Nuair a bhí leithéidí Aphex Twin agus Autechre ag déanamh ath-shreangaithe ar a dtrealamh ceoil ag tús na nóchaidí chun ceol éisteachta na todhchaí a sholáthar don nglúin rave, bhí léiritheoirí mar Global Communications agus Simeon Bowring (Pentatonik) ag baint úsáide as a n-oiliúint chlasaiceach chun droichead a thógaint idir an ceol clasaiceach agus cultúr [...]
Is gnóthach an chathair í Béal Feirste an tseachtain seo le himeachtaí ag tarlú gach oíche i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach. Dé Máirt 10 Samhain is i gCumann Chluain Ard a bheas an chraic ar fad le Tráth na gCeist agus oíche mhór cheoil ar siúl sa chlub ar Shráid na Scéiche. Ócáid [...]
Beidh Blas Ceoil ar ais ar an scáileán ón oíche anocht ar aghaidh le láithreoirí na sraithe Lynette Fay agus Karen Kirby ag tosnú a dtríú camchuairt ar ionaid cheoil an tuaiscirt. Sna seachtainí amach romhainn beidh an bheirt Eoghanach álainn ag bualadh le mórcheoltóirí traidisiúnta agus comhaimseartha agus ag léiriú an chultúir áitiúil Ghaelaigh [...]
Aon duine a bhí i láthair ag Puball Gaeilge Electric Picnic i mbliana, beidh taithí acu ar an spraoi iontach a bhí le fáil ann agus leanfaidh an saghas céanna spleodair ar aghaidh Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair nuair a bheas mórócáid eile ar siúl sa Button Factory i mBarra an Teampaill, BÁC. I measc [...]
Tá Gaeil na tíre breá cleachta le bheith ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir, agus thar na blianta tá cur amach againn chomh maith ar bheith ag iarraidh tuilleadh cearta a bhaint amach don Ghaeilge. Dé Domhnaigh 11 Deireadh Fómhair, tiocfaidh an dá ghné sin le chéile nuair a bheas ócáid mhór in Aonach [...]
Postáilte ar 22.09.2009
Clibeanna: albam, comórtas, kíla
Tá a gcéad albam díolama eisithe ag an sárbhanna Gaelach, Kíla, é lán go clúdach leis na hamhráin is fearr atá taifeadta acu le beagnach 20 bliain anuas. I measc na gcnag ar The Best of/Rogha Kíla (ar bailiúchán 2 dlúthdhiosca é) tá na clasaicí, Tóg é go Bóg é, Bí Ann, Ón Taobh Tuathail [...]
“Rock ‘n’ roll is a fixation, that bom bom bom bom bom – mama’s heartbeat. I don’t like hypnotics. I’m doing a non-hypnotic music to break up the catatonic state.” Captain Beefheart Tá tuairim is caoga bliain ann ó bunaíodh an rud a dtugaimid rac-cheol air (le heisiúint ‘The Fat Man Blues’ Fats Domino in [...]
Iontas na n-iontas, ceirnín úr nua eile ón Cheanadach Neil Young, in áit, ar ndóigh, a chuid “archives” atá geallta le cúpla bliain anuas. Fork in the Road atá air, deich de rianta ina bhfuil muid ag bualadh an bhóthair arís ar thuras eile timpeall na Stát Aontaithe lenár sean-Uncail Neil. Beagán den chúlra ar [...]
Seo tréimhse na bhféilte ceoil agus cé nach bhfuil féile iomlán dírithe ar nuacheol Gaeilge againn sa tír seo – go fóill – tá ár gcairde thall i gCymru ag canadh leo i gcónaí agus an deireadh seachtaine seo cuirfear tús le féile úrnua Bhreatnaise. Beidh Y Ffin – a chiallaíónn ‘An tImeall’ – ar [...]
Buíochas le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bheas ar siúl i mBéal Feirste idir 27 Iúil & 2 Lúnasa, tá péire ticéad le haghaidh gig le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le buachan againn an mhí seo. Beidh an cheolchoirm iontach seo, le beirt de na hamhránaithe is fearr sa domhan Gaelach, ar siúl Dé Céadaoin [...]