nós*» featured

tír scoilte
Sa bhliain 1842 scríobh an náisiúnaí Éireannach Thomas Davis roinnt alt ar an Afganastáin don nuachtán an Citizen, ailt a raibh tréas iontu.

Bhí saighdiúirí na Breataine ag troid ann ag an am d’fhonn teorainn na hIndia a dhaingniú agus a chosaint (agus, ar ndóigh, le heagla roimh thionchar na Rúise).

D’fhiafraigh sé cérbh iad na hAfganastánaigh agus cén fáth ar chóir do na hÉireannaigh taobhú leo, agus rinne amach go raibh na hAfganastánaigh ag iarraidh ionraitheoirí a dhíbirt agus gur spreagúil an sampla iad. Bhí Éire féin faoi chuing agus ba chóir d’Éireannaigh gan cuidiú le smachtú na nAfganastánach, nó ní bheadh rath i ndán do na náisiúin.

COGADH COSTASACH

Tháinig cor nó dhó sa scéal ó shin.

Anois tá fórsaí an Iarthair ag iarraidh an Afganastáin a chosaint uirthi féin; is gá an Talaban a chloí, rialtas gan éifeacht a neartú agus pobal na tíre a mhisniú.

Al-Qaída a ba thúisce tharraing na fórsaí sin ar an áit, ach deirtear go bhfuair al-Qaída dídean in áiteanna eile ó shin.

Leanann an comhrac, mar sin féin; tá idir dhóchas agus éadóchas ann, agus is minic daoine á rá anois go bhfuil an cogadh caillte. Ní deacair an fhianaise a fháil.

Admhaíonn cách gur réiteach polaitiuil atá ag teastáil i ndeireadh na dála, ach sin an áit ar mó atá an cliseadh: tá pobal na hAfganastáine (dream a bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leo) bréan de rialtas lag atá ag brath ar bhithiúnaigh, ar chaimiléirí agus ar eachtrannaigh a dhéanann botúin mharfacha.

Aithnítear anois gur dream dúchasach daingnithe iad an Talaban, ach chuirfí an lasóg sa bharrach dá dtabharfaidís iarracht ar an bpríomhchathair Cabul a ghabháil – iarracht a thabharfar luath nó mall.

Tá a fhios ag rialtais an Iarthair (iad siúd a chuir saighdiúirí chun na hAfganastáine) go bhfuil a bpobal féin ag éirí bréan den scéal: cogadh mírathúil i bhfad ó bhaile, a gcuid saighdiúirí á marú ann nó – rud is measa, b’fhéidir – á ngortú go dona.

Anseo san Astráil ceiltear ainmneacha na saighdiúirí gortaithe, rud a fhágann pobal na tíre dall ar cé chomh géar is atá an troid. (Is beag fáilte a chuireann an t-arm roimh iriseoirí ach oiread.)

Mar sin féin, éilíonn na ginearáil breis fórsaí, fiú agus a fhios acu gurb iad na polaiteoirí a chaithfidh an scéal a leigheas. Ní beag é an costas: caitheann an Astráil os cionn $30 milliún in aghaidh na bliana.

RIAIL AN TALABAN

Tá an tIarthar á fháil amach arís nach bhfuil sé i ndán dó dul i gcinsealacht sa tír cheanndána dheacair ilchineálach úd, más le dea-mhéin féin é.

An Talaban atá dulta i gcinsealacht; deirtear go bhfuil siad lonnaithe go daingean i 70% den tír ar a laghad. Ní mór an cion atá ag formhór an phobail orthu, ach tugann siad leo rudaí nach bhfuil le fáil ón rialtas – síocháin, slándáil agus riarthóireacht rianúil.

Tá ainm na cothroime ar a gcúirteanna áitiúla, agus tá fear déanta cirte (ombudsman) dá gcuid le fáil i gCandahar.

Is mairg anois don cheannasaí Talabanach atá ciontach as mursantacht – tugtar bata agus bóthar dó mura mbásaítear é. Tuigeann an Talaban anois go dtarraingíonn ansmacht gráin.

Tá leabhrán trí leathanach déag curtha amach acu a deir go gcaithfear roinnt go maith le bunadh na háite agus nach ceart daoine a bhású gan triail – comhairle ba chóir a thabhairt agus a chur i bhfeidhm tamall maith ó shin, más fearr mall ná riamh.

Ní bhacann sin orthu corrionsaí uafásach a dhéanamh, mar a tharla le déanaí lasmuigh d’Ambasáid na hIndia i gCabul agus slua sibhialtach (a lán ban ina measc) marbh dá bharr.

Níor chaill an chuid is crua den Talaban a seantréithe: tuiscint chúng ar an gCóran, dearcadh diúltach i leith na mban, agus an bhaint atá ag a bhformhór leis an gcuid is coimeádaí den treibh is láidre – Paistiúnaigh an deiscirt (agus mímhuinín acu dá réir as dreamanna eile).

Ach ní mór a chuimhneamh go dtugtar ‘Talaban’ ar dhreamanna difriúla – díograiseoirí ón bPacastáin, mílisteoirí áitiúla, tiarnaí cogaidh, agus daoine nach bhfuil de rogha acu ach dul leis an lámh is láidre.

