Fáilte!

Fáilte romhaibh chuig suíomh úrnua nós*, an iris Ghaeilge is snasta agus is úire ar an mbloc.

Tá beagnach bliain ann ó seoladh nós* ar líne agus is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin i leith.

Ní hamháin go bhfuil iris chlóite ag teacht amach anois gach mí ach le forbairt nosmag.com tá tairseach iontach ilmheáin ag ár léitheoirí chun an nuacht is déanaí ó shaol an cheoil, an scáileáin, na teicneolaíochta, na stíle agus eile a fháil ar bhonn rialta.

Tá ábhar ó na hiar-eagráin, agus ábhar nua, á chur ar an suíomh úrnua de réir a chéile agus beidh sé faoin lán seoil roimh Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta.

Idir an dá linn is féidir dul i taithí ar ár mbaile nua agus sult a bhaint as a bhfuil anseo faoi láthair.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: ,

6 Freagra ar “Fáilte!”

  1. Buachaill BÁC
    19.02.2009 ag 12:30 #

    Maith sibh a chairde, tá an suíomh seo dochreidte!

    Gach rath ar an gcuid eile den obair!

    • Seán Mac D
      19.02.2009 ag 13:20 #

      Wow… tá éacht eile déanta agaibh a lucht nós*

  2. Ciarán ar Cuairt
    19.02.2009 ag 15:33 #

    Chuala mé ansin go raibh suíomh nua agaibh ach níor cheap mé ariamh go mbeadh sé mar seo! Íosa lads ach tá sibh ag déanamh sároibre anseo dúinn. Gur fada buan nós*!

  3. Aonghus Dwane
    25.02.2009 ag 10:34 #

    Comhghairdeas a Thomaí- suíomh iontach, snasta, cuimsitheach agus tarraingtheach. Nár laga Dia do lámh!

  4. Scott De Buitléir
    02.03.2009 ag 12:29 #

    Tomaí, is féidir liomsa scríobh ar an mblag seo! ;)

  5. Gearóid
    18.03.2009 ag 14:52 #

    Sár-ghaisce déanta agaibhse ar fad. Comhgairdeas libh!

Tabhair Freagra