.

Is é an Samúraí uasal Shinzaemon a roghnaítear le bheith i gceannas ar an bhanda trodaithe atá chun deireadh a chur leis an tiarna agus fios maith acu gur dócha nach dtiocfaidh siad ar ais ón tasc atá rompu.

I ndiaidh na seachtainí de dhiantraenáil agus de phleanáil, tugann na Samúraithe aghaidh ar na sléibhte le luíochán a chur ar bhuíon Naritsugu ach tugann siad faoi deara go luath gur mó i bhfad líon trodaithe an tiarna.

Déanann siad neamhaird den droch-chorrlach áfach agus leanann na Samúraithe lena bplean chun gach iarracht a dhéanamh Naritsugu a mharú, fiú má thuilleann sé a mbás.

Tá réimse duaiseanna buaite ag an scannán cheana féin i macasamhail na Seapáine de na Gradaim Oscar agus i nGradaim Scannán na hÁise ach is é an dúshlán is mó a bheas roimh an saothar thar lear ná breathnóirí a mhealladh thar an chéad leathuair a chloig a bhogann go mall i gcomparáid leis na radhairc níos spleodraí atá le feiceáil níos moille anonn sa scannán.

Seans go bhfuil an iomarca troideanna claimhte ann dóibh siúd nach dtaitníonn a leithéid leo ach tá nósanna na linne léirithe go cruinn ag Miike agus tá roinnt sár-aisteoirí Seapánacha i measc na foirne, rud a chinntigh go raibh ráth mór ar an scannán ina thír dhúchais.

Mar a bheifeá ag súil ó Miike agus ón chúlra scannáníochta atá aige, tá go leor píosaí fuilteacha ann chomh maith le géagaí ar iarraidh i seat nó trí, mar sin ná gabh lena fheiceáil má tá eagla ort roimh dhoirteadh fola, ach ag an am céanna níl aon amhras ann go bhfuil an stiúrthóir seo in ann íomhá agus atmaisféar cumhachtach a chruthú.

Bhí 13 Assassins ag dul i dtreo 3 as 5 ar feadh tamaill ach thug an deireadh, atá ar na radhairc chatha is fearr dá bhfeicfeá i scannán ar bith, an marc breise dó.

Eiseofar é i bpictiúrlanna áirithe in Éirinn ar 6 Bealtaine.

Pirates of the Caribbean: On Stranger Tides
Ba mhór an steall a rinne Pirates of the Caribbean i bhfarraige na bpictiúrlann nuair a eisíodh an chéad scannán sa tsraith, The Curse of the Black Pearl, in 2003.

Den chéad uair le blianta fada, cuireadh atmaisféar shaol na bhfoghlaithe mara os ár gcomhair ar bhealach beoga dathannach agus lean luchtanna féachana ar fud an domhain eachtraí an Chaptaein Jack Sparrow, Will Turner, Barbossa agus Elizabeth Swann go sonasach fonnmhar.

Bhí foireann den scoth curtha le chéile ag an stiúrthóir Gore Verbinski – Geoffrey Rush, Orlando Bloom agus Keira Knightley ina measc – ach ba é Johnny Depp a thug leis an moladh ba mhó ina ról iontach mar an Gealbhan greannmhar.

Bhí an-chuma air, bhí plota ann agus bhí carachtair nua shuimiúla ann. Sár-scannán eachtraíochta.

Gluais chun tosaigh go 2011 áfach agus tá scéal eile le hársaí faoi Jack agus a chairde.

Tháinig dhá scannán amach ó shin, Dead Man’s Chest agus At World’s End, agus cé gur ghnóthaigh siad go leor ag na díoloifigí ní dhearna ceachtar acu an steall chéanna ó thaobh caighdeáin de.

Anois tá an ceathrú eisiúint, On Stranger Tides, i bpictiúrlanna na tíre agus níl aon amhras ach go bhfuil splanc na sraithe ag dul i ndísc de réir a chéile.

Tá Depp agus Rush ar ais ina ngnáthpháirteanna agus tá cúpla foghlaí nua in éineacht leo, mar atá Angelica (Penélope Cruz) agus an Captaen olc Blackbeard (Ian McShane).