Ní furasta i gcónaí dílseacht daoine a mheas. Deirtear gur éirigh le ceannaire treibhe amháin ar a laghad a naimhde a scrios trí shaighdiúirí Astrálacha a shaighdeadh iontu le faisnéis bhréige.

Ar an taobh eile, tá na hAstrálaigh agus saighdiúirí eile go maith chun tionscadail bhonneagair a thosú agus a chothú: ach cén t-iarsma a fhágfaidh siad ina ndiaidh?

SEANSAOL AR AIS

Ciallaíonn seo go bhfuil an seansaol ag teacht ar ais ar a sheanléim, de réir mar a shamhlódh an Talaban.

Tá corrdhifríocht ann – féach an brabach a bhaineann saighdiúirí Dé as saothrú na bpoipíní (saothrú a cháin an Talaban go géar ar dtús, ach ní féidir leo teacht gan airgead).

Má theipeann glan ar an rialtas an tír a rialú le héifeacht, is beag an tairbhe d’fhórsaí NATO agus SAM (a bhfuil tuairim is 100,000 duine acu ann) a ndícheall a dhéanamh.

Luath nó mall, tabharfaidh siad cúl leis an tír agus an obair gan chríochnú.

Tá arm na hAfganastáine ag cruthú maith go leor, más fíor, ach ní thig leo gaisce polaitiúil a dhéanamh. Beidh ladair eile á gcur sa mhias fós.

Is fada an India agus an Phacastáin ag dul in iomaíocht ann, ach sin gnó na seirbhísí rúnda; ar éigean a chuirfidís saighdiúirí thar teorainn isteach.

Idir an dá linn tá na gnáthdhaoine ag éalú ó lámh láidir an dá thaobh; tógann cuid acu botháin ainnise lasmuigh de Chabul, áit a ndéanann an rialtas faillí iontu, baineann cuid eile amach an Phacastáin, tagann cuid eile fós chomh fada leis an Astráil agus iad ag tnúth le dídean.

ACHRANN ROMHAINN

Is gearr ó dúirt feidhmeannach Briotanach go bhféadfaimis cur suas leis na drugaí nó leis na tiarnaí cogaidh, ach gur scéal eile ar fad iad an Talaban.

A mhalairt de phort a chloistear anois, agus is beag trácht a dhéantar ar al-Qaída a chloí.

Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ach má thagtar ar chomhréiteach san Afganastáin is treise fós a bheidh an Talaban sa Phacastáin, agus ansin íocfaidh an tír úd i gceart as an gcabhair a thug cuid de na seirbhísí rúnda do laochra Dé.

Níl bunús cultúrtha leis an teorainn (líne chaothúil a tharraing na Briotanaigh i ndeireadh an 19ú haois), agus ní raibh smacht ceart riamh ag na húdaráis náisiúnta (nó impiriúla) ar cheantair ‘threibheacha’ na Pacastáine.

Orthu sin tá an Vaisíreastáin, áit a bhfuil an seansaol beo agus a bhfuil an Talaban fódaithe.

Anois tá siad siúd ag fuineadh in aice na mine, agus is léir ó na hionsuithe a rinne siad le déanaí i Lahór gur fearann cogaidh acu an limistéar uile.

Tá faobhar ar fhearg na bhfíréan agus leanann léirscrios í.

Colin Ryan

‘hecklers beware!’
Is fuirseoir é Steve Cummins as Maigh Rois, Contae Luimnigh, agus nach air a bhíonn fonn spraoi!

Chaith sé tréimhse ina oibrí sóisialta, agus d’oibrigh sé le hógchiontóirí i dtrí thír éagsúla, sular thiontaigh sé i dtreo ardán an ghrinn.

Bhí sé mar phríomhfhear grinn agus láithreoir san Empire i mBéal Feirste agus in Revolution i bPort Láirge, agus faoi láthair is óstach é sa Laughter Lounge i mBaile Átha Cliath.

Ba chuig an Laughter Lounge ar 17 Iúil a chuaigh mé chun é a fheiscint.

B’oíche Shathairn fhliuch dhorcha í, ach cé go raibh an oíche gruama duairc, ní raibh duairceas ná gruaimeacht ar bith sa ‘tolglann’ agus Steve Cummins agus a fhoireann fuirseoirí ag fuirseoireacht leo.

Mar is gnáth sa Laughter Lounge bhí ard-chaighdeán fuirseoireachta ann, agus Tiffany Stevenson, Tim Elliott, Brendan Reilly agus Willie White ar an stáitse.

Láithreach bonn bhí trua agam don bhrídeach agus a cóisir cailleach, agus iad suite chun tosaigh, ar nós go raibheadar ag iarraidh go spochfaí astu. Spochadh!

