nós* » nós*

BÁC ag canadh ar son Sam
Níl ach dornán laethanta fágtha roimh bhuaicphointe peile na bliana nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann, cluiche a bhfuil macallaí choimhlintí cailiúla na 70í le sonrú ann.

Tá 16 bliain imithe anois ó bhuaigh fir na príomhchathrach Sam go deireanach agus tá an contae ar fad ar bís le hathsheilbh a fháil ar an chorn is clúití sa spórt Gaelach.

Beidh dúshlán roimh imreoirí Pat Gilroy má tá an lá le bheith leo – tá foireann na Ríochta ag dul dá séú teideal sa 21ú aois – ach níl easpa dóchais ar bhruacha na Life, agus i measc lucht ceoil na cathrach ach go háirithe.

Tá roinnt amhrán Béarla cumtha go speisialta don chluiche ceannais – an ceann greannmhar seo ó na Merry Ploughboys san áireamh – ach tá na Gaeil istigh ar an aicsean chomh maith agus is é an Duibhlinneach bródúil Enda Reilly atá ag léiriú an bhealaigh lena amhrán úrnua An Bua Ag Bleá Cliath.

Cormac Ó hEadhra agus a fhoireann ag An Glór Anoir ar RTÉ RnaG a spreag an chumadóireacht an-deas seo ón Uasal Ó Raghallaigh agus is tógáil croí é dúinn go bhfuil ceol nua Gaeilge ag teacht ar an saol i rith an ama. Yee haa!

Ceol Bascaise, Teanga Chomharthaíochta!
Tá muidne anseo ag nós* ag baint an-taitnimh go deo as an amhrán iontach Bascaise seo le tamall anuas, agus as an bhfíseán áirithe seo de ach go háirithe.

‘Negua Joan Da Ta’, nó Tá An Geimhreadh Ag Imeacht, is teideal don traic agus is é an banna Bascach Zea Mays (a chiallaíonn Grán Buí sa Laidin!) atá á cheol ach an rud iontach faoin fhíseán seo ná go bhfuil cailín Ainhoa Moiua ag cur teanga chomharthaíochta na Bascaise leis chomh maith!

Tugann a léiriú fisiciúil an-bheocht don amhrán, atá cheana féin greamúil go leor, agus chuir sé ag smaoineamh muid – an bhfuil aon cheoltóir Gaelach amuigh ansin a bheadh in ann físeán ar leith a chur lena cheol féin nó fiú léiriú teanga chomharthaíochta a dhéanamh?!

Cabaret ag Ceiliúradh
Is ócáid mhór i gcónaí í oíche an cheabairé is spleodraí agus is Gaelaí ar domhan, An Cabaret Craiceáilte, ach beidh cúis cheiliúrtha sa bhreis ag an slua a bheas i láthair amárach (Dé Sathairn 27 Lúnasa) le haghaidh chóisir na míosa seo mar beidh an Cabaret trí bliana d’aois.

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an spraoi craiceáilte atosaithe arís ó bhí Lúnasa 2008 ann agus is iomaí imeacht den scoth atá curtha ar fáil ag muintir an Chabaret ó shin i leith, ní amháin i nGaoth Dobhair ach ar fud na tíre chomh maith, le cuid de na himeachtaí chomh maith sin nach féidir cuimhniú orthu!

Tógra iomlan deonach é an Cabaret a bhíonn á eagrú ag an réalta raidió Rónán Mac Aodha Bhuí agus a bunaíodh chun ardán a thabhairt do cheoltóirí áitiúla agus eile a bhíonn i mbun ceoil as Gaeilge agus chun saol siamsa sóisialta sa teanga a spreagadh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon.

Míníonn Rónán gur siar sa bhliain 1993 a cuireadh síolta Chabaret an lae inniu.

“Tháinig An Ciorcal Craiceáilte ar an saol in 1993 ar mhaithe le saol sóisialta lán-Ghaelach a chruthú, chomh maith le tionscal ceoil chomhaimseartha trí Ghaeilge a spreagadh agus a chothú,” arsa sé.

“Tá an meon sin go fóill beo inniu, tá sé ag neartú arís, agus tá lúchair orm go bhfuil ag éirí linn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, go deonach agus ar bheagán achmhainní.

“De réir a chéile, tá an soiscéal ag spréadh go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, go bhfuil an chraic sa cheol agus go bhfuil muid bródúil. Tá an taobh sóisialta den Ghaeilge iontach tábhachtach mar tugann sé deis do dhaoine bualadh le chéile agus cuireann sé in iúl go bhfuil beocht ar leith i saol na teanga.”

