Tá an-áthas orainn anseo ag nós* go bhfuair ár suíomh idirlín ainmniúchán i nGradaim Idirlín na hÉireann, a fógraíodh le déanaí.
Tá nosmag.com ar an ghearrliosta sa rannóg ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, agus is cinnte go mbeidh iomaíocht ghéar idir na Gaeil is gnéasaí ar an ngréasán! Is féidir na gearrliostaí a léamh thall ag suíomh Irish Web Awards.
Bronnfar na gradaim éagsúla ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath 10 Deireadh Fómhair agus tá súil ag foireann nós* go mbeidh muid in ann sos a ghlacadh ón obair agus bheith i láthair ar an oíche!
Agus ag caint ar nosmag.com, tá conradh fógartha ag Foras na Gaeilge le haghaidh irise Gaeilge ar líne, a mhairfeadh trí bliana. Breis eolais anseo.
Ní gá dúinn a rá go mbeidh nós* ag cur isteach ar an chonradh seo – a chuirfeadh go mór le seirbhísí an tsuímh dá mbainfeadh muid é – agus coinneoidh muid ar an eolas sibh faoi sin, agus faoi aon fhorbairt eile atá ar na bacáin.





Maith sibh! Ádh mór le gach rud!
Go n-éirí libh a nósadóirí!
Chuala mé gur bhuaigh sibh, comhghairdeas! Tuillte agaibh gan amhras!