Bhí Tiffany Stevenson, Brendan Reilly agus Tim Elliott an-ghreanmhar, Tim Elliott ach go háirithe agus a jóc faoi thodhchaí na tíre, áit nach féidir an focal ‘skanger’ a úsáid toisc gur cultúr éagsúil iad muintir Skang, agus toisc go nglactar leis go bhfuilid i do chiníoch má scaoileann tú ‘S-bomb’ in áit phoiblí (is éard is ‘S-bomb a scaoileadh’ ann ná, an focal ‘skanger’ a úsáid go hoscailte!).

Ag spochadh as über-cheartaiseacht pholaitiúil Mheiriceá a bhí sé ag tús an jóc seo, rud a thuigtear go hidirnáisiúnta, agus a thuill moladh beirte ann féin do Tim Elliott.

B’as Baile Munna do Willie White, a bhí mar phríomh-aoi Steve Cummins ar an oíche.

Bhí a chuid ullmhaithe ag Willie roimh ré, agus cé go dtaithníonn an comhrá agus pleidhcíocht leis an lucht féachana liom, bhí Willie chomh greanmhar sin gur mhothaigh mé faoi dheireadh a jócanna go raibheas i ndiaidh bheith ag rang Pilatés le cúpla uair, agus matáin an bhoilg agam go hiomlán tréigthe leis an ngáire uilig.

Cé nach mbeadh jócanna Willie chomh greanmhar céanna dóibh siúd nach dtuigeann Baile Munna, thuig an lucht féachana go díreach cad é a raibh i gceist aige go hiomlán, agus nach muid a bhí ag gáire.

Bhí stíl scéalaíochta ag Willie iontach simplí agus éifeachtach, agus amhráin aige ag tús agus deireadh a sheit. Thaithin a amhráin ag an deireadh faoi airgead á éileamh ó chomlachtaí aráchais go mór liom agus tiúin ‘I Would Walk 500 miles’ de chuid The Pretenders á úsáid aige.

‘I would claim 500 pounds, and I would claim 500 more, just to be the man who falls down at your door’ aige in áit na príomh-líne ó churfá an amhráin.

Ní raibh dul amú ar Cummins agus é ag déanamh cur síos ar Willie, “He may have been in the special class in school but he is a genius on the comedy stage”

Deirtear ‘Hecklers beware’ faoin seó, agus deirtear gur fearr duit gan a bheith ag suí chun tosaigh ag seónna Steve Cummins. B’fhíor an rabhadh é, ach níor thug cóisir na mbáb aird ar bith air.

Bhí Cummins ag baint astu gach uair dó bheith ar an stáitse agus cúrsaí gnéis á bplé aige leis an mBrídeach agus máthair a céile. Nach orthu beirt a bhí an náire!

Is mar sin a bhí Cummins don oíche, chomh spleodrach, fiáin, béalscaoilte agus a shamhlófá le fuirseoir, a bhfuil cuma Axl Rose agus é in mharcaí Rohan as Lord of The Rings air.

Mar oíche amuigh ar an gcathair mholfainn go mór dul chun fuirseoir a fheiscint, ach go háirithe oíche mar seo agus Steve Cummins ag stiúiriú cúrsaí, bhí meascán maith d’fhuirseoirí aige ann agus meascán maith jócanna agus stíleanna acu.

Bhí sé féin chomh greanmhar céanna leo chomh maith agus mheasas féin gur maith an fhianaise é don mhéid suilt agus craic ar bhain gach éinne as an oíche agus líon na ndaoine a chuala mé ag iarraidh a chuid jócanna féin a insint ag deireadh na hoíche.

Bíonn Steve ar Newstalk 106FM, ar an Big Bite ar RTÉ agus cloistear agus feictear ar an BBC, The Last Word ar Today FM, agus ar Spin 103.8FM go minic chomh maith é.

Agus Steve ag taisteal timpeall na tíre ag déanamh seónna níl leithscéal ar bith ag éinne againn gan é a fhescint.

Coimeadaigí súil amach dó.

Rachaidh mise arís – an bhfeicfidh mé ann tú?!

Micheál Johnny Ó Meachair

bígí ag CAINT
“Ní cainteoir líofa Gaeilge mé. An bhfuil náire orm faoi seo? Níl. An bhfuil mé ag iarraidh é a athrú? Tá.”

Sin an bhunteachtaireacht ó Paul Feeney – fear de bhunadh Dhún na nGall a bhfuil cónaí air sa Chóiré Theas – atá i ndiaidh tús a chur le CAINT, feachtas agus suíomh nua Gaeilge.

“Tá an feachtas CAINT dírithe ar dhaoine cosúil liomsa, daoine nach bhfuil Gaeilge acu ach ar mian leo go mór í a fhoghlaim,” arsa sé.

“Chonachtas domhsa gur mhinic nach raibh na daoine seo cinnte faoi cá háit ar chóir dóibh tosnú. Sin an áit a dtagann CAINT isteach.

“Níl sé de sprioc ag an fheachtas daoine a chur i dtreo cúrsaí Gaeilge, nó go gceannódh siad cúrsaí costasacha ar líne, tá sé ag iarraidh daoine a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh chun cuidiú a thabhairt do dhaoine nach bhfuil.”

Is iomaí feachtas sa lá atá inniu ann a bhfuil sé de sprioc aige úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc phobal na hÉireann ach dar le Paul go bhfuil cur chuige éagsúil ag CAINT.