Luann Rónán go bhfuil sé fíor-bhuíoch do na ceoltóirí uilig a bhíonn páirteach sa Chabaret, chomh maith leis an lucht gnó áitiúil a thugann tacaíocht dóibh.

“Bíonn imeachtaí den chineál seo ag tarlú mar go bhfuil daoine sásta cuidiú a thabhairt ar bhonn rialta agus tá Réabhlóid An Cheoil (RAC) go mór faoi chomaoin acu,” ar seisean.

“Ní fhéadfaí an Cabaret a choinneáil beo, mar shampla, gan an cuidiú a thugann leithéidí Ealaín na Gaeltachta, obair dheartha Chaomháin Uí Scolaí, Teach Hiúdaí Beag, Teach Sheáin Óig, Ollmhargadh Uí Ghallchóir, Teach Chambell, Siopa Mhatt, Busanna McGinley agus Feda agus araile.

“Ar a bharr sin meallann an Cabaret cuid mhór cuairteoirí go Gaoth Dobhair achan mhí, rud atá maith don cheantar agus a léiríonn arís eile an borradh atá faoi chúrsaí Gaeilge i láthair na huaire.”

Cé gurb í Gaeltacht Thír Chonaill baile an Chabaret bíonn sé ar cuairt go minic in áiteanna eile sa tír agus le trí bliana anuas bhí ócáidí craiceáilte ar siúl sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic, ag Fleadh Feirste i mBéal Feirste, ceiliúradh na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oirialla i Muineachán, Pléaráca Chonamara, Oileán Thoraí agus eile.

Ar an mhí seo chugainn beidh sé ar ais i mBéal Feirste faoi choinne cheiliúradh mór 20 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nuair a osclóidh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa síneadh úr an fhoirgnimh agus a cheolfaidh grúpa iontach John McSherry, The Soma Band.

Bíonn cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr, na bannaí Gaeilge is nuálaí agus na damhsóirí sean-nóis is gnéasúla in Éirinn le cloisteáil agus le feiceáil ag an Chabaret ar bhonn rialta agus is amhlaidh an scéal chomh maith don tríú breithlá oíche amárach i dTí Hiúdaí.

Beidh an t-amhránaí cumhachtach Feirsteach, Gráinne Holland, a bhfuil a céad albam Teanga na nGael díreach eisithe aici, ar an ardán in éineacht le Feilimí O’Connor, Rohan Young, Mark Kane agus Conor Caldwell.

Cuirfidh na deartháireacha ceolmhara as Cill Mhantáin, Mo Hat Mo Gheansaí, a n-amhráin nuachumtha i láthair agus beidh Na Muca Mire, Na Scoodelys agus ceoltóirí eile i mbun aicsin chomh maith.

Is léir mar sin go ndéanfar ceiliúradh mór maith ar na trí bliana atá curtha isteach ag an Chabaret go dtí seo, agus bí cinnte go mbeidh go leor ábhar eile ceiliúrtha ag Gaeil chraiceáilte amach anseo.

Mar a deir an tUasal Mac Aodha Bhuí é féin; “Cuirigí críoch ceart leis an samhradh agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte!”

Tomaí Ó Conghaile

Teanga Bheoga na nGael
Is amhránaí í Gráinne Holland atá i ndiaidh clú nach beag a bhaint amach le tamall de bhlianta anuas de bharr áilleacht chumhachtach a gutha agus de bharr an bhlais nua a thugann sí do réimse leathan d’amhráin Ghaelacha.

Aitheanta agus molta go hard ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta ina cathair dhúchais féin, Béal Feirste, beidh deis ag an domhan ar fad anois aithne a chur ar a glór sainiúil mar go bhfuil a céad albam le heisiúint aici láithreach.

Teanga na nGael is teideal dó agus tugann sé léiriú uirbeach nua-aimseartha d’amhráin thraidisiúnta ar nós An tSeanbhean Bhocht, A Mhuire ‘s a Rí, An Seanduine Dóite agus Dónal na Gréine.

12 traic san iomlán atá ar an albam a bhfuil roinnt aoicheoltóirí iomráiteacha – Neil Martin, John McSherry agus Dónal O’Connor ina measc – le cloisteáil air agus a bhfuil paisean don cheird agus grá don dúchas le mothú go soiléir uaidh.