An iarraidh seo tá siad uilig in iomaíocht lena chéile chun teacht ar Fhuarán na hÓige Síoraí atá áit éigin i mórcheantar Mhuir Chairib agus a bhfuil léarscáil, dhá chailís airgid agus deor maighdine mara de dhíth orthu chun é a aimsiú.

Tosaíonn an cuardach i Londain agus leanann eachtra fhoréigneach eachtra fhoréigneach eile, gan mórán de scéal ann lena nascadh le chéile.

Ar ndóigh, tá spraoi go leor ar an bhealach mar aon le píosa nó dhó grinn a thaitneoidh le breathnóirí níos sine agus tá na radharcanna mórthaibhseacha ar na buaiceanna is mó atá ag an scannán.

Ag an am céanna, tagann leadrán isteach sa scéal giota ar ghiota agus ní féidir ach a cheapadh go bhfuil déantóirí na sraithe díreach ag maireachtáil ar an rath a bhí ar a gcuid iarrachtaí roimhe.

Dar le Depp go bhfuil an-ghrá aige don charachtar atá cruthaithe aige thar na ceithre scannán, agus is cinnte gurb é a choinníonn suim an phobail i bhfoghlaithe seo na Cairibe, ach tá laigí nach beag sa script an babhta seo a chiallaíonn nach bhfeictear an t-aisteoir ar bharr a mhaitheasa.

Fuair Rob Marshall réidh le scéal grá Bloom agus Knightley, rud a chuir áthas ar go leor criticeoirí, ach tá rómánsaíocht eile curtha aige ina áit nach gcuireann mórán leis an scannán seachas nóiméid bhreise nach bhfuil gá leo.

Bainfear sult áirithe as an iarracht is déanaí seo, ag páistí ach go háirithe, ach níl an spréach ann agus cé go gcuirfinn geall go dtiocfaidh scannán uimhir a cúig amach am éigin sa todhchaí, ba cheart gurb é seo deireadh an phlainc don tsraith.

Tomaí Ó Conghaile

Thiar sa Sahára
An Túinéis. An Éigipt. An Libia. Maracó.

Tá ainmneacha na dtíortha seo go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire, spotsolas na meán domhanda ag díriú isteach ar na hathruithe atá ag tarlú iontu de bharr iarrachtaí na cosmhuintire éirí amach in éadan a réimeas lochtach chun cothromas agus cearta a éileamh.

Is mór an spreagadh atá tugtha ag muintir na stát seo do thíortha eile atá ag fulaingt faoi lámh láidir agus nach raibh an miseach iontu labhairt amach go dtí seo, ach tá pobal áirithe i dtuaisceart na hAfraice atá i mbun streachailte le fada an lá, cé nach mbeadh a fhios sin agat agus cónaí ort sa chuid seo den Eoraip, nó ag leanúint na meán Béarla ar aon nós.

Le breis agus 35 bliain anuas tá feachtas ar siúl ag an Saharawi, muintir an tSahára Thiar, chun neamhspleáchas a bhaint amach ó Mharacó, a ghlac seilbh ar an dúiche in 1975 nuair a d’imigh na Spáinnigh i ndiaidh dóibh bheith i gceannas ann ó dheireadh an 19ú Céad.

Bunaíodh ‘Poblacht Dhaonlathach Arabach an tSahára’ le cur i gcoinne éilimh na Maracach ar an talamh ach thar na blianta díbríodh na mílte teifeach Saharawi ón dúiche agus cáintear Maracó go minic mar gheall ar chearta daonna phobal an tSahára a shárú go fóill.

Tháinig an t-aighneas chun cinn arís i mí na Samhna anuraidh nuair a mharaigh fórsaí Maracacha roinnt teifeach i gcampa i dtuaisceart na tíre agus tá cainteanna idir an dá ghrúpa i ndúsháinn ó shin.

Ach cé go bhfuil muintir an tSahára Thiar ag maireachtáil faoi na coinníollacha seo le fada, níl aon laghdú tagtha ar a misneach, ná baol air.

Léiriú amháin ar an dúil atá ag an Saharawi leanúint ar aghaidh lena gcúis agus a scéal a scaipeadh leis an domhan mór ná an Fhéile Idirnáisiúnta Scannán a eagraíonn siad gach bliain faoi ghrian láidir an ghaineamhlaigh.