“Teagmháil agus comhoibriú idir foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa, sin an coincheap atá ag lár an fheachtais, sin agus t-léinte a dhíol leis an choincheap sin a chur i mbéal an phobail.”

Ní feachtas struchtúrtha sa ghnáthchiall é CAINT mar sin ach coincheap, nó cur chuige, ar mhaith le Paul a chothú agus a chur chun cinn.

Chun cuidiú leis sin tá t-léinte agus earraí éagsúla ar díol ar shuíomh an fheachtais – www.caintcampaign.com – a chuirfeadh in iúl do dhaoine eile go bhfuil tú sásta bheith páirteach, sásta Gaeilge a labhairt.

I measc na stíleanna atá ar fáil tá ‘My Irish Is Broken, Please Help’, ‘Seas An Fód, Labhair Do Theanga Le Bród’ agus an ceann greannmhar, ‘Rith! An Modh Coinníollach!’, atá le feiceáil anseo.

Míníonn Paul gur thosaigh CAINT mar choincheap simplí i suíomh simplí – thar chúpla pionta sa phub in éineacht le cairde scoile.

“Bhí an Ghaeilge i gcónaí mar chuid dár saol, rinne muid ar fad í ar scoil, ach ní raibh aon spreagadh breise ann chun an teanga a fhoghlaim mar is ceart.

“Mar sin ní bhaineann an feachtas seo le scrúduithe, baineann sé le spreagadh a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt – is féidir linn tabhairt faoin Mhodh Coinníollach ina dhaidh sin!”

Dar leis go bhfuil an-suim ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim ach bíonn faitíos orthu in amanna, agus uaireanta eile ní bhíonn a fhios acu cad é mar ba chóir dóibh tosnú.

“Ba mhaith linn ardán a chur ar fáil do na daoine seo agus a chur in iúl dóibh nach bhfuil siad ina n-aonair.

“Is glanfhoghlaimeoirí iad agus sin an fáth a bhfuil téacs an tsuímh féin i mBéarla amháin faoi láthair, mar go bhfuil an feachtas dírithe ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu, go fóill.

“Dá mbeadh an feachtas seo i nGaeilge amháin, bheadh an spriocghrúpa féin go hiomlán dall air.”

Is múinteoir Béarla sa Chóiré Theas é Paul agus taithí aige ar dhaoine a bhfuil an-spéis acu, agus an-fhonn orthu, teanga nua a fhoghlaim.

“Bíonn muintir na Cóiré Theas cíocrach agus iad ag foghlaim Béarla, agus bíonn sé an-éasca cabhrú leo dá bharr.

“Comh-iarracht chultúrtha atá ann ar bhealach – stadann daoine sa tsráid mé ionas go mbeidh siad in ann cúpla focal Béarla a úsáid agus baineann siad leas as gach deis a fhaigheann siad.

“Tá sé deacair gan bheith fáiltiúil roimh an spéis seo agus bíonn na cainteoirí Béarla anseo sásta cuidiú le foghlaimeoirí díograiseacha.

“Sílim go dtiocfadh linn foghlaim ón dearcadh sin agus daoine ag foghlaim Gaeilge chomh maith.”

Feictear do Paul go bhfuil stiogma éigin ag baint lena bheith ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a labhairt in Éirinn go fóill agus nach mór daoine a spreagadh chun triail a bhaint as cibé Gaeilge atá acu.

“Sin an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim – dul sa seans agus roinnt frásaí a úsáid i do ghnáthshaol.

“Má dhéanann tú meancóga, nó má cheapann daoine áirithe nach fiú é, is cuma, mar rachaidh sé chun tairbhe duit sa deireadh.

“Tógáil ón talamh aníos atá i gceist anseo agus tá súil agam go mbeidh cuid mhór daoine amuigh ansin ag iarraidh bheith páirteach.”

Dá mba mhian leat tuilleadh eolais a fháil ar conas is féidir leat féin cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge, nó dá mba mhaith leat spléachadh a thabhairt ar na t-léinte stílmhara éagsúla atá mar chuid de CAINT, tá gach sonra le fáil ag www.caintcampaign.com

Tomaí Ó Conghaile

x-chumhacht
Minato i gceartlár chuan Thóiceo, sa tSeapáin.

Áit a bhfuil cónaí ar 217,335 duine, nó 10,865 duine ina aghaidh na gciliméadar cearnach.

Is anseo atá príomhoifigí leithéidí Sony, NEC, Toshiba agus Honda agus is ann atá conaí ar 48 ambasadóir.

Ach is í an chúis domsa a bheith ag scríobh mar gheall ar Minato ná gurb ón gcuid seo de Thóiceo an Mitsubishi Lancer, ach go háirithe an Evo X nua atá os mo chomhair amach.

Ón taobh amuigh, is gluaisteán tarraingteach é, a bhfuil cuma fhiachmhar, spórtúil air. Thuigfeadh aon duine láithreach go raibh an gluaisteán seo á úsáid ag lucht railí ón ngreille mór a théann ón mboinéad go bun an ghluaisteáin chun an méid is mó aer agus ir féidir a shlogadh isteach chun an t-inneall a choimeád fuar.