Ag Féile an Phobail anuraidh, a thiteann amach i mBéal Feirste gach samhradh agus atá ar na féilte pobail is mó san Eoraip, ba í Gráinne an ceoltóir tacaíochta ag gig mhór Damien Dempsey agus anois, 12 mí ar aghaidh, ag Féile na bliana seo beidh ceolchoirm speisialta aici Dé Máirt 2 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa Cheathrú Ghaeltachta chun a halbam féin a sheoladh.

Tógadh Gráinne go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla sa chathair, áit ar fhreastail sí ar an chéad bhunscoil Ghaeilge ann, Bunscoil Phobal Feirste, agus meastar go mbeidh Gaeil na cathrach agus a lucht tacaíochta ó níos faide i gcéin uilig bailithe le chéile don oíche mhór.

Moltar do dhaoine ticéad a chur in áirithe go luath agus tá tuilleadh eolais faoin gig agus albam ar grainneholland.com

Lig Scread!
Is fada muidne anseo ag nós* á rá go bhfuil géarghá le nuacheol Gaeilge agus tá beirt chailín óg as Indreabhán, Conamara, ar aon intinn linn agus albam d’amhráin nuascríofa chomhaimseartha díreach eisithe acu.

Gráinne Ní Bheoláin agus Róisín Ní Fhurrgais príomhbhaill an bhanna nua Scread a tháinig le chéile anuraidh chun cur isteach ar chomórtas áitiúil agus anois a bhfuil a gcéad albam, Réalt ag Titim, taifeadta agus féinfhoilsithe acu.

“Tháinig muid le chéile díreach os cionn bliain ó shin chun páirt a ghlacadh i gcomórtas cumtha amhránaíochta ‘Stéibh 2010’ a bhí á reáchtáil ag Óige na Gaeltachta,” arsa Gráinne.

“Tharla sé gur bhuaigh muid an comórtas sin agus, nuair a fuair muid suim aigid le cur i dtreo taifeadta, d’airigh muid go raibh sé chomh maith céanna dúinn albam a chur le chéile.

“Is mé féin a scríobh an ceol agus Róisín a scríobh na liricí.”

Tá naoi n-amhrán san iomlán ar Réalt ag Titim le meascán téamaí ó áilleacht a gceantair féin go cúrsaí grá agus fiú daoine óga a thagann go Conamara gach bliain chun Gaeilge a fhoghlaim ar chúrsaí samhraidh.

Tá meascán ceoil le cloisteáil ar an albam chomh maith, amhráin roc-pop le drumaí agus giotár leictreach, amhráin fhuaimiúla le giotár agus fidil mar aon le hionchur ó roinnt aoicheoltóirí.

Má tá éagsúlacht ann ó thaobh ábhar agus stíl na n-amhrán de, tá gach ceann acu scríofa agus seinnte as Gaeilge, rud atá an-tábhachtach don ghrúpa.

“Tá na hamhráin uilig scríofa againn féin i nGaeilge,” arsa Róisín.

“Tá sé sin an-tábhachtach dúinn mar ceapann muid féin nach bhfuil a dhothain den saghas seo ceoil ann i nGaeilge; pop agus roc atá spraíúl, óg agus a thaitníonn le déagóirí agus daoine óga eile.

“Níl aon albam mar seo amuigh faoi láthair agus is fáth eile é sin a bhfuil tábhacht ar leith leis an gceann seo.”

Tá súil ag Scread go spreagfaidh a gcumadóireacht féin níos mó daoine triail a bhaint as an rud céanna agus go mbeidh níos mó den cheol nua-aoiseach ar fáil i nGaeilge amach anseo.

Is ábhar dóchais é go bhfuil amhráin úra Ghaeilge, atá taitneamhach agus a bhfuil beocht iontu, á gcumadh agus á gceol ag déagóirí seo Chonamara agus go raibh an tacaíocht ar fáil dóibh lena bhfís a chur i gcríoch.

Beidh Gráinne agus Róisín ag coinneáil súil ghéar ar rath an chéad albaim seo ach cad atá i ndán don bhanna amach anseo?

“Is breá linn bheith ag ceol agus tá súil againn go mbeidh muid in ann roinnt gigeanna a dhéanamh sna míonna amach romhainn,” ar siad. “Leanfaidh muid linn ag scríobh agus ag ceol agus is féidir linn a rá go mbeidh amhráin Scread i gcónaí as Gaeilge.”

