Tá foireann nós* ag teacht ar ais chucu féin inniu tar éis oíche mhór na meán Gaeilge i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath.
Bhí slua breá i láthair ag bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus cé nár bhuaigh nós* aon ghradam an iarraidh seo ba dheas an rud é bheith ainmnithe agus aitheantas náisiúnta a fháil.
Ba dheas an rud é chomh maith bheith in ionad chomh gleoite le teach aíochta an tStáit agus cuireann muid fáilte roimh na forbairtí atá á ndéanamh ar na gradaim bhliantúla. Cá bhfios nach mbeidh an ócáid is mó i saol na meán Gaeilge le feiceáil ar an teilifís ar an bhliain seo chugainn?
Seo thíos liosta na mbuaiteoirí. Comhghairdeas leo ar fad!
Sraith Teilifíse na Bliana: In the Name of the Fada (Peer Pressure do RTÉ)
Pearsa Teilifíse na Bliana: Dáithí Ó Sé (TG4)
Aisteoir na Bliana: Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)
Sraith Raidió na Bliana: Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Pearsa Raidió na Bliana: Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Iriseoir na Bliana: Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)
Colúnaí na Bliana: Cathal Mac Coille (Foinse)
Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais: Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)









Maith sibh lucht nós*, moladh mór tuillte agaibh. Tá súil agam go raibh an-oíche agaibh.
Nós* woz robbed! B’é bunú nós* ceann de scéaltaí móra na bliana sna meáin Ghaeilge agus bhí gradam tuillte agaibh as sin amháin, gan trácht ar fheabhas bhúr bhfoilseachán. Táim ag obair ar smaoineamh úr, togra nua chun aitheantas mar is ceart do shaothair trí Ghaeilge ar an idirlíon. Ba cheart go mbeadh ár ngradaim féin againn – cosúil leis na Irish Blog Awards. Gradaim Cumarsáide 2.0!
Tuilleadh faoin splanc seo ar ball ar iGaeilge!