An t-aon fhéile scannán ar domhan le bheith á reáchtáil i gcampa teifeach (cuirtear ar siúl é i gcampa thar an teorainn san Ailgéir), seo an t-ochtú bliain de Festival de Cine del Sahara, nó FiSahara, ar chuir scannánóirí ón Spáinn é ar bun chun aird a tharraingt ar chás an 180,000 duine a raibh orthu éalú óna n-áit dhúchais.

I bhféile na bliana seo, a bheas ar siúl idir 2-8 de mhí na Bealtaine, beidh scannáin ar nós Desert Flower, El Baile de la Victoria, Le Petit Nicolas, Tiempo de Leyenda agus To Shoot an Elephant, a díríonn ar ionsaithe Iosrael ar mhuintir Gaza ag deireadh 2008, mar aon le cúpla saothar ón Afraic Theas mar atá White Wedding agus Manuscripts of Timbuktu.

Ní hamháin go dtugann an fhéile deis as an ghnáth do theifigh Saharawi scannáin ardchaighdeáin a fheiceáil ar an scáileán mór, ach tá oideachas lárnach sna himeachtaí chomh maith le ceardlanna scannánaíochta ar siúl do dhaoine fásta agus do dhaoine óga araon.

I measc na mbuaicphointí eile tá turais agus ceolchoirmeacha i lár an fhásaigh agus rás clúiteach na gcamall, ar bhain Javier Bardem an-sult as nuair a thug sé cuairt ar an fhéile cúpla bliain ó shin.

Agus ó tharla go bhfuil an rás sin luaite anois, bronntar Camall Bán ar an scannán is fearr san fhéile, cé gur féidir an t-ainmhí féin a mhalartú le haghaidh deilbhe de chamall sula dtéann tú ar ais ar an eitleán…

Mar sin ó thaobh na cúise taobh thiar de, an tsuímh agus na duaise is fearr riamh, bheadh ag bua ag féile scannán an Saharawi ar Cannes aon lá den tseachtain!

Una B

Ag Seacht Chun Deiridh
Tharraing Seacht go leor airde nuair a bhuail sé an scáileán beag den chéad uair cúpla bliain ó shin agus i mí Eanáir craolfar an ceathrú sraith, agus an ceann deireanach, ar TG4 agus BBC 2.

Mar an gcéanna leis na cláir a chuaigh roimhe, níl easpa conspóide i measc na mac léinn i mBéal Feirste an uair seo agus dírítear ar ábhar mar SEIF, dúnmhárú agus féinmhárú le linn na sraithe corraithí.

Díreach ón tús titeann sé ar na mic léinn déileáil le bás duine dá gcairde ag lámha an léachtóra, Steve Cassidy.

In ainneoin deacrachta i ndiaidh deacrachta, leanann siad lena n-iarrachtaí cothrom na Féinne a bhaint amach dá gcara.

Tá  Paddy an-tógtha le hiar-ghrá léi agus tá Joanne ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach di féin mar láithreoir teilifíse.

Mar a shílfeá ag súil leis mar sin, tá baol, greann, grá, éad, náire agus gráin uilig fite fuaite le chéile le linn na gclár ar fad.

Cé gur thosaigh an seachtar amach mar strainséirí, feicfear sa chlár deireanach gur mar dhlúthchairde a scarann siad ag deireadh a dtréimhse ollscoile. Aaahhh…

Is cúis bhrón í do léiritheoir na sraithe Colin O’Donnell go bhfuil ceann scríbe bainte amach ag Seacht ach, mar sin féin, tá sé thar a bheith sásta le hardchaighdeán na sraithe.

“Is é mo thuairim gur éirigh linn dul ó neart go neart sa cheithre bliana seo, ní hamháin i dtaobh scéalaíochta de ach ar gach bealach,” arsa sé.

“Bhí dul chun cinn le feiceáil sna haisteoirí ó bhliain go bliain agus tá lúcháir orm go bhfuil muid ag cur críche le ceithre bliana den dráma le sraith an-láidir.”

Cé go bhfuil deireadh ag teacht le Seacht áfach, tá sraith eile á forbairt ag Stirling Film & Television, a léirigh Seacht ón tús.

