nós* » nós*

Ceacht ón Úcráin
Tugtar ‘An Ceantar Bánaithe’ go hoifigiúil ar an ciorcal de gha 30km thart ar an stáisiún núicléach i Searnóbail.

Tá na gluaisteáin, na rothair, achan rud fágtha ina áit, díreach mar a bhí. Tá féara agus crainn ag fás ar gach teach agus foirgneamh sa cheantar. Tá na seomraí ranga mar a bhí ó d’fhág na páistí iad an t-am seo den bhliain in 1986.

80km ó Kiev, príomhchathair na hÚcráine, seo an toradh tar éis éalú gasta na ndaoine 25 bliain ó shin nuair a phléasc cuid den stáisiúin núicléach, rud a chuir scamall radaighníomhach isteach san aer san leathsféar thuaidh mar chuid den taisme núicléach is measa riamh sa stair.

Tugann sé léargas ar an sórt todhchaí atá roimh Fukushima muna n-éiríonn leis na hoibrithe éigeandála, atá ag troid i gcoinne na bagartha le seacht seachtaine anuas chun an áit a choinneáil slán.

Fiú sa lá atá inniu ann, níl an obair críochnaithe ag Searnóbail, tagann oibrithe sna cultacha bána isteach chun oibre gach lá chun sciath choincréiteach úrnua a thógáil in áit an chinn a tógadh go luath tar éis na tubaiste.

Cionn is go bhfuil an sean-sciath ag titim as a chéile, thiocfadh le scamaill eile spré suas san aer agus caithfear an sciath úr a chuir isteach chun an chontúirt a choinneáil faoi smacht.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón tragóid seo mar fágtar an baol do na glúnta a thagann inár ndiaidh, beidh na ceimiceáin go radaighníomhach ar feadh na mílte bliain.

Caithfear gach glúin amach anseo é a ghlanadh suas, obair a bhfuil an-chostas ag baint leis dár ndóigh.

Bhí rialtas na hÚcráine ag bailiú airgid go hidirnáisiúnta ar na mallaibh chun an $1.1 billiún a fháil atá de dhíth don sciath choincréiteach amháin. Bhí siad $300 milliún gann ina dhiaidh seo, rud a spreag Uachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovych, le rá, “Níl sé de cheart ag an Úcráin ná ag pobal an domhain seo a sheachaint”.

Ó tharla tubaiste Shearnóbail, a bhí mar pháirt den Aontas Sóivéadach ag an am, maraíodh na mílte sa mhórcheantar.

Tá drochshláinte ag go leor daoine go fóill sna tíortha in aice leis an Úcráin agus tá sé deacair fós an méid duine a bhfaighidh bás a thomhas. Chomh maith leis sin, maítear go bhfuair neart daoine bás mar gheall ar an bhochtaineacht nuair a d’éalaigh siad ó Shearnóbail agus an stró a bhí orthu.

Ní raibh go leor eolais ag daoine faoin méid damáiste a rinneadh orthu ón tubaiste. Go fóill inniu tugtar cúiteamh airgid do na milliúin duine sa Rúis, san Úcráin agus sa Bhealarúis, sna háiteanna is mó contúirte. Ach tugtar seo do gach uile duine sna háiteanna seo, cé acu tinn nó slán iad.

Agus is cosúil go gcruthaíonn sé seo níos mó fadhbanna in áiteanna ina bhfuil go leor daoine bochta. Aithnítear go dtugann an cúiteamh seo drochstádas ar na daoine seo agus ní chuidíonn seo le féinmhuinín.

Tá macallaí na tubaiste le cluinstin go fóill, ach ag pointe ar leith beidh ar dhaoine bogadh ar aghaidh lena saol agus cad é a bheas ann le cuidiú leo?

Is mar gheall air seo a chaithfidh an tSeapáin a bheith ag smaoineamh ar na himpleachtaí fad téarmacha.

Ní bheidh Fukushima go hiomlán cosúil le Searnóbail, ach tá na ceachtanna ann le foghlaim.

Tá 80,000 míle duine curtha as a dtithe sa cheantar, agus gach seans go mbeidh an áit bánaithe go deo mar atá Searnóbail.

Gach seans nach mbeidh maitheas ar bith sa talamh arís. Agus ar nós Searnóbail, beidh sé dodhéanta infheistíocht a mhealladh isteach cóngarach do Fukishima, rud a fhágfaidh an ceantar maguaird le mórdheacrachtaí.

Ach b’fhéidir an cheist is mó a ardaíonn an dá thubaiste seo, ná an fiú don chine daonna leanúint leis an chumhacht chontúirteach seo ar chor ar bith?

Ian Mac Murchaidh

tír scoilte
Sa bhliain 1842 scríobh an náisiúnaí Éireannach Thomas Davis roinnt alt ar an Afganastáin don nuachtán an Citizen, ailt a raibh tréas iontu.

Bhí saighdiúirí na Breataine ag troid ann ag an am d’fhonn teorainn na hIndia a dhaingniú agus a chosaint (agus, ar ndóigh, le heagla roimh thionchar na Rúise).

D’fhiafraigh sé cérbh iad na hAfganastánaigh agus cén fáth ar chóir do na hÉireannaigh taobhú leo, agus rinne amach go raibh na hAfganastánaigh ag iarraidh ionraitheoirí a dhíbirt agus gur spreagúil an sampla iad. Bhí Éire féin faoi chuing agus ba chóir d’Éireannaigh gan cuidiú le smachtú na nAfganastánach, nó ní bheadh rath i ndán do na náisiúin.