Dá mba mhian leat féin cluas éisteachta a thabhairt don bhanna Gaeilge is úire ar domhan, is féidir cóip de Réalt ag Titim a iarraidh ach rphost a chur chuig scread@live.ie

Dónall Mac Murchaidh

Foo Fighters – Wasting Light
Tá 15 bliain ann anois ó chuir iar-dhrumadóir Nirvana, Dave Grohl, tús leis na Foo Fighters ach, lena seachtú albam eisithe acu an mhí seo, tá an chuma ar an scéal go bhfuil beocht fágtha sa bhanna go fóill.

Is léir chomh maith nach bhfuil eagla orthu triail a bhaint as cur chuige úr agus iad i mbun ceoil mar gur thaifead siad Wasting Light ar théip analógach i ngaráiste beag, ní díreach an gnáthrud do ghrúpa a bhfuil na milliúin éisteoirí acu ar fud an domhain.

Mhínigh Grohl cén fáth ar fhág siad teicneolaíocht an stiúideo mhóir ina ndiaidh an babhta seo.

“Tá rud éigin faoi bheith mar bhanna atá in ann staid mhór a dhíol amach agus ansin do chéad albam eile a dhéanamh istigh i ngaráiste, agus ar théip chomh maith, tá sé sin badass dar liomsa,” ar sé.

“Tá mé cinnte go rachadh an mhórchuid de dhaoine isteach chuig an stiúideo is fearr agus na trilliúin a chaitheamh le díreach rianta a dhéanamh ar ríomhaire éigin.

“Is maith liomsa gur banna muid a bhíonn ag seinm beo gan ríomhairí ná giuirléidí ar ár gcúl.

“Agus an bhfuil a fhios agat? In amanna bíonn muid go holc. In amanna bíonn an glór as gléas, nó an giotár as gléas… ach is maith liom sin, mar domsa, sin rac ‘s roll.”

Tá an spiorad sách garbh sin le mothú ar an eisiúint is déanaí seo acu, ón tsingil Rope go dtí an White Limo crua gasta, is albam é atá lán fuaime agus cumhachta.

Tá níos mó fiántais le brath sna rithimí ach tá vaib uathúil an ghrúpa fós ann agus tá an lucht éisteachta ag glacadh leis go réidh nó d’aimsigh an t-albam áit uimhir a haon i gcairteanna ar fud an domhain ina chéad seachtain, cairteanna SAM ina measc.

“Smaoineamh s’agam féin a bhí ann an t-albam ar fad a dhéanamh ar théip agus nuair a luaigh mé ar dtús é d’fhiafraigh gach duine an féidir sin a dhéanamh?,” arsa Grohl.

“Dúirt mise gurbh é sin an córas a bhí againn tráth agus an léiritheoir atá againn, Butch Vig, léirigh seisean Nevermind, 20 bliain ó shin, agus bhí sé sin ar théip.

“Nuair a thaifead muid an chéad amhrán áfach thit an téip as a chéile le linn na heagarthóireachta agus bhí gach duine ag iarraidh dul ar ais ar na ríomhairí.

“Ach ní raibh mé sásta ríomhaire ar bith a ligean isteach agus lean muid leis an téip an bealach ar fad.”

Tá fáth eile ann áfach a raibh Grohl chomh tugtha sin le bheith ag obair ina gharáiste féin.

“B’aoibhinn liom dá mbeadh gach albam mar sin, ní raibh orm athrú amach as mo chuid pitseámaí!”

Esben and the Witch – Violet Cries
Mar scríbhneoir, deirtear gur ceart scríobh mar gheall rud éigin a bhfuil eolas agat faoi.

Is comhairle í a thugann miniú ar an difríocht shonrach idir na hábhair a bhíonn faoi chaibidil ag ceoltóirí óga ó chúlraí sóisialta difriúla.

Bíonn meascán feirge agus fantaisíochta ann go minic, ach go hiondúil ta cúis mhaith ag ógánach ó chúlra bocht le bheith ag gearán mar gheall ar a shaol léanmhar, agus is furasta an teachtaireacht a thuiscint dá bharr.

I gcás ógánach meán-aicmeach tá an scéal beagáinín níos casta; tá fonn éirí amach orthu ach ní thugann compórd an tsaoil cúis dháiríre le héirí amach.

Bíonn a gcuid liricí níos teibí dá bharr – tá cosaint san easpa brí ón argóint nach bhfuil an saol “chomh dona sin”.

Agus sin í an chúis go gcloisfidh tú hip hop mar gheall ar an saol laethúil i nghettos New Orleans agus death metal taibhsiúil teibí i bhfobhailte saibhre Stockholm.