Dá bhrí seo, ón taobh amuigh, caithfidh mé a admháil gur maith liom an Evo X nua atá soláthraithe ag Mitsubishi Motors dom don lá!

Agus tú suite sa ghluaisteán tagann ísle brí láithreach ort, áfach.

Is cosúil gur dhear cuntasóir agus seinteoir doird gach rud laistigh den ghluaisteán, áit a raibh Hannibal Lecter agus Roy Keane ag dearadh an taobh amuigh de.

Ní féidir focal ar bith a thabhairt ar an deais seachas lom. Is ceart an cur síos air a fhágáil lom freisin chun go dtuigfidh sibh i gceart é.

Anuas air seo is cosúil gur úsáideadar MS Dos don ríomhaire turais, seachas an dath oráiste ar an téacs shílfeá go raibh na hochtóidí buailte linn arís.

Glaotar ríomhaire turais ar na sonraí atá ar fáil duit ón deais, ach sa chás seo, b’fhearr abacas a ghlaoch air toisc nach bhfuil ach fad do thurais deireanaigh agus líon an pheitril sa ghluaisteán ar fáil duit sa ghnáthLancer.

Níos measa fós, níl ach an trí rogha san Evo X, agus córas rialaithe tarraingthe mar an rogha sa bhreis. Agus ní raibh sé ní b’fhearr agus mé ag tiomáint chuig an miondíoltóir peitril thíos an bóthar ach oiread.

An t-aon bhealach go bhféadfainn cur síos a dhéanamh ar an ngluaisteán seo agus mé á thiomáint i gceantar uirbeach – dá bhrí sin thart ar 50 ciliméadar san uair agus idir 2000 agus 4000 reibh – ná go bhfuil sé cosúil le bheith i do shuí i gcanna Dutch Gold le ceithre roth air.

Tá an fothram ón ineall uafásach géar, agus mar a luaigh mé níl aon rud compórdach, galánta nó deas fiú faoin taobh istigh den ghluaisteán.

Ón méid atá ráite agam is cosúil nár chóir idir €21,823 agus €24,314 a íoc ar an ngnáth-Lancer, nó nár chóir cinnte €67,633 a íoc ar an Evo X, agus gurb fhearr duit d’airgead a chaitheamh ar Ford Focus, Honda Civic, nó Subaru Impreza.

Caithfidh go bhfuil an Lancer go maith i slí éigin, ach conas? Deir Mitsubishi go bhfuil an-chuid torc tiomána ag an Lancer.

Céard is brí leis seo? Is féidir leis an gcumhacht uilig atá san inneall aige a úsáid toisc leagan amach cliste an ghluaisteáin ó thaobh an mheáchain de.

Ní hamháin gur féidir leis an Lancer é seo a dhéanamh agus tú ag tiomáint i líne dhíreach, ach mar gheall ar an gcrochadh atá ar an ngluaisteán ní chailleann tú an greim seo ar an mbóthar agus tú, mar shampla, ag tiomáint timpeall ar thimpeallán beagáinín ró-scioptha.

Ó thaobh tiomána tapa de, agus tú ag tiomáint ar an mótarbhealach, d’fhéadfá 170 ciliméadar san uair a bhaint amach go héasca sa cheathrú giar de bharr na cumhachta seo san inneall, ach dár ndóigh, ní dhearna mé é seo a fhiosrú!

Ní hé an luas an rud is fearr faoin ngluaisteán seo, ach an luas atá aige agus tú ag casadh cúinne.

Go bunúsach tá sé ro-éasca tiomáint go scioptha timpeall ar chúinní.

Is d’aon ghnó a luaigh mé Hannibal Lecter ní ba luaithe, toisc go n-íosfar d’inchinn ag Lecter sula gcaillfidh an Mitsubishi an greim daingean sin ar an mbóthar.

Luaigh mé cé chomh dona agus atá an fothram ón inneall ní ba luaithe freisin agus tú ag tiomáint go mall ach i ndiaidh tiomáint tapa, is leor a rá go dtuigtear cén luas is fearr ó thaobh fhothram an innill de.

Anuas air seo uilig, cé go bhfuil cuma lom ar an deais, agus gach rud laistigh den ghluaisteán seo, is cosúil go raibh seift ag Mitsubishi go mbeadh an Lancer níos éadroime sa chaoi go mbeadh sé níos scioptha, agus d’éirigh leo!

Maidir leis na sonraí teicniúla… slogfaidh an Lancer 65.5 lítear peitril agus is féidir thart ar 850 ciliméadar a thiomáint agus d’umar lán. Braitheann sé seo ar an luas ag a dtiomáineann tú dár ndóigh.

Tá cumhacht 165ec (ec = each-chumhacht) ag an ngnáth-Legacy agus rogha idir 300ec agus 350ec agat leis an Evo X.

Chun coimriú a dhéanamh ar an Lancer Evo X nua, tá cuma ghalánta air ón taobh amuigh, agus beidh tú ag tiomáint chomh scioptha sin nach dtabharfaidh tú an taobh istigh faoi dheara.