COGADH COSTASACH

Tháinig cor nó dhó sa scéal ó shin.

Anois tá fórsaí an Iarthair ag iarraidh an Afganastáin a chosaint uirthi féin; is gá an Talaban a chloí, rialtas gan éifeacht a neartú agus pobal na tíre a mhisniú.

Al-Qaída a ba thúisce tharraing na fórsaí sin ar an áit, ach deirtear go bhfuair al-Qaída dídean in áiteanna eile ó shin.

Leanann an comhrac, mar sin féin; tá idir dhóchas agus éadóchas ann, agus is minic daoine á rá anois go bhfuil an cogadh caillte. Ní deacair an fhianaise a fháil.

Admhaíonn cách gur réiteach polaitiuil atá ag teastáil i ndeireadh na dála, ach sin an áit ar mó atá an cliseadh: tá pobal na hAfganastáine (dream a bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leo) bréan de rialtas lag atá ag brath ar bhithiúnaigh, ar chaimiléirí agus ar eachtrannaigh a dhéanann botúin mharfacha.

Aithnítear anois gur dream dúchasach daingnithe iad an Talaban, ach chuirfí an lasóg sa bharrach dá dtabharfaidís iarracht ar an bpríomhchathair Cabul a ghabháil – iarracht a thabharfar luath nó mall.

Tá a fhios ag rialtais an Iarthair (iad siúd a chuir saighdiúirí chun na hAfganastáine) go bhfuil a bpobal féin ag éirí bréan den scéal: cogadh mírathúil i bhfad ó bhaile, a gcuid saighdiúirí á marú ann nó – rud is measa, b’fhéidir – á ngortú go dona.

Anseo san Astráil ceiltear ainmneacha na saighdiúirí gortaithe, rud a fhágann pobal na tíre dall ar cé chomh géar is atá an troid. (Is beag fáilte a chuireann an t-arm roimh iriseoirí ach oiread.)

Mar sin féin, éilíonn na ginearáil breis fórsaí, fiú agus a fhios acu gurb iad na polaiteoirí a chaithfidh an scéal a leigheas. Ní beag é an costas: caitheann an Astráil os cionn $30 milliún in aghaidh na bliana.

RIAIL AN TALABAN

Tá an tIarthar á fháil amach arís nach bhfuil sé i ndán dó dul i gcinsealacht sa tír cheanndána dheacair ilchineálach úd, más le dea-mhéin féin é.

An Talaban atá dulta i gcinsealacht; deirtear go bhfuil siad lonnaithe go daingean i 70% den tír ar a laghad. Ní mór an cion atá ag formhór an phobail orthu, ach tugann siad leo rudaí nach bhfuil le fáil ón rialtas – síocháin, slándáil agus riarthóireacht rianúil.

Tá ainm na cothroime ar a gcúirteanna áitiúla, agus tá fear déanta cirte (ombudsman) dá gcuid le fáil i gCandahar.

Is mairg anois don cheannasaí Talabanach atá ciontach as mursantacht – tugtar bata agus bóthar dó mura mbásaítear é. Tuigeann an Talaban anois go dtarraingíonn ansmacht gráin.

Tá leabhrán trí leathanach déag curtha amach acu a deir go gcaithfear roinnt go maith le bunadh na háite agus nach ceart daoine a bhású gan triail – comhairle ba chóir a thabhairt agus a chur i bhfeidhm tamall maith ó shin, más fearr mall ná riamh.

Ní bhacann sin orthu corrionsaí uafásach a dhéanamh, mar a tharla le déanaí lasmuigh d’Ambasáid na hIndia i gCabul agus slua sibhialtach (a lán ban ina measc) marbh dá bharr.

Níor chaill an chuid is crua den Talaban a seantréithe: tuiscint chúng ar an gCóran, dearcadh diúltach i leith na mban, agus an bhaint atá ag a bhformhór leis an gcuid is coimeádaí den treibh is láidre – Paistiúnaigh an deiscirt (agus mímhuinín acu dá réir as dreamanna eile).

Ach ní mór a chuimhneamh go dtugtar ‘Talaban’ ar dhreamanna difriúla – díograiseoirí ón bPacastáin, mílisteoirí áitiúla, tiarnaí cogaidh, agus daoine nach bhfuil de rogha acu ach dul leis an lámh is láidre.

Ní furasta i gcónaí dílseacht daoine a mheas. Deirtear gur éirigh le ceannaire treibhe amháin ar a laghad a naimhde a scrios trí shaighdiúirí Astrálacha a shaighdeadh iontu le faisnéis bhréige.

Ar an taobh eile, tá na hAstrálaigh agus saighdiúirí eile go maith chun tionscadail bhonneagair a thosú agus a chothú: ach cén t-iarsma a fhágfaidh siad ina ndiaidh?

SEANSAOL AR AIS

Ciallaíonn seo go bhfuil an seansaol ag teacht ar ais ar a sheanléim, de réir mar a shamhlódh an Talaban.

Tá corrdhifríocht ann – féach an brabach a bhaineann saighdiúirí Dé as saothrú na bpoipíní (saothrú a cháin an Talaban go géar ar dtús, ach ní féidir leo teacht gan airgead).

Má theipeann glan ar an rialtas an tír a rialú le héifeacht, is beag an tairbhe d’fhórsaí NATO agus SAM (a bhfuil tuairim is 100,000 duine acu ann) a ndícheall a dhéanamh.

