Siombail nua don Ghaeilge?

Ó tharla cúrsaí stíl agus beatha bheith faoi chaibidil i bhforlíonadh na míosa seo, cheap muidne ar fhoireann nós* gur fiú aird a dhíriú ar rud atá an-ghar dár gcroíthe uilig – faisean na nGael.

Ní ar éadaí chainteoirí Gaeilge atá muid ag trácht go díreach, ach ar na comharthaí sin a chuireann in iúl go bhfuil an chéad teanga náisiúnta ar ár dtoil againn.

Le fada an lá, ba é an Fáinne an t-aon bhealach le tabhairt le fios go raibh Gaeilge agat ach le déanaí tá an iliomad suaitheantas agus eile tar éis theacht ar an saol agus iad anois ar taispeáint ag Gaeil áirithe i gcéin agus i gcóngar.

Ní hionann agus roinnt pobal teanga eile san Eoraip, áfach, ní nós an-choitianta é anseo comhartha a úsáid le cur in iúl gur cainteoir Gaeilge tú, agus tá gach siombail nó suaitheantas atá againn éagsúil óna chéile gan aon ghné choitianta acu.

An bhfuil sé in am dúinn mar sin siombail úr a aimsiú don Ghaeilge, comhartha a bheadh in úsáid againn ar fad ar bhealach amháin nó eile?

D’fhéadfadh siombail láidir nua ár bpobal a neartú agus a dhéanamh níos feiceálaí.

D’fhéadfaí é a úsáid ar t-léinte, greamáin, suaitheantais, bratacha, fógraí, siopaí, bialanna, agus fios láithreach ag cách gur cainteoir Gaeilge tú nó go bhfuil Gaeilge á labhairt in áit ar leith.

B’fhéidir gur leagan úr den Fháinne é (le G don Ghaeilge b’fhéidir?)… cá bhfios, ach cuirimis tús leis an bplé!

Cad é a cheapann sibh féin?

Clibeanna: ,

15 Freagra ar “Siombail nua don Ghaeilge?”

  1. Diarmuid
    06.11.2010 ag 12:26 #

    Dar liom féin gur smaoineamh maith é seo.

    Mar a deir sibh, d’fhéadfaí an siombail úr a chur ar gach rud a bhaineann leis an teanga, agus is maith liom an smaoineamh faoi bhrat éigin bheith againn ach go háirithe.

    Is dóigh liom freisin go bhfuil sé tábhachtach go dtagann sé seo ón bpobal féin, seachas an treoir a fháil ón Fhoras ón dream éigin. Níl le déanamh againn ach tús a chur leis an rud!

  2. Fáinne Óir
    06.11.2010 ag 12:32 #

    Tá smaointe úra mar seo ag teastáil uainn.

    Taitníonn sé liom an tslí a bhfuil an fáinne fós le feiceáil sa tsiombail atá thuas… tús maith.

  3. Caitlín
    06.11.2010 ag 12:36 #

    Thaitin an fáinne i gcónaí liom (cé nach bhfuil ceann bainte amach agam go fóill!) ach is docha go bhfuil sé cineál seanfhaiseanta. Dá mbeadh níos mó béime curtha air, afách, seans go mbeadh sé i bhfad níos coitianta.
    É sin ráite, chím an-chuid daoine ag dul thart le t-léinte breatha orthu, agus tá sé sin i bhfad níos cool gan amhras. Bheadh sé deacair achan duine a shasamh, idir shean agus óg, le rud amháin, dearfainn.

  4. RG Cuan
    06.11.2010 ag 12:47 #

    Bheadh sé deacair achan duine a shasamh, idir shean agus óg, le rud amháin, dearfainn.

    Aontaím leat ó thaobh stíle de ach sílim go mbeadh sé iontach dá mbeadh siombail ann a dtiocfadh linn a chur ar shiopaí, bialanna srl. atá ar son na Gaeilge.

    Agus cuidíonn an brat atá ag an phobal aerach go mór leo a bpobal féin a neartú agus a dhéanamh níos feiceálaí… dá mbeadh a leithéid ag na Gaeil!

  5. Ian Mac Murchaidh
    06.11.2010 ag 18:40 #

    Ní chiallaíonn an “G” seo an Ghaeilge amháin dar liom, ach Gael nó Gaelach fosta

    • Méabh
      07.11.2010 ag 12:31 #

      Sar smaoineadh! Cén dóigh a dtiocfadh linn an pobal ar fad a thabhairt isteach san fhiontár ionas go mbeidh na gaeil sa tír a úsáid? Dá mbeidh feachtas agus lánseáil éigean, thiocfadh b’fhéidir an lánseáil a cheangailt le Rith 2012. Thiocfadh ceangailt éigean a bheith ag an siombal nua leis an fáinne. Fáinne, slabhra,charm beag fáinní cluasa d’ardchaighdeáin. Fograí sna bialann agus blosacaireacht saor an aisce do na bialann a ghlacann leis agus le chur chun cinn na Gaeilge.