Tá toradh damanta ealaíonta ar éalúchas meán-aicmeach Esben And The Witch as Brighton.

Seo ceol cumhachtach iar-phunk dorcha Gothach le crá an amhránaí Rachel Davies curtha i láthair faoi scáth meafarach a bhaineann le cogadh trinse an Chéad Chogadh Domhanda.

Ar amhráin mar ‘The Marching Song’ leagtar sraith i ndiaidh sraithe de ghiotáir scríobacha bhagracha anuas ar dhrumaí teanna máirseála, gach rud ag éirí níos déine agus ag tapú go dtí go mbriseann an stoirm agus líonann amhránaíocht chorraitheach Davies an ciúnas.

Ní hé an t-aon chleas atá acu – léiríonn ‘Chorea’ agus ‘Eumenides’ go bhfuil léiritheoir fuaime ag Esben i ngiotáraí Daniel Davies a thuigeann, ar nós Jamie as The Xx, an méid atá le foghlaim ag ceol indie ó léiritheoirí ceoil leictreonaí mar Burial agus Ramadanman.

Bíodh Violet Cries ina phléisiúr purgóideach acu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu tabhairt faoi.

Ben Ó Faoláin

Daft Punk – Tron: Legacy
Nuair a fógraíodh le déanaí go mbeadh an sár-ghrúpa damhsa leictreonach Daft Punk ag cumadh fhuaimrian an scannáin úir, Tron: Legacy, bhíothas ag súil go mór le tuilleadh den saothar céanna agus atá eisithe acu go dtí seo.

Ó tháinig siad chun tosaigh sna luath-90í, tá clú agus cáil ar an bheirt Fhrancach Guy-Manuel de Homem-Christo agus Thomas Bangalter as coirmeacha beo a mheasc a gcuid ceoil damhsa teic le seóanna ollmhóra solais, gan trácht ar na cloigne róbatacha a bhí á gcaitheamh acu agus iad ar an ardán.

Thar an 20 bliain sin atá imithe ó shin, tá stíl agus íomhá ar leith cruthaithe ag an bheirt atá chomh so-aitheanta leis na dordlínte troma a chuireann sluaite fud fad na cruinne i mbun damhsa.

Is mór an trua, mar sin, nach bhfuil mórán den fhuaim sin le cloisteáil san albam is déanaí seo dá gcuid.

Ba é an cumadóir mór le rá Wendy Carlos – bean a bhí freagrach as ceol A Clockwork Orange agus The Shining – a chum an scór don chéad scannán a bhuail an scáileán mór siar sa bhliain 1982 agus cé go bhfuil Daft Punk i ndiaidh an bhunfhuaim sin a uasdháthú ar bhealach sofaisticiúil go leor do chluasa an lae inniu, ní éiríonn leo iomlán a ndraíochta féin a chur leis an saothar.

Ba iad na mór-amhráin bhríomhara ar nós Harder, Better, Faster, Stronger agus One More Time a tharraing iomrá ar Daft Punk agus a thóg isteach sna cairteacha iad don chéad uair, ach is í an fhírinne ná nach bhfuil an fuinneamh sin le mothú in Tron: Legacy.

Tá an chuid is mó de na rianta san albam an-ghearr – is léir gur cruthaíodh don scannán amháin iad – agus cé go n-oireann siad don aicsean ar an scaileán, bheadh deacrachtaí ag aon duine éisteacht leo mar phíosaí ceoil leo féin.

Léiríonn rianta mar Derezzed agus The Game Has Changed go bhfuil an-chumas ag beirt Pháras go fóill agus caithfear a rá go dtógtar an fuinneamh agus luas de réir a chéile mar a leanann an t-albam ar aghaidh, ach ar an iomlán ní féidir ach bheith díomach nach mbaineann an grúpa leasa as an deis iontach a fuair siad chun cur leis an scannán seo, scannán a bhfuil an téama todhchaíoch leictreonach ag a chroí mar is amhlaidh acu féin.

Má thaitin an chéad Tron leat agus más suim leat an radharc thar aon ghné eile, bí ag amharc ar an scannán nua atá sna pictiúrlanna anois – is cinnte go mbainfidh tú sult as féin agus as an fhuaimrian a théann in éineacht leis.

Ach má bhíonn sé de nós agat cluaisíní a chur ort agus an airde a bhualadh go barr, ní bhfaighfidh tú an rud atá uait san albam seo… seans gurbh fhearr duit fanacht le Daft Punk clasaiceach nó Deadmau5.