Luath nó mall, tabharfaidh siad cúl leis an tír agus an obair gan chríochnú.

Tá arm na hAfganastáine ag cruthú maith go leor, más fíor, ach ní thig leo gaisce polaitiúil a dhéanamh. Beidh ladair eile á gcur sa mhias fós.

Is fada an India agus an Phacastáin ag dul in iomaíocht ann, ach sin gnó na seirbhísí rúnda; ar éigean a chuirfidís saighdiúirí thar teorainn isteach.

Idir an dá linn tá na gnáthdhaoine ag éalú ó lámh láidir an dá thaobh; tógann cuid acu botháin ainnise lasmuigh de Chabul, áit a ndéanann an rialtas faillí iontu, baineann cuid eile amach an Phacastáin, tagann cuid eile fós chomh fada leis an Astráil agus iad ag tnúth le dídean.

ACHRANN ROMHAINN

Is gearr ó dúirt feidhmeannach Briotanach go bhféadfaimis cur suas leis na drugaí nó leis na tiarnaí cogaidh, ach gur scéal eile ar fad iad an Talaban.

A mhalairt de phort a chloistear anois, agus is beag trácht a dhéantar ar al-Qaída a chloí.

Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ach má thagtar ar chomhréiteach san Afganastáin is treise fós a bheidh an Talaban sa Phacastáin, agus ansin íocfaidh an tír úd i gceart as an gcabhair a thug cuid de na seirbhísí rúnda do laochra Dé.

Níl bunús cultúrtha leis an teorainn (líne chaothúil a tharraing na Briotanaigh i ndeireadh an 19ú haois), agus ní raibh smacht ceart riamh ag na húdaráis náisiúnta (nó impiriúla) ar cheantair ‘threibheacha’ na Pacastáine.

Orthu sin tá an Vaisíreastáin, áit a bhfuil an seansaol beo agus a bhfuil an Talaban fódaithe.

Anois tá siad siúd ag fuineadh in aice na mine, agus is léir ó na hionsuithe a rinne siad le déanaí i Lahór gur fearann cogaidh acu an limistéar uile.

Tá faobhar ar fhearg na bhfíréan agus leanann léirscrios í.

Colin Ryan

tiúineáil isteach – todhchaí an raidió Ghaeilge?
I rith mhí na Márta, chonacthas (nó chualathas!) an chéad staisiún raidió Gaeilge don aos óg á chraoladh ar fud na gceithre chathair is mó sna 26 contae, i. Áth Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach.

Seoladh Raidió Rí-Rá – comhthionscadal idir Conradh na Gaeilge agus an comhlacht, Digital Audio Productions – ar an aer ag tús mhí Márta, ach bhí sé á chraoladh ar feadh bliana thar an idirlíon roimhe sin.

Le haghaidh Sheachtain na Gaeilge, áfach, fuair an tionscadal ceadúnas sealadach ón gCCÉ (Coimisiún Chraolacháin Éireann) le dul ar na haerthonnta FM i gcathracha móra na hÉireann.

Ba é stíl an stáisiúin, munar chuala tú é, ná pop agus cairtcheol as Béarla agus Gaeilge a mheascadh, le láithreoirí beomhara le Gaeilge.

Mar sin, ní raibh mórán difríochta idir Raidió Rí-Rá agus na mórstáisiúin raidió ar nós TodayFM, Spin nó RTÉ 2fm, ach nach raibh Béarla á úsáid ag láithreoirí/DJanna Rí-Rá.

Is cúis áthais domsa a rá go raibh páirt agamsa ann, mar chomhláithreoir le hAoife Ní Ghlaicín-Riain do “Nocht ag a hOcht”, ar mhaidineacha an deireadh seachtaine. Craic iontach a bhí ann, agus ba bhreá linn é a dhéanamh arís, am éigin sa todhchaí.

Ach anois agus Rí-Rá imithe ó FM, céard atá i ndán do Ghaeilgeoirí óga?

Caithfear smaoineamh go bhfuil an-chuid daoine óga in ann nascadh go héasca leis an idirlíon. Mar sin, bheadh aon stáisiún raidió ar líne in ann bheith éifeachtach.

Tá an-chuid teachtaireachtaí faighte ag an stáisiún agus a gcuid láithreoirí ó éisteóirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn, ar nós na Stát Aontaithe, Sasana agus na hAstráile.

Is í an t-aon fhadhb atá ann, áfach, ná nach bhfuil raidió idirlín chomh cáiliúil in Éirinn ná mar atá sé i dtíortha eile, ar nós SAM, mar shampla.

Féidirtheacht amháin atá ann ná DAB, nó FCD – Fuaim-Chraolachán Digiteach – chun Gaeilge a chur air. Go simplí, is raidió digiteach atá ann, agus is meán cumarsáide é atá an-nua go fóill sa tír seo.

Tá sé stáisiún digiteacha seolta ag RTÉ ó thús na Nollag seo caite, ach is annamh Gaeilge a chloisteáil ar na stáisiúin sin, faraor.

Le roinnt mhaith pleanála, bheadh Raidió Rí-Rá in ann cur faoi i saol an raidió dhigitigh.

Faoi láthair, níl ceadúnas DAB ach ag RTÉ, ach beidh a leithéid de Spin103.8, Dublin’s 98 agus TodayFM ag teacht ar an gcóras ard-chaighdeáin digiteach go luath.

