tuilleadh aitheantais do nós*

irishwebawardIs deas an rud é i gcónaí nuair a aithnítear do chuid oibre agus tá an-áthas orainn anseo ag nós* gur tháinig cúpla gradam agus ainmniúchán inár dtreo le cúpla mí anuas.

Tugadh aitheantas dúinn ar dtús ag na Irish Webs Awards ag tús mhí Dheireadh Fómhair nuair a bronnadh an gradam, ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, ar www.nosmag.com agus aithníodh ardchaighdeán ár n-eagrán clóite chomh maith nuair a fógraíodh an mhí seo gur éirigh le nós* áit a bhaint amach ar an ghearrliosta le haghaidh ‘Best Consumer Magazine’ i nGradaim Irisí na hÉireann, an chéad fhoilseachán Gaeilge le hainmniúchán a fháil ann riamh.

Ar a bharr sin, tá bunaitheoir agus eagarthóir nós*, Tomaí Ó Conghaile, tar éis babhta ceannais ‘Eircom NI Young Entrepreneur of the Year’ a bhaint amach mar gheall ar an obair atá déanta aige leis an iris.

Ní gá a rá go bhfuil gliondar an domhain orainn as an aitheantas seo ar fad agus is léiriú é ar an obair iontach – agus deonach go dtí seo! – atá ar siúl ag rannpháirtithe nós* le bliain go leith anuas.

Tá buíochas ag gabháil chomh maith dár léitheoirí a léann an iris anseo ar líne agus i gcló gach mí – dá mbeadh gradam ann don phobal léitheoireachta is fearr, thabharfaimis daoibhse é!

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , ,

4 Freagra ar “tuilleadh aitheantais do nós*”

  1. aonghus
    11.11.2009 ag 16:52 #

    Iontach. Go deas go bhfuil siad ag fáil an t-aitheantas atá tuillte agaibh lasmuigh den gheiteo!

  2. Cuairteoir
    11.11.2009 ag 18:32 #

    Rith an rud céanna liomsa Aonghus! Is maith an rud é don teanga ar fad aitheantas mar seo a fháil sa saol mór.

  3. Gan Ainm
    19.11.2009 ag 18:51 #

    Aon scéal faoi na gradaim eile seo a leaids?! Go n-éirí libh!

  4. brian cowen
    11.01.2010 ag 00:50 #

    Ah jaysus níl an litriú i gceart acu ar an dtrófaí!

    Comhghairdeas ar aon chaoi! An-shuíomh atá tógtha agaibh.

Tabhair Freagra