Clár é Scúp atá lonnaithe in oifigí nuachtáin Ghaeilge – an mbeidh aon chosúlacht ann le hoifigí Gaelscéal? Beidh le feiceáil! – agus meastar go mbeidh sé le feiceáil ar a scáileáin le linn 2012.

Idir an dá linn, is féidir amharc ar eachtraí deireanacha Seacht gach oíche Luan ag 9.30 in ar TG4 agus ag 10.00 in ar BBC2 an tuaiscirt ó 3 Eanáir ar aghaidh.

Ag amharc chun tosaigh
Fiú sula dtagann deireadh le bliain amháin, bíonn lucht scannán an domhain ag amharc chun tosaigh ar eisiúintí na bliana seo chugainn agus iad ag iarraidh buille faoi thuairim a thabhairt ar na scannáin a phléascfaidh an díoloifig nó a mheallfaidh aird an phobail ag féilte neamhspleácha sa bhaile agus i gcéin.

Agus ag caint ar fhéilte, díreach ag tús 2011 beidh suim Éireannach san fhéile iomráiteach Sundance, a bheas ar siúl in Utah SAM ag deireadh mhí Eanáir, mar taispeánfar dhá fhádscannán ón tír seo den chéad uair ann, mar atá The Guard, scéinséir grinn ina bhfuil Breandan Gleeson agus Don Cheadle, agus Knuckle, a dhíríonn isteach ar throdaíocht láimhe.

Beidh dhá ghearrscannán Éireannacha le feiceáil le linn na féile chomh maith, The External World ar beochan é le David O’Reilly agus an dráma gleoite de chuid Cathy Brady, Small Change, a bhuaigh gradam ag Féile Scannán Chorcaí i mbliana.

Séasúr na nGradam

Is ag tús na bliana a bhíonn mórimeacht na scannán príomhshrutha, na hOscars, chomh maith ar ndóigh le hócáid 2011 ag titim amach ar 27 Feabhra.

Tá blas éigin Éireannach ar The Fighter a d’fhéadfadh bheith san iomaíocht le haghaidh gradaim.

Scannán faoi stiúir David O’Russell é a leanann scéal ‘Irish’ Mickey Ward (Mark Wahlberg), dornálaí ó Massachusetts a bhain clú amach sna 1980í agus a bhfuil amhrán ag banna mór Boston, Dropkick Murphys, ina ómós.

Tá na deartháireacha Coen ar ais le True Grit, athdhéanamh de scannán buachaillí bó ó 1969 a raibh John Wayne é féin ann (tá Jeff Bridges agus Matt Damon sa leagan úr) agus tá sé ag tarraingt go leor moltaí ó léirmheastóirí cheana. An bheirt Coen i mbarr a réime a deirtear faoin cheann seo agus is cinnte go mbeidh sé gar do dhuais sna míonna amach romhainn.

Beidh deis ag an saothar is úire de chuid Danny Boyle, 127 Hours, gradam a bhaint amach chomh maith agus tá caint áirithe ann faoi The King’s Speech agus Black Swan.

Natalie Portman agus Mila Kunis na príomhaisteoirí in Black Swan agus tugann an bheirt acu taispeántais láidre uathu ina róil mar dhamhsóirí bailé atá in iomaíocht chasta le chéile.

Scannáin Leantacha

Tá an chuma ar 2011 gur bliain eile lán sequels a bheas inti chomh maith le roinnt mhaith scannán leantach le teacht amach, thar an samhradh ach go háirithe.

Ina measc sin a bhfuil líon mór daoine ag fanacht air tá an ceathrú scannán sa tsraith Pirates of the Carribbean, On Stranger Tides.

Le heisiúint i mí na Bealtaine, beidh Johnny Depp ar ais i ról an ghealbhain é féin, an Captaen Jack Sparrow, ach ní bheidh réalta nó beirt eile ó na chéad scannáin, mar atá Orlando Bloom agus Keira Keightley, le feiceáil an babhta seo, rud a chuireas díomá ar idir fhir agus mhná.