Bheadh stáisiún raidió óige ar nós Raidió Rí-Rá in ann áit a thógáil leis na staisiúin fhadbhunaithe siúd, má thapann siad an deis atá os a gcomhair.

Má éiríonn chomh maith le cúrsaí anseo is a d’éirigh leo sa Bhreatain, tá neart an raidió dhigitigh anseo chun dul i méid i gceann cúpla bliain.

Fiú agus mise á scríobh seo, bíonn DJ ar Spin ag rá go bhfuil siad ar fáil ar líne, ag iarraidh aire a thabhairt do ghlúin nua an raidió.

Tá siad ann, is dócha, a chuirfeadh an cheist “ar cheart stáisiún Gaeilge bheith ann don aos óg?”

Ba cheart, i mo thuairimse, ach ní soiléir na cúiseanna.

Tugann leithéidí Raidió Rí-Rá seans do dhaoine óga – idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí araon – Gaeilge a chloisteáil mar ghnáth-theanga ar mheán cumarsáide chomh-aimseartha.

Mar sin, briseann sé sean-íomhá na Gaeilge (atá fós ag formhór na nÉireannach) nach labhraítear Gaeilge a thuilleadh ach ag seanfhir i dtigín iargúlta éigin ar chósta Chonamara.

I bhfocail eile, nach bhfuil sí beo sna cathracha móra, nó nach bhfuil sí á labhairt i measc daoine óga.

Is maith an stáisiún é RTÉ Raidió na Gaeltachta, má tá spéis agat i gceol traidisiúnta, amhráin sean-nóis, nó má tá spéis faoi leith agat i gcúrsaí Gaeltachta. D’éinne eile, áfach (cosúil liom féin), is beag an nasc atá ann idir Gaeil óga na tíre agus an príomhstáisiún raidió Gaeilge, seachas cúpla uair a’chloig de AnochtFM ar ndóigh.

Feicfear amach anseo má éiríonn le Raidió Rí-Rá áit a bhaint amach i ndomhan an raidió Éireannaigh, agus bheadh spéis agam fáil amach dá mbeadh suim ag an ngnáthGhaeilgeoir óg éisteacht leis.

Ní fiú leanúint leis an bpróiseas muna bhfuil spéis ag an bpobal ann, mar sin, tá súil agam go mbeidh aischothú, agus tacaíocht, ann ón éisteoir. Neosfaidh an aimsir.

Scott de Buitléir

Buarthaí Bhurma
Ní buan an aird a thugann an domhan mór ar chás Bhurma, tír Bhúdaí atá á treascairt ag na ginearáil a rialaíonn í.

Chun léargas a fháil ar na cúiseanna atá leis an drochscéal, ní mór dúinn aird a thabhairt ar mhúnlú an mheoin mhíleata ann.

De réir mar a deir an tráchtaire sóisialta Saw Tun, duine a chaith na blianta ag scrúdú an scéil, creideann na saighdiúirí go bhfuil sé de cheart acu a bheith faoi réim de bharr a ndiansaothair agus a bhfulaingíonn siad ar son a dtíre.

Tá dalladh púicín, dar leo, ar ASEAN (Association of Southeast Asian Nations) agus ar an aicme oilte, agus creideann siad i ‘mbealach Burmach’ ar leith atá naimhdeach do pholateoirí agus do pháirtithe.

Níl sna heasaontóirí agus i lucht déanta léirsithe ach brabúsaithe leisciúla. Seo é an dearcadh a fhágann na ginearáil scoite amach ón bpobal.

FADHB AN GHEILLEAGAIR

Na ginearáil féin is ciontaí le geilleagar na tíre a bheith i ndroch-chuma, ach cuireann siadsan an milleán ar na smachtbhannaí.

Shíl gníomhaithe freasúra na tíre go mbeadh an-éifeacht leis na smachtbhannaí céanna, in éineacht le feachtais shíochánta, brú idirnáisiúnta agus cogadh cois teorann.

Maíonn cuid acu anois gur toradh eile a bhí ar an scéal: bacadh na hiarrachtaí a tugadh ar an ngeilleagar a oscailt ón taobh istigh, agus b’éigean do na mílte oibrí mná tionscal na fíodóireachta a fhágáil agus tabhairt faoi obair eile, leithéid an mheirdreachais agus jabanna thar teorainn.

Thaitin smachtbhannaí le hAung San Suu Kyi agus leis an National League for Democracy (NLD), ach b’fhéidir gur mithid anois athchomhairle a dhéanamh.

Deir daoine áirithe gurb iad na heagraíochtaí neamhrialtais agus na grúpaí sibhialta eile is fearr a fhéadann saol na ndaoine a fheabhsú, i gcúrsaí oideachais, sláinte, talmhaíochta, gnó, taighde agus taistil.

Ach fágann sin an cheist pholaitiúil gan réiteach, cuma cé chomh minic is a théann Aung San Suu Kyi and an Ginearál Sinseartha Than Shwe chun cainte le chéile.

Ní hé go bhfuil an-chur amach ag an NLD féin ar ghnóthaí geilleagair, rud a admhaíodh i ‘ráiteas speisialta’ a chuir siad amach i Mí na Feabhra faoi na comhráití a bhí acu leis na ginearáil.

Chuir seo ionadh ar thráchtaire amháin ar a laghad, agus an oiread sin saineolaithe ann a d’fhéadfadh cuidiú leo.