Níl sé ró-chostasach don spraoi a mbainfidh tú as ach oiread, bhuel tá, ach is féidir leat an ceann leis an inneall 1.5 lítear, atá níos lú, a cheannach más rud é go bhfuil tú buartha faoin timpeallacht agus do sparán.

Daoibhse a cheannaíonn SUV mór chun bhur bpáistí a chosaint i gcás timpiste in D4, mholfainn Lancer a cheannach sa chaoi go mbeidh sibh in ann an timpiste a sheachaint.

Ár mbuíochas do mhuintir na Seapáine as an mbréagán iontach seo…

Micheál Johnny Ó Meachair

fórsa fuaime
Labhair Tomaí Ó Conghaile leis an cheoltóir nua-aoiseach agus Gael óg, Daithí Ó Drónaí, faoina chuid cheoil agus faoi cad é atá i ndán dó amach anseo.

Bhain ceol leithleach Dhaithí Uí Dhrónaí geit as go leor daoine nuair a chualathas é ar The All-Ireland Talent Show ar RTÉ 1 ní ba luaithe i mbliana agus, ar an dea-uair, tá tuilleadh le teacht ón cheoltóir óg as an Chlár.

Chuaigh an fhuaim bheoga nua-aoiseach a bhain Ó Drónaí as an fhidil go mór i bhfeidhm ar na moltóirí agus ar an phobal araon le linn na sraithe, agus is toradh é ar na blianta de sheinm agus ar thionchair éagsúla ceoil.

“Thosaigh mé ag seinm na fidle nuair a bhí mé an-óg, ocht nó naoi mbliana d’aois, agus is ag ceol le mo chlann a bhí mé ag an am sin,” arsa Daithí le nós*.

“Nuair a bhí mé timpeall 13 áfach d’fhág mé an fhidil ar feadh tamaill agus thóg mé suas an dordghiotár. Bhí mé páirteach i gcúpla banna difiriúil – banna miotail fiú! – ach de réir a chéile chuir mé suim sa cheol indie agus tá mé ag éisteacht leis ó shin. Éistim le ceol damhsa chomh maith mar sin faighim inspioráid agus spreagadh ó cheol difiriúil.

“Cé gur thosaigh mé amach le ceol traidisiúnta, ní dóigh liom go mbím ag smaoineamh ar an gceol traidisiúnta agus mé ag cumadh is ag scríobh ceoil ach toisc gur fhoghlaim mé an fhidil mar uirlis traidisiúnta, tagann an fhuaim trad amach as.”

Ar an gnéithe is iontaí faoi cheol Dhaithí tá an dóigh a seinneann sé na píosaí ar fad atá le cloisteáil ar a rianta agus ansin buailtear an fhuaim amach arís a bhuí le stáisiún lúb.

“Bhí mé in ann tús a chur leis an gceol atá á sheinm agam anois mar go raibh an-chuid treallaimh agam don ghiotár, agus ansin fuair mé glacaire don fhidil leictreach. Cruthaím an fhuaim iomlán le loop station a phiocann suas na píosaí a sheinnim, a dhéanann iad a thaifeadadh agus a sheinneann ar ais iad i ‘lúb’. Is féidir liom mo cheol ar fad a chur le chéile sa tslí seo.

“Tá mé ag iarraidh rud an-difiriúil a dhéanamh, rud bríomhar agus cuireann an córas seo ar mo chumas é sin a dhéanamh.”

Ag caint ar an tsraith a chuir faoin spotsolas náisiúnta é, deir Daithí gur taithí iontach a bhí ann ach nach raibh sé i gceist aige cur isteach ar an Talent Show ag an tús.

“Chuaigh mé chuig an éisteacht i nGaillimh mar bhí mé ag lorg amhránaithe le haghaidh banna ceoil,” arsa seisean. “Ach thóg mé mo threallamh liom, chuala siad mé ag seinm agus go tobann bhí mé sa chúigear deireanach. Bhí rudaí saghas craiceáilte nuair a bhí mé ar an teilifís agus bhain mé an-taitneamh as.

“Deis iontach a bhí ann.”

D’éirigh leis an Drónach – ar mac léinn cumarsáide é in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua – d’éirigh leis babhta ceannais an chomórtais a bhaint amach agus tá lucht leanúna nach beag aige anois dá bharr.

“Nuair a bhí mé sa chomórtas bhí mé ag déanamh a lán ceolchoirmeacha sna scoileanna mar sin tá leantóirí óga agam anois atá ag éisteacht leis an gceol saghas difiriúil a chuirim ar fáil, rud atá maith.”

Ní i scoileanna amháin a bhíonn Daithí le cloisteáil áfach mar le cúpla mí anuas tá gigeanna déanta aige in áiteanna éagsúla ar fud na tíre – Gaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath san áireamh – mar aon le SONAS an tSamhraidh sa Button Factory i mBarra an Teampaill.

Agus le rianta ar nós ‘Embrace’ agus ‘Say This’, ní ionadh ar bith é go bhfuil tóir air, ar a fhidil agus ar a stáisiún lúb.