Cé gur thaitin an tríú caibidil At World’s End, a tháinig amach in 2007, leis an lucht féachana, ní bhfuair sé fáilte ró-the ón lucht léirmheasa agus beidh súil ag an stiúrthóir úr, Rob Marshall, a bhí sa suíochán stiúrtha do na ceoldrámaí Chicago agus Nine, beidh súil aige idir léirmheastóirí agus bhreathóirí a mhealladh an samhradh seo.

Beidh X Men ar ais ar an scáileán mór i mí an Mheithimh le First Class agus, ag cloí leis an fhicsean eolaíochta, tá Transformers le teacht ar ais chomh maith faoin teideal Dark of the Moon cé go mbeidh na róbait gan Megan Fox a bhfuil á páirt á líonadh anois ag Rosie Huntington-Whiteley.

Bhí rácháirt nach beag ar The Hangover nuair a tháinig sé amach an bhliain seo caite, an greann áibhéalach áiféiseach ag cur daoine ag gáire i bpictiúrlanna ar fud an domhain, mar sin beidh dúshlán mór roimh an dara scannán sa tsraith an t-áischothú dearfach céanna a fháil sa samhradh.

Is i mBangkok na Téalainne a thiteann an chraic ar fad amach an iarraidh seo agus bí cinnte de go mbeidh eachtraí na mboc chomh craiceáilte céanna arís i mbliana.

Agus le Harry Potter ar ais faoi láthair le cuid a haon de The Deathly Hallows, ní féidir dearmad a dhéanamh ar chuid a dó a bheas ag bualadh na scáileán i lár 2011.

Seo an t-eagrán deiridh sa tsraith ollmhór a chuir draíocht ar óg agus aosta le roinnt blianta anuas agus táthar ag dreim le críoch chorraitheach le scéal an draoi agus a chairde ar fad ag Hogwarts.

Tá Pixar ar ais i mbun aicsin chomh maith leis an scannán leantach de Cars agus an príomhcharachtar Lightning McQueen – ní gaol ar bith é do Steve – anois ag taisteal an domhain agus ag iarraidh fanacht ar shiúl ó thrioblóid.

Feicfear Tom Cruise os comhair an cheamara arís i scannán eile de chuid Misson Impossible – ní raibh Cruise thart le tamall mar sin beidh sé spéisiúil fáil amach conas a éiriónn leis san eagrán seo a bhfuil Ghost Protocol air – agus, muna leor sin de na sequels, tiocfaidh Robert Downey Jr. agus Jude Law ar ais mar Sherlock Holmes agus Dr. Watson.

Iar-fhear Pixar, Brad Bird, atá ina stiúrthóir ar Sherlock Holmes 2 agus táthar ag meas go dtabharfaidh sé gné éigin sa bhreis don iarracht.

Bliain eile lán aiscin agus eachtraí i saol na pictiúrlainne mar sin, bí cinnte go bhfaigheann tú blas de!

Mary & Max
Ba iad scannáin shultmhara Wallace & Gromit ba mhó a tharraingt aird an phobail ar an chré-bheochan agus, cé gur ainmhí eile ar fad é Mary and Max, níl aon amhras ann go meallfaidh an scannán gleoite seo níos mó breathnóirí i dtreo na cré-ealaíne.

Scéal as an ghnáth é scéal na beirte i dteideal an scannáin.

Is cailín óg uaigneach as an Astráil í Mary Daisy Dinkle, nach bhfuil aon chairde aici, sa bhaile ná ar scoil, agus socraíonn sí lá amháin ainm duine randamach a phiocadh amach as an leabhar gutháin agus litir a sheoladh chucu.

An t-ainm a roghnaíonn sí ná Max Jerry Horovitz, fear de bhunadh Nua-Eabhrac a chaitheann a chuid ama ag piocadh suas bruscair agus ag freastal ar chruinnithe de chuid Overeaters Anonymous, sin nuair nach bhfuil sé ag caitheamh siar brocairí seacláide.

Cuireann litir Mary tús le cairdeas tras-ilchríochach, cairdeas atá ag teastáil go géar ón bheirt acu agus atá ag croí na dtéamaí ar fad sa scannán.

Cé gur beochan áibhéalta é, tá Mary and Max bunaithe go pointe ar fhíorscéal agus bhí cara pinn ag stiúrthóir an scannáin, Adam Elliot, ar feadh 20 bliain le duine as an Úll Mór a raibh, cosúil le Max féin, siondróm Asperger orthu.