  6. Jimmy
    06.11.2010 ag 19:47 #

    Ceard atá chearr leis an bhfáinne? Is symbol an simplí í rud a chialaíonn go fanfaidh sé i stíl le blianta. Freisin tá tuiscint ag an bpobal den rud a sheasann sé do cheanna féin, bheadh ort tabhairt faoi feachtas margaíocht.

    Tá an argóint ann go bhfui an fáine seanaiseanta, ach nach é na daoine a chaitheann é atá seanaiseanta bh’féidir. Dá mba rud go thóg gluain nua óg gréim air agus usáid a bhaint as an mbeidh sé seanaiseanta? Tá an teanga fhéin sean ach is féidir í a bheith óg agus nua aimsirthe is í a labhairt ag dream óg agus nuaaimsirthe. Tá féidireacht ann an fáinne a bheith i ndathanna eile, patterns eagsuil ar nós cludach fóns 7rl, ó thaobh stíl faoi leith a bheith ann.

    Ó thaobh seirbhísí de, baineann an seirbhís le daoine. Má tá siopa ann braitheann an séirbhís gaeilge ar dhaoine ag obair ann. Ba chóir go mbeidh an symbol orthu na ar an siopa fhéin. Bheadh sé deas dá mbeadh luach curtha ar fostaitheoirí ar daoine atá in ann seirbhís gaeilge a thabhairt, tugann an fáinne deis forbairt ar sin.

    Cheapam go mbeidh an symbol thuas deas ar símh idirlíonn, brochures 7rl ach ag deireadh an lae baineann ann seirbhís gaeilge le daoine agus cheapam go mbeidh an fháine níos fearr ar daoine. Baineann an brat aerach le ‘fáilte roimh pobal faoi leith’ seachas seirbhís faoi leith ar fáil don phobal.

  7. Braoin
    06.11.2010 ag 23:21 #

    Ní haon dochar é ar chor ar bith suaitheantas den chineál seo a chur i measc an phobail – deas an smaoineamh é. Ach ná déantar an rud céanna leis agus a rinneadh leis an bhfáinne – ní bhíonn oiread agus siolla ar aon bhealach radio ná teilifíse faoin bhfáinne nó faoin bhfáth a gcaití é, agus dá bharr sin níl a fhios ag éinne céard é!!
    Tá an fáinne á chaitheamh leis na blianta fada agam agus le déanaí ní cuimhin liom beirt a tháinig agus a labhair Gaeilge liom mar gheall air nó fiú a d’aithin ar chor ar bith é!

  8. An Sionnach
    07.11.2010 ag 21:10 #

    Thar aon ní eile tá brat ag teastáil uainn, bheadh sé iontach sin a chothú. Is féidir linn díreach fáinne óir a chur ar bhrat ach is dóigh liom go bhfuil sé sin sach doiléir. Fáinne agus G? Tá ciall leis ach cad faoi na dathanna? B’fhéidir pé dathanna is mian leat ach an struchtúr bheith aitheanta.

    Ba bhreá liom brat na Gaeilge a chur ar mo thigh féin!

  9. Aodhán
    07.11.2010 ag 22:02 #

    Tá an iomarca siombail ann cheana féin. Níl muid ach ag cruthú fadhbanna aitheantais le siombail nua eile. As na siombail ar fad atá ann is í an Fáinne an siombail don Ghaeilge is aitheanta. Tuigeann daoine é fiú múna bhfuil siad sásta é a caitheamh iad féin.

    An ceist gur ceart dúinn cuireadh ná cén fáth nach bhfuil daoine sásta an Fáinne a caitheamh?

    Bím ag caitheamh an fáinne gach lá agus tá 3 fáth ann nach caitheann daoine é dar liom féin

    1.Praghas
    €5.50 ar píosa beag de miotal óir. Tá an praghas iomlán seafóideach. Téigh isteach i Carrolls Irish Gift Store nó áit ar bith mar sin agus tá tú in ann gach saghas suaitheantas nó biorán a fháil ar €1 nó níos saoire. B’fhéidir nach bhfuil sé ró costasach fáinne amháin a fháil ar €5.50 ach má caitheann tú an fáinne gach lá bíonn siad éasca go leor le cailliúint.

    Ba cheart go bhfuil muid ag díol an méid is mó is gur féidir gan a bheith buartha faoin brabús. Mar siombail ba cheart go bhfuil muid ag smaoineamh ar iad a dhíol ar ná sráideanna ar nós “Daffodil Day” ar €1 nó €2 I rith Seachtain na Gaeilge.

    Tuigim go bhfuil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarradh an gnó a coimeád sa tír agus déarfainn go bhfuil siad ag úsáid comhlacht Éireannach ach má cosnaíonn sé €5 in Éirinn agus 5c sa tSín caithfimid a bheith ciallmhar.

    2.Íomhá & An scrúdú
    Is minic a dheireann daoine liom nach bhfuil siad chun fáinne a cheannach toisc an scrúdú agus go bhfuil siad buartha nach bhfuil Gaeilge maith go leor acu. Níl scrúdú ann a thuilleadh ach caithfimid fáil réidh leis an íomhá sin. Ní caithfidh Gaeilge foirfe a bheith agat chun an fáinne a caitheamh. Má tá daoine sásta pé Gaeilge atá acú a úsáid go laethúil ba cheart go bhfuil cead acu an fáinne a caitheamh.