BAOL ACHRAINN

Is fusa do na ginearáil díriú ar easaontóirí i lár na tíre anois agus sos comhraic déanta acu le seacht ngrúpaí déag cheannairceacha de chuid mhionphobail na tíre.

Tá buntáistí eile ag baint leis an sos, sa mhéid go ligeann sé don rialtas dul i gcomhar leis na comharsana (go háirithe an tSín agus an Téalainn) i gcúrsaí gnó, agus go dtugann sé dlisteanacht do na ginearáil.

Ach tá tuar achrainn ann.

De réir an bhunreachta nua agus i bhfianaise na dtoghchán a bheidh ann sa bhliain 2010, tá atheagrú le déanamh: na Burmaigh a choinneáil i gceannas fós mar ghrúpa eitneach, iarraidh a thabhairt ar na ceannaircigh a dhí-armáil agus áitiú orthu páirtithe polaitiúla a dhéanamh díobh féin.

Ní cosuil go ngéillfidh na ceannaircigh.

Tar éis an tsaoil, ba mhó an tairbhe dóibh cur suas don dí-armáil agus a chur in iúl do na tíortha máguaird go bhfuil gá le fíor-réiteach polaitiúil.

Tá 40,000 saighdiúir acu, agus beidh imní ar an tSín go háirithe faoin achrann atá á thuar cois teorann.

Idir an dá linn tá brabach á bhaint as acmhainní na réigiún úd ag gnólachtaí míleata, ag cairde na nginearál, ag infheistitheoirí ón iasacht agus ag tiarnaí áitiúla drugaí.

B’fhiú breis airde a thabhairt ar dhrochiarsmaí na míréire i gcúrsaí timpeallachta.

Tochailt óir, agus an leagarnach atá ag roinnt léi, is cionsiocair le lagú an Irrawaddy, príomhabhainn na tíre, agus tá calaí abhann á n-aistriú go háiteanna eile dá bharr.

DEORAITHE & PLÉASCANNA

I dtír shuaite bíonn deoraithe ann.

De réir tuairisce de chuid an Internal Displacement Monitoring Centre, ruaigeadh timpeall 66,000 duine de chuid na mionphobal eitneach in oirthear Bhurma sa bhliain 2008.

I Stát Karen ba mheasa an scéal, agus 100,000 deoraí ann.

Tá cúiseanna seachas ionsuithe míleata leis an ruaigeadh, mar atá sclábhaíocht éigeantach, coigistiú talaimh agus eile, rudaí a tharlaíonn sna bailte móra féin agus de dheasca tionscadail stáit go minic.

Ní hé an rialtas amháin atá freagrach as.

Coinníonn grúpaí eitneacha smacht ar mhuintir na háite chun go mbeadh údarás lena rialú féin agus chun fáil a bheith acu ar bhia, ar fhaisnéis agus ar oibrithe.

Idir an dá linn tá an rialtas ag faire a naimhde sa bhaile.

Mar shampla amháin, gabhadh an gníomhaí cearta daonna Thein Thein Yin, bean óg, in Stát Arakan ar 11/2/09 agus é curtha ina leith go raibh sí ag soláthar scéalta do ghníomhaireachtaí eachtrannacha nuachta.

Shíl na húdaráis go raibh gá le trí phóilín déag lena gabháil, agus tugadh í go dtí bunáit airm. Tá a mac, páiste sé bliana, faoi chúram a tuismitheoirí ó shin.

Titeann rudaí eile amach agus gan aon mhíniú soiléir orthu.

Pléascadh dhá bhuama ar 3/3/09, ceann in iarthar Rangúin agus an ceann eile in aice leis an ollscoil, agus baint acu le sraith pléascanna beaga a thosaigh sa chéad chuid den bhliain 2008.

Tharla na cinn is déanaí tar éis cruinniú mullaigh de chuid ASEAN, mar ar éirigh le baill na heagraíochtaí dul timpeall cheist Bhurma, mar is gnáth, agus iad ag dul i muinín eadráin na Náisiún Aontaithe.

Mar is gnáth, arís, d’fheann na gníomhaithe iad as a n-anbhainne croí.

Ach ní chuirfeadh dearcadh ASEAN iontas ort agus tú ag cuimhneamh ar an tábhacht atá le cúrsaí tráchtála agus ar an dúil atá ag baill na heagraíochta sa tsocracht pholaitiúil.

Colin Ryan

Obama – is féidir leis
Ar 20 Eanáir 2009, rinneadh stair.

Ar Chnoc an Chaipeatóil, Washington DC, ghlac Barack Hussein Obama mionn os comhair an Domhain le bheith ar 44ú Uachtarán na Stát Aontaithe. (Bhuel thiocfadh a rá gurb é an 43ú Uachtarán mar bhí Grover Cleveland sa Teach Bán faoi dhó, ar dtús in 1885 agus ansin 1893).

Ba lá é insealbhú Obama a chreid go leor, agus le fírinne a chreid mé féin, nach bhfeicfeadh siad choíche; fear gorm mar Uachtarán ar thír a streachail chomh fada le cearta sibhialta.

Thosaigh an bóthar fada chun an Tí Bháin dó fadó, nuair i mí Feabhra 2007, d’fhógair Obama go hoifigiúil go raibh sé le seasamh mar iarrthóir don pháirtí Daonlathach.