Cillian de Búrca

Modeselektion 1 – Ceoltóirí Éagsúla
Cad é seo, go díreach?

Bailiúcháin den dord-cheol cros-síolrach is úire ar lipéad nua-bhunaithe Modeselektor Bheirlín, ceirníní Monkeytown.

Ocht bport déag ar fad de cheol nua agus eisiach ó eascartaigh mar Ramadanman, Bok Bok, Shed agus Cosmin TRG.

Agus tá seanfhondúirí mar Digital Mystikz, Apparat agus Modeselektor féin ann chomh maith!

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá saibhreas scanrúil ag baint leis an gceol atá á chruthú ag an dream seo de léiritheoirí as an smionagar de cheol dubstep; blúiríní potaireachta na stíle úd á ngreamú ar ais le chéile acu le gliú techno Detroit, glitch hop uirlise agus UK garage chun cosán i treo na todhchaí a leagadh síos.

Téann Ramadanman i ngleic le tríríní rithimeacha ar Pitter leis an lúchair spórtúil a shamhlófá le garsúin maidin Nollag.

Ní shásódh aon rud Bok Bok Londain i gcás Say Something Stupid ach a chuid ceirníní grime, Chicago House, Mantronix agus King Tubby a bhrú isteach i mála taistil agus an rud ar fad a chaitheamh síos staighre an stáisiúin Tube.

Tá an éidearfacht a bhaineann le spás-taisteal agus leis an ngrá úr araon le braith ón Space Station Love Affair tonnúil le Cosmin TRG na Rómáine.

Func-bhuama de theannas lúbach é Das Geheimnis le Siriusmo na Gearmáine agus déanann Mala fuaim dancehall na n-ochtóidí a athlonnú go fáinní seachtracha Shatairn i gcás Explorer.

Laigí?

Dá mbeadh Kristall le Housemeister trí oiread níos faide bheadh sé seacht n-oiread níos sásúla. Ach díobháil laigeacht eile atá ag baint le Modeselektion 1!

An Breithiúnas

Bíodh is go bhfuil éagsúlacht luasanna le clos ar Modeselektion 1, cinntíonn comhthuiscint aeistéitiúil na léiritheoirí atá páirteach ann go bhfuil blas leanúnach ag baint leis.

Scoth-chnuasach do na cluasáin!

Ben Ó Faoláin

Twin Shadow – Forget
Bígí ar aire, cleas atá i gceist le teideal Forget.

An chéad uair ar éist an léirmheastóir seo leis, chaith sé a chuid ama ag iarraidh ciall a dhéanamh de na cuimhní ar fad a mhúscail ceol Twin Shadow ann.

Tháinig an t-albam gan aon phreasráiteas chun an ceol a bhí laistigh a chur i gcomhthéacs.

Tá na hochtóidí le clos ann – is amhráin snasta disco-funk pop na linne sin a bhfuil ann – ach cad faoi ghlór an amhránaí féin?

Glór saibhir údarásach, ach sobhriste. Glór mór as a áilleacht féin, ach neamhchinnte ag an am céanna; macallaí de Morrissey, Ian McCulloch Echo & The Bunnymen ann, agus Edwyn Collins i ré Orange Juice ach go háirithe.

An amhránaí nua é mar sin nó duine aitheanta i bhfolach faoi chosaint ainm cleite?

Togra aonair de chuid George Lewis Jr. Florida (ach athlonnaithe go Brooklyn) atá in Twin Shadow.

Is beag is féidir a chreidiúint go bhfuil Forget ina albam début, mar go bhfuil ceol Lewis chomh gar sin don bhfoirfeacht.

Tá aitheantas éigin tuillte ag Chris Taylor ón ngrúpa Grizzly Bear as an obair léiriúcháin atá déanta aige air (is ar lipéad Taylor, Terrible Recordings, atá an t-albam á eisiúint), ach léiríonn an tslí a bhfilleann na heilimintí éagsúla d’amhráin Twin Shadow isteach ina chéile go bhfuil an-chuid macnaimh déanta ag Lewis ar chonas a fhís cheoil a chur i gcrích.

Is amhráin díreacha iad faoi na gnáthrudaí a gcanann pop-amhránaithe fúthu – grá, grá agus grá – ach canann sé línte mar “there is no key to my gate, you can still come around, lean your ladder against my window, I’ll come down” ar nós fir a bhfuil fonn te comhluadair air in ionad áite i mbabhtaí ceannais X-Factor.

Albam iontach lán de thaibhsí indie-pop na n-ochtóidí.

Ben Ó Faoláin