Is cuid lárnach den scéal é an uair a bhfaigheann Max amach faoina fháthmheas, agus spreagann sé sin Mary tabhairt faoina saol féin a shocrú.

Téann na blianta isteach, cora an tsaoil ag dul i bhfeidhm ar an dís phríomhcharachtair, ach leanann an ceangal eatarthu agus cruthaítear an nasc idir iad féin agus an lucht féachana mar an gcéanna.

Shílfeá go dtiocfadh cuma choiméideach na gcarachtar salach ar an ábhar atá cineál tromchúiseach in amanna ach ní thagann agus éiríonn le hElliot pictiúr mothúchánach a tharraingt de shaol na beirte.

Pléann sé go hionraic le dúlagar agus meascann sé gnéithe dorcha le greann maith.

Tá foireann shuntasach curtha le chéile aige chomh maith chun na guthanna a dhéanamh, le Toni Collette, Philip Seymour Hoffman agus Eric Bana uilig le cloisteáil, mar aon le Barry Humphries mar reachtaire an scéil.

Chaith Elliot breis agus bliain i mbun oibre ar a shaothar agus b’fhiú go mór an t-am a chaith sé leis.

Scannán searbh-mhilis é a bhfuil atmaisféar uaigneach le mothú ann ach tá dóchas le brath chomh maith sa mhéid is go léiríonn cairdeas Mary agus Max cumhacht na daonnachta, rud nach féidir ach tionchar a imirt ar chách a n-amharcann air.

Tá Mary and Max ar eisiúint theoranta ón tseachtain seo.

Tomaí Ó Conghaile

The Illusionist
Chuir an beochantóir Sylvain Chomet draíocht ar lucht féachana ar fud an domhain lena shár-scannán Belleville Rendezvous (aka Les Triplettes de Belleville) roinnt blianta ó shin ach tá sé ar ais anois le saothar a sháraíonn fiú an chéad iarracht sin.

Leanann The Illusionist scéal an draíodóra ardáin, Tatischeff (ainmnithe in ómós don scannánóir Francach Jacques Tati, a scríobh an bhunscript), a fhágann slán ag Páras chun aghaidh a thabhairt ar Alba, é ag súil go mbeidh níos mó ratha ar a cheird i hallaí siamsa Dhún Éideann ná mar a bhí ina thír dhúchais féin.

Ar an bhealach casann Tatischeff ar chailín óg as Inse Ghall, Alice, nach labhraíonn ach Gaeilge na hAlban leis agus a chreideann go fíor ina chleasa draíochta.

Agus é mar chineál athar ag a chara nua, déanann an draíodóir gach iarracht airgead sa bhreis a thuilleadh lena mbeatha a thabhairt i dtír, is é sin sula mealltar an Gael óg isteach ag tarraingtí eile na cathrach móire.

Suite ag deireadh na 50í, tá pictiúr draíochta cruthaithe ag Chomet de phríomhchathair na hAlban, é ag úsáid líníochtaí traidisiúnta seachas na teicnící nua 3D atá i mbarr réime i saol na beochana le tamall de bhlianta anuas.

Agus sin díreach an áit a bhfuil bua an scannáin seo.

Caitear go fíneálta le hábhar agus le carachtair araon, íomhánna gleoite curtha os comhair an bhreathnóra ó thús deireadh a fhágann gur deacair an rud é gan bheith tarraingte isteach ag an saothar álainn seo.

Cé go bhfuil brón áirithe le mothú i dtreo an deiridh, tá greann go leor le fáil ann chomh maith, ó choinín bán Tatischeff a chruthaíonn trioblóid dó agus é ar ardán go dtí an comhartha i gcaife a fhógraíonn “Full Scottish Breakfast (battered)”.

Agus ar bharr na háilleachta ar fad tá an sult breise sin a bhainfidh aon Ghael a amharcann ar The Illusionist nuair a chloiseann siad a dteanga féin á labhairt i saothar ardchaighdeáin a mheallfaidh lucht féachana i gcéin agus i gcóngar.

Seoid scannáin.

Tomaí Ó Conghaile