    Caithfidh muid íomhá oscailte a cruthú- gur féidir le duine ar bith é a caitheamh má tá siad sásta í a labhairt. Uaireanta bíonn daoine ag rá go bhfuil mé “showing off” nuair atá mé á caitheamh- seo an íomhá iomlán mícheart.

    3.Tá Gaeilge agam- tá fhios ag gach duine ar aon nós
    Bíonn an cuid daoine ag rá liom nach caitheann siad an Fáinne toisc nach bhfuil aon gá- Tuigeann cairde agus clann go bhfuil Gaeilge aige/aicí.

    Níl an fáinne ann mar siombail i gcomhair cairde & clann- tá sé ann le thaispeáint de dhaoine fánach a buaileann tú le go bhfuil Gaeilge agat. Buaileann muid uile le cúpla duine nua gach lá – tá an fáinne ann le thaispeáint de na daoine sin gur fearr leat labhairt leo as Gaeilge- an siopadóir, an tiománaí bus, cairde atá ag do cairde, teagmháil gnó, pé duine. Ní aontaíom le Braoin thuas- bím féin ag caitheamh é agus aithníonn neart daoine nua é agus labhraíonn siad liom de bharr é.

    I mo thuairim réitigh an fhadhb mar atá sé in ionad níos mó fadhbanna a cruthú le siombail iomlán nua.

    Brón orm faoin rant ach táim paiseanta faoi.

    Agus is maith liom an íomhá thuas ach níl aon gá. Tá stíl leis an Fáinne – is féidir é a caitheamh ar éadaí ar bith- b’fhéidir gur féidir linn íomhá mar seo a úsáid ar bratacha srl.

    Bhí caint le déanaí faoi “G” a fháil ar na comharthaí bóthair (na comharthaí donn le cé mhéid km go dtí stáisiún petrol, óstan srl) ag taispeáint gur féidir Gaeilge a úsáid sa bhaile sin- is breá liom an smaoineamh seo

  10. Eoghan Ó Murchadha
    07.11.2010 ag 22:44 #

    Aontaím go hiomlán leat a Aodháin, mar atá ráite agam cheana. Tá an G rud deas go leor ach ní fiú am a chaitheamh amú le bheith ag iarraidh rud nua a phoibliú, tá roinnt mhaith rudaí eágsúla tagtha ar an bhfód le 10 mbliana anuas, béal na ngael, teach na Gaeilge agus cúpla rud eile. Fágann seo nach mbíonn eolas ag roinnt béarlóirí agus fiú Gaeilgeoirí ar an bhfáinne. Mura ndéanfadh daoine iarracht na rudaí seo a chur chun cinn bheadh an fáinne agus an Ghaeilge níos fearr as.

  11. Eoghan Ó Murchadha
    07.11.2010 ag 22:47 #

    Ó agus an mbíonn tú ag caitheamh d’fháinne i mbosca dorcha gan daoine a bheith ag bualadh leat riamh a Bhraoin? Mar cé nach ach go tráthúil a chaithim an fáinne (~30 faoin gcéad den am) is annamh nach dtugann daoine faoi deara é ach go háirithe daoine lena mbualaim leo den chéad uair, ach arís eile tá sé tábhachtach fiú don duine sin a bhfuil seanaithne agat orthu- léiríonn sé an bród atá ort faoin teanga agus go bhfuil tú sásta sin a thaispeáint do chách.

  12. Diarmuid
    08.11.2010 ag 00:09 #

    Ní dóigh liom go bhfuil an duine ag rá fáil réidh leis an bhFáinne, ba chóir daoine a spreagadh chun é a úsáid, ach tá gá le rud éigin eile ar féidir a úsáid ar bhratacha, nó ar thairgí srl.

    Ní mór dúinn muid féin a dhéanamh níos feicealaí mar phobal, bíodh sin tríd an Fáinne a chaitheamh, nó chomharthaí a chur ar fhuinneoga, nó ár mbratacha féin a úsáid. Bheadh sé iontach dá mbeadh brat na Gaeilge ar foluain ó Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ón gCultúrlann, ó Áras na nGael agus ó gach pub, caife, óstán, scoil srl. atá Gaelach agus bródúil as.

    Dála an scéil Aodhán, chuala mé go bhfuil G le feiceáil anois ar roinnt comharthaí bóthair ó thuaidh atá i mBéarla amháin. B’fhéidir go mbeadh níos mó eolais ag RG faoi sin, mar tá a fhios agam go bhfuil suim aige sna cúrsaí sin!

    :-)

  13. RG Cuan
    08.11.2010 ag 11:44 #

    Mise? Comharthaí? Yeah, chonaic mé cúpla ‘G’ le ciorcal nó fáinne thart orthu peainteáile ar chomharthaí ar an M1/A1. Breá simplí ach éifeachtach.

    Sílim féin gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag cur An Fáinne chun cinn ach nuair atá rud éigin níos soiléire de dhíth, bh’fhéidir go mbeadh An Fáinne le G níos fearr.

Tabhair Freagra