Rannóg: blog nós*

Fáilte!

Fáilte romhaibh chuig suíomh úrnua nós*, an iris Ghaeilge is snasta agus is úire ar an mbloc.

Tá beagnach bliain ann ó seoladh nós* ar líne agus is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin i leith.

Ní hamháin go bhfuil iris chlóite ag teacht amach anois gach mí ach le forbairt nosmag.com tá tairseach iontach ilmheáin ag ár léitheoirí chun an nuacht is déanaí ó shaol an cheoil, an scáileáin, na teicneolaíochta, na stíle agus eile a fháil ar bhonn rialta.

Tá ábhar ó na hiar-eagráin, agus ábhar nua, á chur ar an suíomh úrnua de réir a chéile agus beidh sé faoin lán seoil roimh Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta.

Idir an dá linn is féidir dul i taithí ar ár mbaile nua agus sult a bhaint as a bhfuil anseo faoi láthair.

Scéaltaí Eile:

6 Trácht ar “Fáilte!”

  1. Buachaill BÁC says:

    Maith sibh a chairde, tá an suíomh seo dochreidte!

    Gach rath ar an gcuid eile den obair!

  2. Ciarán ar Cuairt says:

    Chuala mé ansin go raibh suíomh nua agaibh ach níor cheap mé ariamh go mbeadh sé mar seo! Íosa lads ach tá sibh ag déanamh sároibre anseo dúinn. Gur fada buan nós*!

  3. Comhghairdeas a Thomaí- suíomh iontach, snasta, cuimsitheach agus tarraingtheach. Nár laga Dia do lámh!

  4. Tomaí, is féidir liomsa scríobh ar an mblag seo! ;)

  5. Gearóid says:

    Sár-ghaisce déanta agaibhse ar fad. Comhgairdeas libh!


Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here