Ba chath fíochmhar é in éadan Hillary Clinton nach raibh gan chonspóid, ach d’éirigh leis an seanadóir as Illinois pobal SAM a spreagadh lena chuspóir, “Athrú”, “Dóchas”, agus dar ndóighe, a mhana cáiliúil, “Sea, Is féidir linn”.

Mheall sé na míllte chuig a chuid óráidí; tháinig aosta agus óg, geal agus gorm, leis an fear a thosaigh breis agus fiche bliain ó shin mar oibrí pobail a chluinstin.

D’éirigh leis an bua a bhreith taobh istigh dá pháirtí féin, ach anois bhí an dúshlán roimhe le croí an náisiúin a bhuachan.

Den chéad uair i mblianta d’éirigh Meiriceánaigh tógtha faoina gcuid polaitíochta arís agus fiú thacaigh réaltaí ar nós Bono agus Oprah Winfrey leis agus é i mbun feachtas.

San iomaíocht don phost mór, bhí John McCain, Poblachtánach ó Arizona.

Mar shaighdiúir agus príosúnach cogaidh a throid i Vítneam, cuireadh McCain i láthair mar laoch Meiriceánach, eilimint a bhí i gcónaí coitianta agus a thaitin le lucht vótála na mblianta a tharla thart – John F. Kennedy agus Dwight Eisenhower mar shampla – ach chaill sé vótálaithe mar gheall ar a dhearcadh ar an chogadh san Iaráic agus a rogha conspóideach don Leas-Uachtarántacht, Sarah Palin.

Mar sin chan amháin gur amharc muintir Mheiriceá ar Obama mar thús ré nua, ach d’amharc an Domhan ar fad air mar dhuine úr agus éagsúil ó cheannaireacht ‘Dubya’.

Sheas sé go dian in éadan an chogaidh ar an Afganastán agus an Iaráic, ag cur síos air mar chogadh “nár bunaíodh ar an réasún, ach ar an pholaitíocht ”.

Chuimhnigh sé ar an ghnáth-Mheiriceánach chomh maith áfach, ag gealladh go mbeadh cúram sláinte níos fearr do dhaoine bochta agus cothrom na féinne in ainneoin cine.

Is dócha go raibh sé fóirsteanach mar sin gurb é an lá roimh an insealbhú ná ‘Lá Martin Luther King’, nuair a dhéantar ceiliúradh gach bliain ar an laoch cearta sibhialta a maraíodh níos mó na 40 bliain ó shin.

I measc na sluaite i láthair in DC ar an lá stairiúil bhí gníomhaithe cearta sibhialta eile a throid taobh King; is cinnte nach ndéanfar dearmad ar na pictiúir de Jesse Jackson ag caoineadh agus Obama ag seasamh chun tosaigh lena óráid a thabhairt.

Rinne Obama féin trácht ar an athrú ón am sin a chuaigh thart san óráid, ag rá go bhfuil geall “tugtha ag Dia” go mbeidh gach aon Mheiriceánach saor agus comhionann.

Mar sin, le fear gorm anois mar “an fear is cumhachtaí ar an domhan”,  an bhfuil brionglóid MLK fíoraithe?

Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil go fóill, ach níl dabht ar bith ann go spreagfaidh bua Obama daoine eile chun gnímh.

Níl anseo ach an tús, agus is maith go bhfuil a fhios sin ag an Uachtarán úr.

Tá an cúlú eacnamaíochta le héirí níos measa, a deir saineolaithe, agus le géarchéim sa Mheánoirthear beidh bliain ghnóthach ag Obama.

Beidh le feiceáil cén tionchar, maith nó olc, a bheas ag Obama ar an Domhan sa 4 bliain amach romhainn, ach cheana féin tá ord sínithe aige le Bá Ghuantanamo, an campa príosúin i gCúba, a dhúnadh.

Creidtear fosta go bhfuil sé ag bualadh le taoisigh an airm le tarraingt amach as an Iaráic a phlé; is cosúil gur mhaith leis críoch a chur le cúpla ord de chuid Bush óig chomh luath agus is féidir.

An féidir linn muinín bheith againn as? Dar liomsa ar a laghad, “Sea, is féidir linn”.

Obamáil tú féin!

Is iomaí rud sa chultúr coiteann ar spreag Obama iad agus tá cuid mhór acu le fáil ar líne.

Ón amhrán spraíúil ‘I’ve Got a Crush on Obama’ go dtí an cnag ‘There’s no-one as Irish as Barack Obama’ ó na deartháireacha Corrigan, is léir go bhfuil an tUachtarán tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud an domhain.

Agus anois thig leat do phíosa spraoi féin bheith agat agus do rogha íomhá a chur i stíl phortráid íocónach an Uachtaráin úir.

Díreach tabhair cuairt ar obamiconme.pastemagazine.com, cuir do phictúir isteach agus déan tú féin a Obamáil!

Cillian de Búrca

CCTV – cé atá ag faire ort?
Cártaí aitheantais, CCTV agus faireachas leictreonach; is iomaí dóigh atá ag an rialtas súil a choinneáil orainn go léir, ach an bhfuil barraíocht cumhachta ag ‘Deartháir Mór’ sa lá atá inniu ann?

Creidtear, i gcathair cosúil le Baile Átha Cliath, go mbeirtear ar an ghnáthdhuine 300 uair ag CCTV (nó TCI, Teilifís Chiorcaid Iata) in aghaidh an lae amháin.

