Tá an lá mór tágtha, bliain eile ag teacht chun deiridh agus ceann úrnua le tosnú go luath.
Am speisialta, draíochta fiú, den bhliain é seo ina ngabhann muid buíochas as gach dá bhfuil againn agus ina ndéanann muid ceiliúradh le clann agus cairde.
Tá nós* ag déanamh ceiliúrtha chomh maith ar bhliain iontach d’fhoilsiú ar líne agus i gcló. Tá an-dul chun cinn déanta ag an iris ó tháinig sí ar an saol i Márta 2008 agus tá muidne, foireann nós*, an-bhuíoch ar fad as an tacaíocht atá faighte againn ó léitheoirí i gcongar is i gcéin.
Mar chomhartha ar an bhuíochas sin, gheobhaidh sibh físeán speisialta – Teachtaireacht nós* na Nollag – anseo thíos agus sa rannóg Físeáin.
Is tús é an físeán seo le forbairt nua ar nosmag.com ina mbeidh tuilleadh físeán dár gcuid féin á fhoilsiú againn ar bhonn rialta – coinnigh súil amach lena aghaidh seo sa bhliain úr.
Athrú eile a bheas le feiceáil in 2010 ná go bhfoilseofar an leagan clóite de nós* gach dara mí. Is togra deonach é nós* nach bhfaigheann aon mhaoiniú mar sin cabhróidh sé seo le cúrsaí airgid agus cuirfidh sé ar chumas na foirne eagráin níos suntasaí a chur ar fáil agus dul chun cinn leanúnach a chur i gcrích.
Tá foireann nós* paiseanta faoin táirge a chuireann muid ar fáil ar líne agus i gcló agus, le cabhair ár bpobail léitheoireachta, rachaidh muid ag forbairt agus ag cur leis an iris sa tréimhse amach romhainn.
Míle buíochas arís le nósadóirí an domhain, bígí ag súil leis an chéad eagrán clóite eile ag tús na bliana nua agus bainigí súp as na laethanta saoire!









Iontach a lucht nós*, iontach ar fad.
Maith sibh as gach rud atá bainte amach agaibh – cuireann bhur n-obair go mór le saol na teanga – agus gach rath oraibh sa bliain úr.
Ó fhear traochta in Lappland
LOL – GOA! An-mhaith leaids, Nollaig Shona dhaoibh féin!
Ha ha! Yeah, yeah is maith liom é!
Thar a bheith greannmhar _ sna trithe gáire!! Comhghairdeas! Beidh misneach againn uilig cinnte- saighdiúirí ar son Na gaeilge! Nós abú! X 100000000000. Nollaig Shona xx
Nollaig Shona Daoibh de SAM!!!!!! Ca bhfuil Daidí na Nollaig anseo?
Iontach ar fad a Thomaí, i bhfad níos fearr ná an bhean sin a raibh annus horiblus aici! Nollaig Shona agus súil agam go mbeidh bliain iontach ag nós agus na nósadóirí ar an bhliain seo chugainn! Nós abú!
Bualadh bos mór tuilte agaibh a lucht nós*, is sibhse is mó a chuireann splanc sna meáin Ghaeilge – físeán agus iris iontach!
Maith sibh, oráid ábhairín Il Duce-úil!!!!!
Iontach go bhfuil bliain iomlán saolta agaibh!
Fair plé agus athbhliain faoi mhaise daoibh!
Sintius agam cheana a Ghaeil nos* & ana-shuim agam an nuacht a scaipeadh.
Gach rath oraibh & suil agam cloisteail uaibh go luath.
An reabhloid abu