Dar le Daithí go mbeidh sé ag díriú isteach ar cheol nua a scríobh thar an samhradh agus go leanfaidh sé ar aghaidh ag déanamh fórbartha ar a stíl neamhspleách féin.

“Iontach” a deir muidne anseo ag nos*. Bí ag súil le tuilleadh uaidh amach anseo.

Beatha an rása
Tá fás áirithe i ndiaidh teacht ar shuim an phobail san aclaíocht tar éis blianta de scéalta faoin murtall. Ach níl gluaiseacht na ndaoine seo i ndiaidh teacht i gcabhair ar spóirt tradisiúnta na hÉireann, mar na cluichí Gaelacha, ná sacar ná rugbaí fiú. Mar sin cad iad na spóirt atá á n-imirt acu?

Tá na hÉireannaigh anois i ndiaidh tosú ar fhoirne Peile Meiriceánaí, La Crosse agus Ultimate Frisbee a bhunú, agus tá níos mó daoine ná mar a bhí riamh i mbun rothaíochta sléibhe, cadhcáil agus tonnmharcaíocht.

Ach is é an spórt a bhfuil an spéis is mó ann anois go hidirnáisiúnta ná an trí-atlan.

So, cad is rás trí-atlain ann go díreach?

MÚNLAÍ TRÍ-ATLAIN

Tá faid éagsúla rásaí ann agus múnlaí difriúla orthu uilig freisin, ach is é an fad Oilimpeach an múnla caighdeánach atá mar bhunús don ghluaiseacht seo.

Sa mhúnla Oilimpeach, tosaítear an rás leis an snámh. Bíonn ort snámh a dhéanamh thar chúrsa ciliméadar go leith.

Go hiondúil is i loch nó san fharraige a bhíonn sé seo, ní dhéantar ach anois agus arís in aibhneacha iad. De ghnáth feictear na rásaithe ‘dáiríre’ ag críochnú na coda seo den rás ar dtús i ndiaidh dóibh sonc agus cic nó dhó a thabhairt d’éinne a thagann salach orthu nó nach bhfuil taithí acu snámh i lár slua agus iad ag éirí a rithim snámha a choimeád nó a aimsiú.

Is í seo an chuid is deacra den rás agus is mar gheall air seo a dhéantar ar dtús é. Moltar duit culaith fhliuch a chlúdóidh do cholainn ar a laghad a chaitheamh, agus in áiteanna áirithe ar domhan is gá iad seo a chaitheamh ar bhonn slándála de bharr an fhuachta.

Agus lucht rásaíochta ag rith as an uisce téann siad chuig an ‘achar athruithe’, áit a mbaintear na cultacha uisce agus beirtear ar na rothair le tús a chur ar 40 ciliméadar de rothaíocht bhóithre.

De ghnáth caitheann daoine idir 30 soicinid agus cúig nóiméad san ‘achar athruithe’.

Moltar do gach duine rothar rása a bheith acu don chuid seo den rás, ach ceadaítear aon sórt rothair i bhformhór na rásaí.

Is dócha go bhfuil sé éasca traenáil a dhéanamh don phíosa seo den rás, agus dá bharr seo is anseo a thosóidh daoine ar theacht aniar a dhéanamh. Bíonn meánluas idir 30 agus 40 ciliméadar san uair faoi na lúthchleasaithe go hiondúil.

Moltar deochanna ath-hídráitithe a shlogadh agus tú ag rothaíocht chun go mbeidh tú in ann tabhairt faoin rith go héifeachtach níos déanaí.

Agus tú ag druidim le deireadh na staide seo moltar duit do ghéaga a shearradh freisin.

Faoin am seo beidh an rás nach mór críochnaithe agat seachas tréimhse reathaíochta gairid!

Rás reatha 10 ciliméadar atá os do chomhair amach anois, agus níl mórán cleasanna anseo ach díreach gan dul ró-thapa ón tús sa chaoi go mbeidh tú in ann luas leanúnach a bheith agat a thógfaidh chun deireadh an rása tú.

Deirtear gur fearr duit do chorp a choimeád díreach agus bheith ag breathnú os do chomhair amach an t-am ar fad, ach munar chleachtaigh tú seo roimhe, is fearr duit fanacht le pé stíl reatha atá agat agus tú i mbun traenála.

RÁSAÍ ÉAGSÚLA

Más í seo bunchloch na rásaí trí-atlain, cén sórt múnlaí eile atá air anois?

Tá rásaí ann do pháistí óga ina mbíonn ar na hiomaitheoirí snámh 100 méadar, rothaíocht 5 ciliméadar agus rith chiliméadair a dhéanamh, agus dóibh siúd atá níos aosta ach fós craiceáilte tá an Ironman.

Mar is léir ón ainm is rás eipice é seo ina ndéantar snámh 3.8 ciliméadar, rothaíocht de 180 ciliméadar agus reathaíocht de 42 ciliméadar (maratón iomlán!).

Mar dhuais ag deireadh na rásaí Ironman tá do rogha boinn nó tatú agat! Rud arís a léiríonn eisceachtúlacht an rása.