Samhlaigh mar sin, ar an bhealach chun na hoibre, ag siopadóireacht sa chathair, nó ar dháta le do ghrá geal, beidh tú i gcónaí faoi scáth an fhaireachais.

Deir na cumhachtaí móra go ndéanann ceamaraí TCI cosaint in éadan gadaíochta, coir fhoréigneach agus bruscar – i gcathracha áirithe san Eoraip tá ceamaraí a thugann íde béil do chiontóirí fiú!

Ach caidé faoi chearta s’againn? Nach bhfuil príobháideachas níos tábhachtaí?

Dar le criticeoirí, is féidir leis an rialtas tuairisc a choinneáil orainn ar fad, ag taifeadadh ár gcuid gluaiseachtaí trí TCI nó, níos measa arís, ár gcuid cártaí creidmheasa.

Déantar taifead gach uair a íocann muid le plaisteach,  agus sa domhan seo ina dhiaidh 9/11, ní bhíonn stró ar bith ag na póilíní na taifid siúd a fheiceáil.

Ciallaíonn seo gur féidir a rá go furasta cén áit a raibh tú go díreach ag cén t-am; i bhfocail George Orwell ón úrscéal iontach ‘1984’, “Tá Deartháir Mór ag faire ort.”

Is mar gheall ar sceimhlitheoireacht, dar leis an rialtas, go bhfuil an oiread sin socruithe cosanta de dhíth san aois seo.

Leoga, buíochas le ‘Acht an Tírghráthóra’ (nó ‘Patriot Act’), is féidir le seirbhís rúnda SAM éisteacht le scairteanna guthán, ríomhphost a léamh agus uimhreacha cártaí creidmheasa a bhailiú “leis an náisiún a aontú agus a neartú”.

B’ábhar conspóideach é cártaí aitheantais sa Bhreatain nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag páirtí an lucht oibre ceann bheith ag gach aon saoránach.

Cárta ar a mbeadh méarloirg, grianghraf agus scan súile sábháilte air a bhí i gceist, ach theip ar na pleananna nuair a labhair grúpaí cearta sibhialta ar nós ‘Liberty’ amach faoi. Níor cuireadh chun báis ar fad iad áfach, tá sé tagtha chun tosaigh go mbeidh ar imircigh cárta bheith acu má tá siad ag iarraidh fanacht sa tír.

Ach ní hé an stát amháin a bhíonn ag amharc orainn.

Fágtar fianáin (cookies) ar ár ríomhairí achan uair a thugann muid cuairt ar shuíomh idirlín a dhéanann taifead de caidé atá á cheannach againn, ag lorg agus ag amharc air.

Úsáideann comhlachtaí an t-eolas seo le fáil amach fúinn, a gcuid custaiméirí, i ngan fhios dúinn féin.

Ach níor cheart dúinn gearán ar chor ar bith, dar le go leor daoine, nuair atá roinnt mhaith againn sásta ár saol pearsanta a fhoilsiú ar shuímh líonraithe cosúil le Bebo agus MySpace.

Bíonn gach rud ó áit chónaithe go haois agus grianghrafanna pearsanta ar fáil do dhuine ar bith muna mbíonn an próifíl príobháideach; in amanna ní chaithfidh tú ach ainm an duine a ghoogláil agus preabfaidh sé aníos.

Mar sin, caidé is féidir linn a dhéanamh má tá muid buartha faoin stát póilíneach?

Bhuel, chan mórán, a dearfaidh go leor, mar is í an fhírinne ná go gcaithfidh muid glacadh le cuid mhaith de na socruithe seo ós rud é gur dlí na tíre é.

Ach deirtear linn gan barraíocht eolais a thabhairt amach ar an idirlíon más féidir, agus le bheith airdeallach faoi ghrúpa ar bith a bhíonn ag lorg sonraí pearsanta uait.

Cá bhfios cén cineál modhanna faireachais eile atá romhainn sa todhchaí, ach cheana féin tá teicneolaíocht á forbairt ag ‘Deartháir Mór’ a aithneoidh aghaidh Thadhg an mhargaidh go díreach ó íomhánna TCI agus ag súil síos an tsráid… coinnigh súil ar an spás seo.

Cillian de Búrca

Trioblóid sa Tibéid
Tá na Sínigh sásta dul chun cainte arís leis an Dalaí Láma – an ‘scarúnaí mór’ ar mian leis leas na Tibéide a threascairt, dá gcreidfeá an bholscaireacht shearbh oifigiúil a bhí ar siúl go dtí le déanaí.

B’fhéidir go mbeadh sé ina dhiabhal arís amach anseo, ach faoi láthair tá fáilte roimh a chuid toscairí.

Níl stad ag Rialtas na Síne ach ag fógairt gur ar sochar do na Tibéadaigh a chuaigh rialú na Síne.

Tógadh bóithre, cuireadh oideachas nua-aimseartha agus áiseanna an tsaoil nua ar fáil, agus cuireadh deireadh leis an bhfeodachas.

Admhaíonn an Dalaí Láma féin go ndearna na Sínigh maitheas éigin don Tibéid ar na bealaí sin, cé gur cinnte go ndéanfaí an tír a nuachóiriú ar aon chuma leis an aimsir, bíodh na Sínigh ann nó as.

Ar scéal eile a chuimhníonn na Tibéadaigh féin, go háirithe an t-aos óg, agus go háirithe an méid acu atá ina gcónaí i Lása.

