T-léinte nós* ar fáil!

t-leine-gormAgus an samhradh beagnach linn, cheap muidne anseo ag nós* go mbeadh sé deas roinnt t-léinte fionnuara a dhearadh agus a chur ar fáil daoibhse, ár léitheoirí.

Shíl muid chomh maith go bhféadfadh sibhse cabhrú linn ag an am céanna chun tuilleadh síntiús a thabhairt isteach agus chun cur leis an iris.

An bealach chun ceann de na t-léinte snasta Gaelacha seo a fháil mar sin ná tú féin agus beirt chara leat a shíniú suas le haghaidh síntiúis.

t-leine-bandeargNíl le déanamh agat ag d’ainm féin, agus ainmneacha dhá chara a fuair tú le síntiús a cheannach, a chur chuig eolas@nosmag.com agus gheobhaidh tú do rogha t-léine stílmhar!

Tá buntáiste agat ar ndóigh má tá síntiús agat cheana agus, ó tharla nach bhfuil ach 100 t-léine le fáil, is fearr dul i mbun aicsin láithreach.

Bainfidh tú féin, agus muidne, táirbhe as!

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , ,

3 Freagra ar “T-léinte nós* ar fáil!”

  1. Seán Ó Coillte
    18.05.2009 ag 09:19 #

    Smaoineamh iontach!

    Tá síntiús agam agus tá mé ag cuardach 2 chara anois le síntiús a cheannach. Nuair atá siad aimsithe agam beidh mé i dteagmháil!

    Seán

  2. Áine Máire (Sárbhean!)
    18.05.2009 ag 15:23 #

    B’aoibhinn liom ceann a cheannach más féidir… go háirithe an ceann bándearg!

    An mbeidh siad ar fáil sa siopa anseo?

  3. RG Cuan
    20.05.2009 ag 10:18 #

    An-snasta. M’ainm agus beirt chara a fuair mé le síntiús a cheannach seolta ar aghaidh chugaibh a lucht nós*!

Tabhair Freagra