É seo uilig ráite, is í rogha choitianta na laethanta seo ná rásaí eachtraíochta agus ráibe.

ÉIRE & IDIRNÁISIÚNTA

Is féidir dul ar fud na cruinne ag glacadh páirte iontu seo, i Haváí, sa Rúis nó fiú san Amasóin.

Is é múnla coitianta na ráibeanna ná snámh 750 méadar, 20 ciliméadar de rothaíocht agus rith 5 ciliméadar. Moltar do dhaoine tosú leis na rásaí seo, agus bíonn siad ar siúl i mBré agus Áth Luain maraon le háiteanna eile in Éirinn gach bliain más rud é go bhfuil suim agat triall a bhaint astu.

Ó thaobh na rásaí eachtraíocht de, tá an Gael Force 6 ar cheann de na rásaí is fearr in Éirinn.

Is i gCathair na Mart a bhíonn sé seo gach bhliain agus bíonn ort rith, dreapadh sléibhe, cadhcáil, rothaíocht sléibhe agus bóithre, boghdóireacht agus a thuilleadh rothaíochta a dhéanamh.

Agus dóibh siúd atá go hiomlán as a meabhair tá an GF12 atá i bhfad níos faide! Tá gach sonra faoi na rásaí seo ar fáil ó www.gaelforcewest.ie

Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh dul ag taisteal agus tú ag tabhairt faoi na rásaí seo tá rás maith ag a mbíonn slua ollmhór i gcónaí ann darb ainm ToughGuy agus tá an t-eolas faoi seo ag www.toughguy.co.uk

Ní rás fada é ach tá sé go hiomlán cumtha le tú a thuirsiú, a fhuarú agus rudaí a dhéanamh deacair ort sa chaoi gur rás inchinne é seachas rás colainne.

Níl aon rothaíocht sa rás agus cé go bhfuil uisce ann ní dhéantar snámh ann ach oiread.

Is é an t-aon chúis leis an uisce ann ná “go braithfidh tú go bhfuil do cheann i ndiaidh laghdú go méid gallchnó” mar a deirtear ar an suíomh oifigiúil!

Más rud é go n-éiríonn leat sult a bhaint astu siúd, agus is cinnte go n-éireoidh le beagán traenála, tá rásaí níos faide agus níos deacra ann le tú féin a thástáil.

Is iad na cinn is fearr atá feicthe agamsa ann ná Coast to Coast na Nua-Shéallainne agus Strong Man Run na Gearmáine. Tá sonraí ar fáil ó www.coasttocoast.co.nz agus www.strongmanrun.com agus is rásaí iad atá an-chosúil leis an GF6 a luaigh mé thuas.

Tá an-chuid rásaí mórthimpeall Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin agus gan ort ach ‘adventure race’ agus an stát ina bhfuilir ag iarraidh é a dhéanamh a chur isteach in Google le gach sórt eolais a fháil.

Maraon le gach sórt spóirt, is í an chuid is deacra de ná an traenáil a thosú.

Ní maith le haon duine gan bheith in ann rud éigin a dhéanamh, ach leis seo níl ort ach beagán aclaíochta a dhéanamh go rialta leanúnach chun go mbeidh tú in ann chuig na rásaí seo.

COMHAIRLE

Is iad na nodanna is fearr a bheadh agam d’éinne a bhfuil suim acu tabhairt faoi na rásaí seo ná:

1) Péire maith bróga reatha a cheannach, (tá a leithéid le fáil ar idir €60 agus €70 ar a laghad ó gach siopa spóirt) cosúil le Asics Gel, Nike+, nó roinnt bróga de chuid Adidias X.

Cabhróidh siad seo leat stíl reatha níos éifeachtaí a bheith agat agus stopfaidh siad an chuid is mó den damáiste gur féidir a dhéanamh do d’ailt agus tú ag rith ar aon sórt talaimh chrua.

2) Faigh cúntas saor in aisce ó www.mapmyrun.com le pleananna traenála agus moltaí fiúntacha eile a fháil maraon le do chuid traenála a thaifead sa chaoi go mbeidh sé níos soiléire duit nuair a thosaíonn rudaí ag dul i bhfeabhas agus le tú féin a spreagadh nuair nach bhfuil fonn ort dul i mbun traenála.

3) Déan le cairde é! Cabhraíonn sé go mór má tá triúir nó níos mó á dhéanamh toisc go mbaineann tú níos mó suilt as an traenáil dheacair (beidh sé deacair!) agus chun tú féin a spreagadh ar na hoícheanta fuara fliucha sin a bhíonn againn go rialta in Éirinn.

An rud is fearr faoi na rásaí seo ná gur buaiteoir tú nuair a chríochnaíonn tú aon cheann acu.

Bíonn an-chomhluadar idir na daoine a bhíonn ag tabhairt futhu agus airíonn tú go bhfuilir i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar dhúshlán fíordheacair. Bain triall as!

Féilire na rásaí in Éirinn le fáil ar www.triathlonireland.com

Micheál Johnny Ó Meachair