Níl poist ann dóibh, is beag aird a thugtar ar dhúchas na tíre agus tá na sluaite ag brú isteach ón tSín ar an mbóthar nua iarainn.

Tá cathair Shíneach déanta de Lása féin. Is minic a dúirt an Dalaí Láma go mbeadh sé sásta le méid éigin féinrialtais seachas le neamhspleáchas iomlán, ach is deacair foighne a chur sa ghlúin nua.

TEANGA AG GÉILLEADH

Tá an Tibéidis féin ag géilleadh don tSínis ar shlite áirithe. Ní sa Tibéid amháin a labhraítear í ach i Ladakh, i Sikkim agus i Neipeal chomh maith, agus i gcúigí Sichuan agus Xinjiang sa tSín.

Is iomaí canúint aici ach úsáidtear an aibítir chéanna i gcónaí, ceann a tháinig ón India sa seachtú haois in éineacht leis an mBúdachas.

Trí Thibéidis a mhúintear daltaí Tibéadacha sna bunscoileanna ar feadh an chéad trí bliana; ina dhiaidh sin tugtar Sínis isteach de réir a chéile.

Sínis a úsáidtear sna meánscoileanna, agus ní mór scrúdú a dhéanamh sa teanga sin chun dul ar aghaidh go dtí an coláiste. Is beag an t-ionadh go bhfuil cuid Tibéadach ag brú Sínise ar a gclann, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit ar tharla don Ghaeilge sa 19ú haois.

Is amhlaidh freisin go bhfuil móran focal Sínise ag sleamhnú isteach sa teanga. Tugtar le tuiscint gur trí Shínis amháin is féidir plé leis an saol atá anois ann – rud nach fíor i ndáiríre.

Tá feidhmeannaigh Thibéadacha ann ach is beag an meas atá ar a dteanga i gcúrsaí riaracháin. Ach ní mhaolaíonn neartú seo na Sínise an dúil atá ag na Tibéadaigh sa tsaoirse.

STAIR ACHRANNACH

D’eascair an t-achrann atá anois ann as conspóidí a tharla i deireadh an 17ú haois agus i dtús an 18ú haois, nuair a rinne an tSín coimearcas den Tibéid.

Mar sin féin, choinnigh an Tibéid a teanga, a cuid feidhmeannach, a dlíthe agus a harm, agus níor íocadh pingin chánach leis an Impire.

I rith an 19ú haois laghdaigh neart na Síne, rud a d’fhág an Tibéid ina náisiún neamhspleách i dáiríre, cé gur dhiúltaigh an Bhreatain, na Stáit Aontaithe agus na tíortha Iartharacha eile an neamhspleáchas sin a aithint.

Ghabh an tSín nua an Tibéid sa bhliain 1951, agus b’éigean do rialtas na Tibéide smacht na Síne a aithint go hoifigiúil, cé gur theith an Dalaí Láma go dtí an India.

Sa bhliain 1965 bhunaigh na Sínigh an Réigiún Féinrialaithe Tibéadach, agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an Dalaí Láma agus é a thabhairt abhaile.

Ach ní raibh na Sínigh sásta an daonlathas a cheadú, agus bhí doicheall orthu roimh éileamh na dtoscairí Tibéadacha go mbunófaí Tibéid Mhór a mbeadh na ceantair a cailleadh san 18ú haois mar chuid di.

Bhí na Sínigh sásta comhréiteach éigin a dhéanamh ar dtús. Rinneadh mainistreacha Búdacha a athoscailt, agus ceadaíodh manaigh nua a earcú agus an Tibéidis scríofa a úsaid níos forleithne.

Ceapadh feidhmeannaigh Thibéadacha, ligeadh srian leis an ngeilleagar agus cuireadh leis an mbonneagar.

Ach d’fhág an Réabhlóid Chultúrtha a rian ar an Tibéid díreach mar a tharla sa tSín féin, agus is iomaí mainistir a scriosadh.

Bhí mímhuinín ag na feidhmeannaigh Shíneacha is dúire as an mbeartas ‘bog’ riamh, agus acu a bhí an lá. Le beagán blianta anuas d’éirigh an tslándáil níos déine agus cuireadh teorainn le bláthú an chultúir agus an chreidimh. Ach cuireadh dlús le dul chun cinn an gheilleagair, rud a mheall na mílte anall ón tSín agus dúil acu san airgead a bhí á caitheamh chomh fial sin ag an rialtas.

BOLSCAIREACHT RIALTAIS

Sa tSín féin tá an-éifeacht le bolscaireacht an Rialtais. Baintear tairbhe as an ngrá dúchais, agus is beag duine nach gcreideann gur fearrde an Tibéid a bheith ina cuid den tSín.

Nuair a bhriseann an ghráin amach ar shráideanna Lása mar a tharla i rith na gcíréibeacha, déantar tagairt do ‘scarúnaithe’.

Ach tuigeann an chuid is ciallmhaire de na húdaráis nach mór socrú polaitiúil de shaghas éigin a dhéanamh, agus dá bhrí sin nach mór dul chun cainte leis an Dalaí Láma féin, más beag féin an mhuinín atá acu as.

Tá meas mór ag na Tibéadaigh fós air, cé go bhfuil an t-aos óg (daoine nach bhfuil ag cuid acu ach Sínis) ag éirí tuirseach de bheartas na síochána.

Faoi láthair is fearr caint ná achrann, cé gurbh fhurasta don lámh láidir teacht i dtreis arís.

Colin Ryan